Episoder
-
Plé sa stiúideo maidir le iarrachtaí rilatas a chuir le chéile, le Félim Ó Maolmhána, Áine Ní Scanláin agus Séamas Ó Loingsigh.
-
Labhrann Barra Mac Aodha Bhuí le Seán Ó Drisceoil maidir le pleananna droichead a thógáil idir Tuaisceart Éirinn agus Albain.
-
Manglende episoder?
-
Bhí ócáid ag an bpáirtí nua Aontú i mBaile Fhormaid inniu áit ar fógraíodh na h-iarrthóírí a bheas ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla i mí Bealtaine. Labhair Conchúir Ó Créimin linn. Bhí Máirtín Ó Fainín, Pádraigh Ó Muircheartaigh agus Séamas Mac Giolla Ruadh sa stiúideo.
-
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag labhairt faoi thuarascáil a oifige don bhliain 2018.
-
Labhair an saineolaí taistil Eoghan Corry linn. Lean an phlé sa stiúideo le Félim Ó Maolmhána, Séamas Ó Loingsigh agus Seosaimhín Russell.
-
Is comhairleoir cathrach i lár na cathrach do Pháirtí na nOibrí í Éilis. Labhair sí linn faoin bplean go ndéanfadh an pobal ardmhéara a thoghadh go díreach do chomhairlí áitiúla timpeall na tíre. Creideann sí go bhfuil an tuarastal, €130,000, atá luaite leis an bpost iomarcach.
-
Tá an t-aighneas faoi easnamh aifrinn ghaeilge i nDún Laoghaire ag leanúint ar aghaidh. Beidh aifreann gaeilge i Séipéal Naomh Mícheál amárach le haghaidh Lá 'le Pádraig ach níl aon réiteach fadtéarmach ann go fóill. Labhair Bríd Nic Shamhráin linn.
-
Roghnaigh an páirtí nua, Aontú, iarrthóir do na toghcháin áitiúla i Rath Fearnáin aréir. Labhair cathaoirleach an chumainn áitiúil, Conchúir Ó Creimín linn. Beidh na toghcháin áitiúla, mar aon le toghcháin do pharlaimint na hEorpa ar siúl i mí Bealtaine.
-
Labhair Donnchadh Mac Niallais, a bhí i láthair i nDoire ar Dhomhnach na Fola sa bhliain 1972 linn. Rae Ó Ceallaigh agus Séamas Ó Loingsigh a bhí ag plé an ábhair sa stiúideo leis an láithreoir Barra Mac Aodha Bhuí.
-
Labhair Eoghan linn faoin méad a bhí le rá ag státrúnai an tuaiscirt, Karen Bradley, faoi saighdiúirí breatanacha a mharaigh daoine le linn na dtrioblóidí ó thuaidh.
-
Labhraíonn an t-iriseoir Eoin Ó Néill le Barra Mac Aodha Bhuí mar gheall ar theip na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin.
-
Conall Ó Móráin ag plé Air Berlin bancbhriste, Banc Ceannais na hEorpa buartha faoi luach an euro, Quinnbet – comhlucht nua le Seán Quinn
-
An Comhairleoir Naoise Ó Cearúil FF agus é ag plé na srianta tráchta nua i lár na cathrach a chuirfidh cosc ar charanna taisteal ó dheas trasna Droichead Uí Chonaill
-
Labhraíonn Frank Allen, Cathaoirleach DePaul faoi fadbh na ndaoine gan dídean agus an freastal a dhéanann DePaul orthu.
-
Tadhg Ó Cruadhlaoich ar bhóthairín na smaointe agus laethanta geala U2 faoi chaibidil aige.
-
Aodhán Ó Dea ó Chonradh na Gaeilge ag caint mar gheall ar na figiúirí is déanaí ón bPríomhoifig Staidrimh i leith na Gaeilge.
-
Caitríona Uí Shuilleabháin ó Maker Dublin ag caint linn mar gheall ar Maker Dublin atá ar siúl i gCearnóg Mhuirfean inniu.
-
Dónall Mac Ruairí agus Máire Ní Bhraonáin ag caint le Barra mar gheall ar Fhéile Swell atá ar Oileán Árainn Mhór faoi láthair.
-
Bhuail Seosaimhín Russell isteach chugainn chun tuairisc a thabhairt dúinn mar gheall ar The Great Gatsby atá ar siúl in Amharclann an Gheata i láthair na huaire.
-
Ailbhe O'Daly ag caint le Barra mar gheall ar Fhéile na Saoirsí 2017.
- Vis mere