Episodes

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2dhy5os7

    Contact: [email protected]
    Leo XIV: American, Augustinian, Missionary.
    Leo XIV: Meiriceánach, Aibhistíneach, Misinéir.
    Robert Francis Prevost is the next pope of the Catholic Church and will be known to the general public as Leo XIV.
    Robert Francis Prevost é an chéad phápa eile ar an Eaglais Chaitliceach agus mar Leo XIV a bheidh aithne ag an bpobal mór air.
    It was not expected that the successor to Princip would come from America, but his appointment is a strong indication that there will be a certain continuity between the work of Leo XIV and Princip.
    Ní raibh súil gur as Meiriceá a thiocfadh an comharba ar Phrionsias, ach nod láidir é a cheapúchán go mbeidh leanúnachas áirithe idir obair Leo XIV agus Prionsias.
    Robert Prevost, who was not appointed cardinal until 2023, is from Chicago, Illinois, and is one of the 80 men appointed cardinals by Pope Francis since 2013.
    As Chicago Illinois é Robert Prevost, nár ceapadh ina chairdinéal go dtí 2023, duine de na 80 fear a cheap Prionsias ina gcairdinéil ó 2013.
    Robert Prevost was born in 1955 in Chicago, Illinois, and entered the priesthood in the Augustinian order there, before graduating with a degree in mathematics from Villanova University in Philadelphia.
    I 1955 i Chicago Illinois a rugadh Robert Prevost, agus chuaigh sé isteach sna sagairt san ord Aibhistíneach ansin, sular bhain sé céim amach sa matamataic in Ollscoil Vilanova i Philadelphia.
    He also earned degrees in theology, one of which was a doctorate in Rome.
    Bhain sé céimeanna amach sa diagacht freisin, ceann acu sin ina dhochtúireacht sa Róimh.
    In 1985 he headed to Peru where he spent 14 years as a missionary in one of the poorest countries in the world.
    I 1985 thug sé aghaidh ar Pheiriú áit ar chaith sé 14 bhliana déag ina mhisinéir i gceann de thíortha bochta an domhain.
    It was brought back to America in 1999 where it was introduced to the Aussies there and around the world.
    Tugadh ar ais chuig Meiriceá e i 1999 áit a cuireadh é i mbun na nAibhistíneach ansíúd agus ar fud an domhain.
    But Francis sent him back to Peru in 2014, this time as bishop of Chiclayo in the north of that country, and it was there that Francis called him to Rome in 2023.
    Ach chuir Proinsias ar ais chuig Peiriú é i 2014, an uair seo ina easpag ar Chiclayo i dtuaisceart na tíre sin, agus is ann a bhí sé gur ghlaoigh Proinsias chun na Róimhe é i 2023.
    When Prevost was put in charge of the institution that advises the Pope on the appointment of a new bishop, it was clear that Princip wanted to give him power and status.
    Nuair a cuireadh Prevost i mbun an fhorais a chuireann comhairle ar an bPápa faoi easpag nua a cheapadh, ba léir go raibh Prionsias ag iarraidh cumhacht agus stadas a thabhairt dó.
    Not long after that, he became a cardinal, the highest rank in the church other than the pope himself.
    Níorbh fhada ina dhiaidh sin a rinneadh cairdinéal de, an chéim is airde san eaglais seachas an pápa féin.
    Francis was confident in his ability to communicate with the different factions in the church and his moderate stance on many controversial issues.
    Bhí muinín ag Proinsias as a chumas cumarsáide leis na heití éagsúla san eaglais agus an seasamh measartha a bhí aige as go leor ceisteanna conspóideacha.
    The direction that Prevost would follow was clear upon Francis' death.
    Bhí sé soiléir ar bhás Phroinsias an treo a leanfadh Prevost.
    He said that the work could not be stopped or turned back, saying that the same strong message was always there: proclaim Jesus Christ and proclaim the Gospel.
    Dúirt sé nach bhféadfaí an obair a stopadh ná casadh ar ais, á rá go raibh an teachtaireacht chéanna láidir ann i gcónaí: fógair Íosa Críost agus fógair an Soiscéal.
    But he also said that it needed to be told in a way that the youth, the poor and politicians could hear it in their own way.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26q4o68l

    Contact: [email protected]
    A secret assembly to elect a Pope has begun.
    Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh.
    133 Cardinals of the Catholic Church from 70 countries around the world have begun the secret conclave in the Vatican this evening to elect a new Pope.
    Tá tús curtha ag 133 Cairdinéal as an Eaglais Chaitliceach ó 70 tír ar fud an domhain tráthnóna leis an gcomhthionól rúnda sa Vatacáin chun Pápa nua a thoghadh.
    The Cardinals attended Mass in St. Peter's Basilica this morning.
    D'fhreastail na Cairdinéil ar Aifreann i mBaisleac Pheadair ar maidin.
    In the evening, they gathered in the Sistine Chapel in the Vatican to begin the official process.
    Tráthnóna, bhailigh siad le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil.
    The 133 cardinals were sworn to secrecy before the church doors were closed.
    Cuireadh an 133 cairdinéal faoi mhionn rúndachta sular dunadh doirse an tséipéil.
    The cardinals will have no contact with anyone outside the congregation until a successor to Pope Francis, who died last month, has been chosen.
    Ní bheidh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól go dtí go mbeidh comharba ar an bPápa Prionsias a bhásaigh an mhí seo caite roghnaithe.
    A Pope has not been elected on the first day of the secret assembly for centuries.
    Níor toghadh Pápa ar an gcéad lá den chomhthionól rúnda leis na céadta bliain.
    It is estimated that the cardinals may continue voting for several days before one cardinal has received enough votes to be appointed the 267th Pope of the Catholic Church.
    Meastar go bhféadfadh sé go leanfaidh na cairdinéil i mbun vótála ar feadh roinnt laethanta sula mbeidh dóthain vótaí faighte ag cairdinéal amháin chun é a cheapadh ina 267 Pápa ar an Eaglais Chaitliceach.
    There will be one ballot today.
    Ballóid amháin a bheidh ann inniu.
    Starting today, Cardinals will be able to vote up to 4 times a day.
    Ón lá inniu ar aghaidh, beidh na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá.
    According to rules implemented by Pope Paul VI in 1970, Cardinals must be under 80 years of age to be able to vote.
    De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh.
    A secret assembly has begun to elect a Pope A secret assembly has begun to elect a Pope
    Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh

  • Missing episodes?

    Click here to refresh the feed.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2azdcv83

    Contact: [email protected]
    Trump has celebrated his first 100 days in office.
    Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig.
    United States President Donald Trump held a rally in Michigan yesterday to celebrate his first 100 days in office, in his second term as President.
    Bhí slógadh i Michigan ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné leis an chéad 100 lá atá caite in oifig aige, ina dhara téarma mar Uachtarán, a cheiliúradh.
    President Trump stood by what he says he has done so far and claimed that as a result, prices have decreased, that a lot of investment has been made in the economy and that America is respected again around the world.
    Sheas an tUachtarán Trump leis an méid a deir sé atá déanta aige go dtí seo agus mhaígh sé go bhfuil praghasanna laghdaithe dá bharr, go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar agus go bhfuil meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain.
    President Trump said that his Administration has done better in its first 100 days in office than any other Administration in the history of the United States.
    Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh i stair na Stát Aontaithe.
    The President said that illegal immigration has been combated, that trade tariffs are being imposed on goods coming into America and that federal workers are being cut.
    Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear tar éis dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, go bhfuiltear ag gearradh táillí trádála ar earraí a thagann isteach go Meiriceá agus go bhfuiltear ag gearradh siar ar oibrithe feidearálacha.
    Meanwhile, US Secretary of State Marco Rubio has warned that the United States will withdraw from its role in mediation talks between Russia and Ukraine unless both countries implement practical plans to end the war.
    Idir an dá linn, tá foláireamh tugtha ag Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, go dtarraingeoidh na Stáit Aontaithe siar as a ról sna cainteanna idirghabhála idir an Rúis agus an Úcráin, muna gcuireann an dá thír pleananna praiticiúla i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an gcogadh.
    Donald Trump commemorates his first 100 days in office with rally in Michigan
    Comóradh déanta ag Donald Trump ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh i Michigan

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2csee66f

    Contact: [email protected]
    Meeting of the American President with President Zelensky in Rome.
    Cruinniú ag Uachtarán Mheiriceá le hUachtarán Zelensky sa Róimh.
    US President Donald Trump had a 15-minute conversation with Ukrainian President Volodymyr Zelensky in Rome this morning.
    Bhí comhrá a mhair 15 nóiméad ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Róimh ar maidin.
    The meeting was held in St. Peter's Basilica before the funeral of Pope Francis.
    Tionóladh an cruinniú i mBaisleac Pheadair roimh shochraid an Phápa Proinsias.
    The White House said the two leaders had a ''very productive meeting''.
    Dúirt an Teach Bán go raibh ''cruinniú an-thairbheach'' ag an dá cheannaire.
    Ukrainian presidential spokesman Serhiy Nykyforov says arrangements are being made to hold further talks.
    Deir úrlabhraí uachtaránachta na hÚcráine Serhiy Nykyforov go bhfuil socruithe á ndéanamh chun tuilleadh cainteanna a reáchtáil.
    The President of Ukraine said that if the matters discussed today are achieved, it could be a historic meeting.
    Dúirt Uachtarán na hÚcráine má bhaintear na nithe a pléadh inniu amach go bhféadfadh sé tarlú gur cruinniú stairiúil a bhí ann.
    This was the first meeting between the Presidents since a heated meeting between the two leaders at the White House in Washington in February.
    Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag na hUachtaráin ó bhí cruinniú teasaí idir an dá cheannaire sa Teach Bán i Washington i Mí Feabhra.
    The American President left Rome on Air Force One after attending the Pope's funeral in Rome.
    D'fhág Uachtarán Mheiriceá an Róimh ar Air Force One i ndiaidh do freastal ar shochraid an Phápa sa Róimh.
    Following the meeting, President Trump criticized Russian President Vladimir Putin and said he is considering imposing further sanctions on Russia, something the Ukrainian President has repeatedly called for.
    I ndiaidh an chruinnithe, cháin an tUachtarán Trump, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus dúirt sé go bhfuil sé i mbun macnaimh maidir le tuilleadh smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis, rud atá á lorg ag Uachtarán na hÚcráine arís agus arís eile.
    President Zelensky said that a complete ceasefire and how to achieve a peace that would last and prevent another war from starting were discussed.
    Dúirt an tUachtarán Zelensky gur pléadh sos comhairc iomlán agus conas síocháin a mhairfeadh agus a chuirfeadh stop le cogadh eile tosnú a bhaint amach.
    Meanwhile, Russian attacks on Ukraine continue.
    Idir an dá linn, leanann ionsaithe na Rúise ar an Úcráin.
    The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning
    Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25bofwlj

    Contact: [email protected]
    150k people have paid their respects to the Pope so far.
    150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo.
    The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day.
    Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile.
    People are waiting up to four hours in queues to pay their respects.
    Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú.
    Pope Francis passed away on Easter Monday.
    Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca.
    He was 88 years old.
    Bhí sé 88 bliain d'aois.
    The President of Ireland, Michael D.
    Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D.
    Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier.
    Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce.
    With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure.
    Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil.
    President Michael D.
    Beidh an tUachtarán Michael D.
    Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square.
    Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair.
    They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy.
    Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy.
    It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral.
    Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill, i láthair ag an tsochraid.
    Former US President Joe Biden will also be there.
    Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin.
    In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square.
    Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair.
    Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night.
    Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche.
    He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks.
    Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é.
    After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus.
    Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus.
    In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul.
    In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d’anam an Phápa.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26c5khu5

    Contact: [email protected]
    Thousands in Rome bid farewell to the Pope.
    An slán deireanach á fhágáil leis na bPápa ag na mílte sa Róimh.
    Thousands are gathering in the Vatican to bid Pope Francis a final farewell in St. Peter's Basilica, where his body will lie in state for the next three days.
    Tá na mílte ag bailiú sa Vatacáin leis an slán deireanach a fhágáil ag an bPápa Proinsias i mBaisleac Pheadair, mar a mbeidh a chorp ag luí faoi ghradam go ceann trí lá.
    A long line of mourners and visitors stretched across St. Peter's Square before the doors of the basilica opened at ten o'clock in the morning, to allow entry to the public.
    Shín líne fhada na sochraideach agus cuairteoiri trasna Chearnóg Pheadair sular oscail doirse na baislice ar a deich ar maidin, chun cead isteach a thabhairt don phobal.
    The wardens estimated that there were approximately 20,000 people in the queue at that time.
    Mheas na maoir go raibh tuairim is 20,000 duine sa scuaine an t-am sin.
    Pope Francis, the leader of 1.4 billion Catholics around the world and the man from Argentina who was known for his reform, died on Monday at the age of 88.
    Dé Luain a fuair an Pápa Prionsias bás in aois a 88 mbliana, ceannaire 1.4bn Caitliceach ar fud na cruinne, an fear as an Airgintín a raibh cáil an leasaithe air.
    According to his death certificate, his death was caused by a stroke and heart failure, a day after he participated in the Cascais ceremonies at the Vatican.
    De réir a theastais bháis, stróc agus teip croí a thug a bhás, lá tar éis dó páirt a ghlacadh i searmanais na Casca sa Vatacáin.
    He had spent five weeks in hospital since February due to pneumonia that had spread to both lungs.
    Bhí cúig seachtaine caite aige san ospidéal ó mhí Feabhra de bharr núimóine a bhí tolgtha aige sa dá scámhóg.
    Since Monday, the pope's body has been lying in state in the Casa Santa Marta church in the Vatican, the house where he has resided since becoming pope, unlike his predecessors who resided in the Papal Apartments in the Vatican.
    Ón Luan, bhí corp an phápa as cionn cláir i séipéal Casa Santa Marta sa Vatacáin, an teach inar chuir sé faoí ó rinneadh pápa de, ní hionann agus na fir a chuaigh roimhe a rinne cónaí i Seomraí an Phápa sa Vatacáin.
    But this morning, Francis' body was taken from there to St. Peter's Basilica, one of the most beautiful and ornate churches in the world, and it will lie there until the funeral Mass on Saturday morning.
    Ach ar maidin, tugadh corp Phroinsias as sin go dtí Baisleac Pheadair, ceann de na heaglaisí is galánta agus is ornáidí ar domhain, agus is ann a bheidh sé go dtí Aifreanna na sochraide maidin Dé Sathairn.
    A crowd of priests and cardinals escorted his coffin through St. Peter's Square, where applause broke out among the thousands awaiting him, a traditional sign of respect at funerals in Italy.
    Slua de shagairt agus de cháirdinéil a rinne tionlacan ar a chónra trí Chearnóg Pheadair, mar a bhris bualadh bos amach i measc na mílte a bhí ag fanacht air, comhartha traidisiúnta ómóis ag sochraidí san Iodáil.
    The bells of St. Peter's rang and the Basilica choir sang psalms and Latin prayers as the pope's body entered the church.
    Bhuail cloig Naomh Peadair agus bhí cantaireachta salm agus páidreacha Laidne ag cór na Baislice ar theacht chorp an phápa isteach san eaglais.
    He will lie in state in a simple coffin in front of the altar, and beneath a niche painted by Michelangelo himself until his funeral.
    Beidh sé ag luí faoi ghradam i gcónra simplí os comhair an altóra, agus faoi bhun chuinneacháin a phéinteáil Michaelangelo féin go dtína shochraid.
    Prince is dressed in the white robes of the pope and, as one would expect from a devout Catholic, the rosary is woven into his fingers.
    Tá Prionsias gléasta in éide bhán an phápa agus, mar a bhéifí agus súil leis ó Chaitliceach cráifeach,

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25bhudvk

    Contact: [email protected]
    Sony to create 100 new jobs in Dublin.
    Sony le 100 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath.
    Sony Interactive Entertainment (SIE), the company that makes PlayStation, is to create 100 new jobs in Dublin.
    Tá Sony Interactive Entertainment (SIE), an comhlacht a dhéanann PlayStation, le 100 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath.
    Software engineers and data scientists are to be recruited, who will be conducting research and development, it was said, with the aim of improving the company's digital operations and customer services.
    Innealtóirí bog-earraí agus eolaithe sonraí atá le hearcú, ar taighde agus forbairt a bheas ar bun acu, a dúradh, le súil barr feabhais a chur ar oibríochtaí digiteachta an chomhlachta agus ar sheirbhísí do chustaiméirí.
    The Industrial Development Agency (IDA Ireland) is supporting the investment.
    Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht.
    IDA chief executive Michael Lohan said the news was yet another testament to Ireland's reputation as a hub for innovation and technology, not to mention the good reputation of the country's workers around the world.
    Dúirt príomhfheidhmeannach GFT Michael Lohan gur solaoid eile fós an scéala ar an dea-cháil atá ar Éirinn mar mhol nuálaíochta agus teicneolaíochta, gan trácht ar an dea-chlú atá ar oibrithe na tíre ar fud an domhain.
    However, it appears that SIE's business has changed significantly for the better recently, as it has only been a year since the company laid off 900 workers in various countries.
    Ar a shon sin, taibhsíonn sé go bhfuil athrú suntasach chun feabhais tagtha ar ghnóthaí SIE le gairid, arae níl ann ach bliain ó scaoil an comhlacht 900 oibrí chun siúil i dtíortha éagsúla.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2ywocqez

    Contact: [email protected]
    Interest rates lowered again by the European Central Bank.
    Rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach.
    The European Central Bank has lowered interest rates again, for the second time this year and the seventh time in a year.
    Tá rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach, an dara huair i mbliana agus an seachtú huair le bliain.
    This is another reduction of 0.25%, which means that the main interest rate is now 2.25%.
    Ísliú eile de 0.25 faoin gcéad atá i gceist agus fágann sin gur 2.25 faoin gcéad atá sa phríomhráta úis anois.
    There is good news for the approximately 180,000 homeowners in this country who have a tracker mortgage as the reduction will take effect almost immediately on the amount they are repaying.
    Dea-scéala atá ann do thart ar 180,000 úinéir tí sa tír seo a bhfuil morgáiste rianúcháin acu mar go rachaidh an t-ísliú i bhfeidhm nach mór láithreach ar an méid atá siad a íoc ar ais.
    Homeowners with a variable interest rate will save €13 per month for every €100,000 they borrow.
    Úinéirí tí a bhfuil ráta úis inathraithe acu, sábhálfaidh siadsan €13 sa mhí as gach €100,000 atá ar iasacht acu.
    For example, in the case of a mortgage of €500,000, there will be a reduction of €65 per month or €780 per year in the amount they have to repay.
    I gcás morgáiste de €500,000, mar shampla, beidh ísliú de €65 sa mhí nó €780 sa bhliain sa mhéid atá le híoc ar ais acu.
    People with a fixed interest rate, however, will not have any change in the amount they have to pay back.
    Daoine a bhfuil ráta úis seasta acu, áfach, ní bheidh aon athrú ar an méid atá le híoc ar ais acusan.
    It is understood that the European Central Bank previously wanted to lower the key interest rate to 2% by the end of 2025, as long as the inflation rate fell at the same time.
    Tuigtear gur theastaigh ón mBanc Ceannais Eorpach roimhe seo an príomhráta úis a ísliú go dtí 2 faoin gcéad faoi dheireadh 2025, a fhad is a thitfeadh ráta an bhoilscithe ag an am céanna.
    A cog in the wheel, however, is the economic policies of United States President Donald Trump since he came to power at the beginning of the year, particularly the tariffs he has imposed on goods from other countries.
    Eang sa roth, ámh, is ea polasaithe eacnamaíochta Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ó tháinig sé i gcumhacht i dtús na bliana, go háirithe na taraifí atá sé a ghearradh ar earraí ó thíortha eile.
    In light of this new twist in the story, it is thought that the European Union's financial policymakers will be more cautious in the future, for fear that what they are trying to achieve will be cut down to a mere stump.
    I bhfianaise an choir nua sin sa scéal, ceaptar go mbeidh lucht polasaí airgeadais an Aontais Eorpaigh níos dúnárasaí feasta ar fhaitíos go gciorrófaí a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt i gcrann gan é ach ina bhuinneán.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2aozyceg

    Contact: [email protected]
    A new five-year plan has been published by Foras na Gaeilge.
    Plean úr cúig bliana foilsithe ag Foras na Gaeilge.
    Foras na Gaeilge, the cross-border statutory organisation responsible for a wide range of Irish language services across Ireland, has published a new five- year plan.
    Tá plean úr cúig bliana foilsithe ag Foras na Gaeilge, an eagraíocht reachtúil trasteorann atá freagrach as réimse leathan seirbhísí Gaeilge ar fud na hÉireann.
    Foras na Gaeilge says that the organisation's Strategic Direction 2025-2030 has been compiled "as a result of a consultation on public opinion ...
    Deir Foras na Gaeilge go bhfuil Treo Straitéiseach 2025-2030 na heagraíochta curtha i dtoll a chéile "mar thoradh ar chomhairliúchán ar thuairimí an phobail ...
    "with the aim of identifying the organisation's work priorities for the coming years at a high strategic level".
    agus é mar aidhm aige tosaíochtaí oibre na heagraíochta do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach".
    To achieve this ambition, the document states, "appropriate provision of resources, both budget and staff, is necessary, and greater awareness is needed among the public regarding the vision and mission of the organisation".
    Leis an uaillmhian sin a bhaint amach, a deirtear sa cháipéis, is gá "soláthar cuí acmhainní a bheith ar fáil, idir bhuiséad agus fhoireann, agus teastaíonn tuilleadh feasachta i measc an phobail maidir le fís agus misean na heagraíochta".
    However, Chair of Foras na Gaeilge, Professor Regina Ó Chollatáin, said that the organisation's income had fallen by 45% since 2008 "even though the demand for our support has been increasing over time and we are unable to meet it".
    Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, áfach, go raibh titim de 45 faoin gcéad in ioncam na heagraíochta ó 2008 "cé go bhfuil an t-éileamh ar ár dtacaíocht ag méadú i gcaitheamh an ama agus ní féidir linn freastal air".
    She indicated that "we will work at the highest level with both Governments to agree a long-term sustainable funding plan to enable the major objectives of this Strategic Direction to be achieved".
    Thug sí le fios "go n-oibreoimid ag an leibhéal is airde leis an dá Rialtas chun plean fadtéarmach inbhuanaithe maoinithe a aontú chun gur féidir mórchuspóirí an Treo Straitéisigh seo a bhaint amach".
    It is a great help to that, she said, that the organization has a full board for the first time in years.
    Is mór an cúnamh chuige sin, arsa sí, bord iomlán a bheith ag an eagraíocht den chéaduair le blianta.
    Four major objectives are set out in the Strategic Direction: "Capability: Through pre-school, Irish-medium education, English-medium schools, higher education and adult learners, we will support the learner's journey from start to finish.
    Ceithre mhórchuspóir a leagtar amach sa Treo Straitéiseach: "Cumas: Tríd an réamhscolaíocht, Gaeloideachas, scoileanna Bhéarla, ollscolaíocht agus foghlaimeoirí fásta, tacóimid le haistear an fhoghlaimeora ó thús deiridh.
    The establishment of nurseries, the Gaelbhratach project and a Policy for Irish-medium Education will be among our priorities to support learners.
    Beidh bunú naíolann, tionscadal Gaelbhratach agus Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge i measc ár dtosaíochtaí le tacú le foghlaimeoirí.
    The southern target of 20% of civil service recruits speaking Irish will be supported by enabling students to be proficient in Irish in their working lives.
    Tacófar leis an sprioc ó dheas go mbeidh Gaeilge ag 20 faoin gcéad d’earcaigh na státseirbhíse trí mhic léinn a chumasú le bheith inniúil sa Ghaeilge ina saol oibre.
    Foras na Gaeilge has made a major investment in lexicography and terminology over the past 25 years.
    Tá infheistíocht mhór déanta ag Foras na Gaeilge i gcúrsaí foclóireachta agus téarmaíochta le 25 bliain...

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26r9gjxz

    Contact: [email protected]
    The number of pharmaceutical products exported from Ireland is increasing.
    An líon táirgí cógaisíochta a easpórtáltar as Éirinn ag méadú.
    The value of pharmaceutical products exported from this country in February this year was €15.6 billion, compared with €9.2 billion in February last year, according to preliminary figures from the Central Statistics Office.
    Luach €15.6 billiún a bhí sna táirgí cógaisíochta a heaspórtáladh as an tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €9.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, de réir réamhfhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
    This was an increase of 145.7% over the year and a share of 63.2% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025.
    B'in méadú de 145.7 faoin gcéad in imeacht bliana agus sciar 63.2 faoin gcéad den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025.
    It is also a testament to the importance of the pharmaceutical sector in Ireland and the harm that tariffs would cause to that sector and the economy as a whole.
    Is solaoid é freisin ar thábhacht na hearnála cógaisíochta in Éirinn agus ar an dochar a dhéanfadh taraifí don earnáil sin agus don gheilleagar trí chéile.
    The preliminary figures also show that the value of goods purchased by the United States from this country in February this year was €12.9 billion, compared to €4.2 billion in February last year, an increase of 210.5% over the course of a year.
    Léiríonn na réamhfhigiúirí chomh maith go raibh luach €12.9 billiún sna hearraí a cheannaigh na Stáit Aontaithe ón tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €4.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, ar méadú de 210.5 faoin gcéad é sin in imeacht bliana.
    It accounted for 52.5% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025, compared to 26.1% in the same month last year.
    Ba sciar 52.5 faoin gcéad é den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025, le hais 26.1 faoin gcéad sa mhí chéanna anuraidh.
    Economists have often said, however, that we in Ireland are overly reliant on corporate tax from multinational companies such as pharmaceutical companies.
    Is minic é ráite ag eacnamaithe, áfach, go bhfuilimidne in Éirinn ag brath an iomarca ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta fearacht na gcomhlachtaí cógaisíochta.
    They say that there is always a risk that the Exchequer will be unexpectedly undermined because of this unequal dependence.
    Deir siad go bhfuil an baol ann i gcónaí go mbainfear an bonn den Státchiste gan choinne mar gheall ar an spleáchas éagothrom sin.
    With Trump's tariffs looming, there are now concerns that the prophecy will come true.
    Agus taraifí Trump os ár gcionn, táthar imníoch anois go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2xrcctvg

    Contact: [email protected]
    The number of pharmaceutical products exported from Ireland is increasing.
    An líon táirgí cógaisíochta a easpórtáltar as Éirinn ag méadú.
    The value of pharmaceutical products exported from this country in February this year was €15.6 billion, compared with €9.2 billion in February last year, according to preliminary figures from the Central Statistics Office.
    Luach €15.6 billiún a bhí sna táirgí cógaisíochta a heaspórtáladh as an tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €9.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, de réir réamhfhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
    This was an increase of 145.7% over the year and a share of 63.2% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025.
    B'in méadú de 145.7 faoin gcéad in imeacht bliana agus sciar 63.2 faoin gcéad den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025.
    It is also a testament to the importance of the pharmaceutical sector in Ireland and the harm that tariffs would cause to that sector and the economy as a whole.
    Is solaoid é freisin ar thábhacht na hearnála cógaisíochta in Éirinn agus ar an dochar a dhéanfadh taraifí don earnáil sin agus don gheilleagar trí chéile.
    The preliminary figures also show that the value of goods purchased by the United States from this country in February this year was €12.9 billion, compared to €4.2 billion in February last year, an increase of 210.5% over the course of a year.
    Léiríonn na réamhfhigiúirí chomh maith go raibh luach €12.9 billiún sna hearraí a cheannaigh na Stáit Aontaithe ón tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €4.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, ar méadú de 210.5 faoin gcéad é sin in imeacht bliana.
    It accounted for 52.5% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025, compared to 26.1% in the same month last year.
    Ba sciar 52.5 faoin gcéad é den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025, le hais 26.1 faoin gcéad sa mhí chéanna anuraidh.
    Economists have often said, however, that we in Ireland are overly reliant on corporate tax from multinational companies such as pharmaceutical companies.
    Is minic é ráite ag eacnamaithe, áfach, go bhfuilimidne in Éirinn ag brath an iomarca ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta fearacht na gcomhlachtaí cógaisíochta.
    They say that there is always a risk that the Exchequer will be unexpectedly undermined because of this unequal dependence.
    Deir siad go bhfuil an baol ann i gcónaí go mbainfear an bonn den Státchiste gan choinne mar gheall ar an spleáchas éagothrom sin.
    With Trump's tariffs looming, there are now concerns that the prophecy will come true.
    Agus taraifí Trump os ár gcionn, táthar imníoch anois go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25ut5yg9

    Contact: [email protected]
    China to impose 125% tariffs on American goods.
    An tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó Mheiriceá.
    China is to impose tariffs of 125% on goods from the United States from tomorrow instead of the 84% previously announced.
    Tá an tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó amárach seachas an 84 faoin gcéad a fógraíodh cheana.
    The Chinese have raised the tariffs after US President Donald Trump raised tariffs on goods from China to up to 145%.
    Tá na taraifí ardaithe ag na Sínigh tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí ar earraí ón tSín a ardú go dtí suas le 145 faoin gcéad .
    While Trump is lashing out at everyone, his focus is particularly on China at the moment.
    Cé gur ag diúracadh an cháich sa tor atá Trump is sa tSín go háirithe atá a gha i láthair na huaire.
    In this regard, and in accordance with the well-established art of war, China is seeking to ally itself with those other countries that Trump is imposing tariffs on, including member states of the European Union.
    Ina dhíol sin, agus de réir ealaín sheanbhunaithe an chogaidh, tá an tSín ag féachaint le comhghuaillíocht a dhéanamh leis na tíortha eile sin a bhfuil Trump ag taraifthromaíocht orthu, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh.
    Chinese President Xi Jinping met with Spanish Prime Minister Pedro Sánchez in Beijing today to discuss the major transformation of the global economic order.
    Bhí cruinniú ag Uachtarán na Síne Xi Jinping le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i mBéising inniu leis an gclaochló mór ar eagar eacnamaíochta an domhain a chíoradh.
    Xi reportedly called on the Spaniard, and by extension the rest of the European Union, to join hands with China and stand firm against Trump's "unilateral bullying."
    Tuairiscítear gur iarr Xi ar fhear na Spáinne, agus dá réir sin ar an gcuid eile den Aontas Eorpach, dul i gcomhar leis an tSín agus an fód a sheasamh in aghaidh "mhaistíneacht aontaobhach" Trump.
    At a press conference after the meeting, Sánchez said that the international trade conflict should not be allowed to affect relations between the European Union and China.
    Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Sánchez nár cheart ligean don choimhlint trádála idirnáisiúnta cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín.
    He indeed suggested that the Union intended to expand that relationship and sell much more goods to China in the future.
    Thug sé le tuiscint go deimhin go raibh faoin Aontas cur leis an gcaidreamh sin agus i bhfad níos mó earraí a dhíol leis an tSín san am le teacht.
    Without stopping China and the European Union, Trump's 'I ask for a reason' doesn't seem to be slowing down and he announced last night that he would impose tariffs and sanctions on Mexico if that country did not provide flood water from the Rio Grande to the state of Texas.
    Gan an tSín agus an tAontas Eorpach a bhac, is cosúil nach bhfuil 'Iarraim cúis' Trump ag maolú pioc agus d'fhogair sé go taghdach aréir go ngearrfadh sé taraifí agus smachtbhannaí ar Mheicsiceo mura gcuirfeadh an tír sin tuiileadh uisce ón Rio Grande ar fáil do stát Texas.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2bcqpbhp

    Contact: [email protected]
    Stock markets surge due to Trump's change of heart.
    Borradh faoi stocmhargaí de bharr athintinn Trump.
    Stock markets around the world – except in China – saw a significant surge after US President Donald Trump suspended punitive tariffs he was set to impose on various countries for the next 90 days.
    Tháinig borradh suntasach faoi stocmhargaí ar fud an domhain – seachas sa tSín – tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump na taraifí pionósacha a bhí le gearradh aige ar thíortha éagsúla a chur ar fionraí go ceann 90 lá.
    The sudden sale of US Treasury bonds – and the resulting increase in borrowing costs – appears to have prompted Trump's reconsideration.
    Bannaí Státchiste Mheiriceá a bheith á ndíol as éadan – agus an t-ardú a thiocfadh ar chostas iasachtaí dá dheasca sin – ba shiocair le hathchomhairle Trump, is cosúil.
    If Trump got a bad rap yesterday, his courage has not completely failed and he is sticking to the 10% tariffs he is imposing on certain goods.
    Má fuair Trump dual na droinne de inné, níor theip ar a mhisneach ar fad agus tá sé ag cloí leis na taraifí de 10 faoin gcéad atá á ngearradh aige ar earraí áirithe.
    In addition, he has vowed to impose "beautiful" tariffs on pharmaceutical products in due course, he said in his usual barefoot speech.
    Chomh maith leis sin, tá sé mionnaithe taraifí "álainne" a ghearradh ar tháirgí cógaisíochta i gceann na haimsire, a dúirt sé sa chaint chosnochta ar sraith is dual dó.
    China is a special case and Trump is imposing a 125% tariff on that country.
    Cás faoi leith atá sa tSín agus is barr binne taraífí de 125 faoin gcéad atá á ngearradh ag Trump ar an tír sin.
    As a blow to the blow, China has imposed tariffs of 84% on the United States.
    Mar bhuille ar an mbuille, tá taraifí de 84 faoin gcéad gearrtha ag an tSín ar na Stáit Aontaithe.
    It seems that the rest of the world is set to hunt the prey and prevent the pursuit of Trump's volatility until who knows when.
    Dealraíonn sé go bhfuil sé de bheith ag an gcuid eile den domhan an chreach a sheilg agus an tóir a chosc i dtaca le luaineacht Trump go ceann cá bhfios cén uair.
    Ireland's Minister for Foreign Affairs and Trade, Tánaiste Simon Harris, seems to believe that this volatility should be seized upon in the hope of finally convincing Trump that his ultimate goal was to impose tariffs on the continent.
    Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, an Tánaiste Simon Harris, is cosúil go bhfuil sé den bharúil gur cheart an luaineacht sin a thapú le súil cur i bhfáth ar Trump ar deireadh go mba é a bhuaic taraifí a chaitheamh i dtraipisí.
    Simon Harris discussed the issue with US Commerce Secretary Howard Lutnick in Washington yesterday and said after the meeting that further discussions were needed.
    Phléigh Simon Harris an cheist le Rúnaí Tráchtála Mheiriceá Howard Lutnick in Washington inné agus dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe gur theastaigh tuilleadh comhráite.
    RTÉ News and Current Affairs Japan stock market rises after Trump backs down on punitive tariffs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ardú ar stocmhargadh na Seapáine tar éis do Trump dul siar ar tharaifí pionósacha

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25cj2zhm

    Contact: [email protected]
    Devastation caused by a mountain fire in Donegal.
    Léirscrios déanta ag loscadh sléibhe i nDún na nGall.
    The Director of Emergency Services for Donegal County Council says that a mountain fire in Knock Colva and An Bearnas Mór has destroyed habitat, nature and land.
    Tá scrios déanta ar ghnáthóg, dúlra agus talamh ag loscadh sléibhe i gCnoc Colbha agus an Bearnas Mór a deir Stiúrthóir Seirbhíse Éigeandála Chomhairle Chontae Dhún na nGall.
    But Garry Martin says "we were lucky the wind was so light, soft" and both fires have been extinguished.
    Ach deir Garry Martin "go raibh an t-ádh orainn go raibh an ghaoth chomh lag, bog" agus tá an dá mhórthine múchta.
    However, "hundreds of acres of mountain have been burned back to the point where it was as good as said" but he said he did not yet have "an accurate figure".
    Mar sin féin tá "na céadta acra sléibhe dóite siar go dtí an dúid bhí sé chomh maith a rá" ach dúirt sé nach raibh "figiúir cruinn" aige fós.
    The Service has not yet received any reports of livestock or property being destroyed "but there are a lot of sheep up in the hills".
    Níl aon tuairisc faighte fós ag an tSeirbhís faoi stoc ná maoin a bheith scriosta "ach tá caoirigh go leor thuas sna cnoic".
    Donegal Fire Service sent out 5 fire units and an ambulance to tackle the arson in Bearnas Mór when they received news at around 5.30 yesterday evening that the area was on fire behind a number of houses.
    Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall amach 5 aonad dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ngleic leis an loscadh sa mBearnas Mór nuair a fuair siad scéala thart ar 5.30 tráthnóna inné go raibh an áit tré lasadh taobh thiar de roinnt tithe.
    There were crews on duty there during the night and concerns about structures on the Ard an Amhairc.
    Bhí criúnna ar dulgas ann i rith na hoíche agus imní faoi struchtúir ar Ard an Amhairc.
    The County Council had also recruited a helicopter from Executive Helicopters who were able to drop 1,200 litres of water onto the fire from a special bucket, from 8am onwards.
    Bhí ingearán earcaithe freisin ag an gComhairle Chontae ó Executive Helicopters a bhí in ann 1,200 lítear san iarraidh a scaoileadh anuas ar an tine as ollbhuicéad speisialta, ón 8 a chlog ar aghaidh.
    Two fire brigades and a crane were called to tackle the other fires, in Knock Colva near Carrowkeel in north Donegal.
    Cuireadh fios ar dhá bhriogáid dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ndréim leis na tinte eile, i gCnoc Colbha in aice leis an gCeathrú Chaol i dtuaisceart Dhún na nGall.
    Garry Martin strongly warned people not to have barbecues outdoors and not to allow any chance of ignition for mountain fires.
    Chuir Garry Martin fainic láidir ar dhaoine gan beárbaiciú a bheith amuigh faoin tír acu agus gan aon deis adhainte a thabhairt do loscadh sléibhe.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2aydqonu

    Contact: [email protected]
    Israel intends to seize more land in Gaza.
    Rún ag Iosrael tuilleadh talaimh a ghabháil in Gaza.
    The Israelis are determined to consolidate their grip on Gaza and seize even more land in the Palestinian territory.
    Tá na hIosraelaigh leis an ngreim atá acu ar Gaza a dhaingniú agus seilbh a ghabháil ar a thuilleadh talaimh fós sa limistéar Palaistíneach.
    That land will be added to the "security zones" already occupied by the Israelis in Gaza, the country's defense minister Israel Katz announced.
    Cuirfear an talamh úd leis na "ceantair shlándála" atá ina seilbh atá ag na hIosraelaigh in Gaza cheana, a d'fhógair aire cosanta na tíre Israel Katz.
    Israel Katz did not say how much land is involved but indicated that the population would be expelled from those areas to be made available to the soldiers.
    Ní dúirt Israel Katz cé mhéad talaimh atá i gceist ach thug le fios go ndíbreofaí an pobal as na ceantair sin lena bhfáil faoi réir do na saighdiúirí.
    The Israelis already control a wide east-west corridor in central Gaza, with the enclave roughly in half.
    Tá conair leathan soir- siar i lár Gaza faoina smacht ag na hIosraelaigh cheana agus an iamhchríoch dluite ina leath acu.
    The Israelis have also said they intend to "help" Palestinians who wish to leave Gaza "of their own accord".
    Tá sé ráite ag na hIosraelaigh freisin go bhfuil rún acu "cuidiú le" Palaistínigh a bhfuil fonn orthu Gaza a fhágáil "dá ndeoin féin".
    Palestinians believe this "assistance" is another sign of the Israelis' long- term intention to drive them out of their homes and completely occupy Gaza.
    Creideann Palaistínigh gur comhartha eile an "cuidiú" sin ar rún fadaimseartha na nIosraelach iad a chur as a mbailte agus forghabháil iomlán a dhéanamh ar Gaza.
    The Israelis have been continuing the massacre they have been committing in Gaza for two and a half years.
    Tá na hIosraelaigh ag leanúint den ollmharú atá siad a dhéanamh in Gaza le dhá bhliain go leith.
    Gaza's civil defense says at least fifteen people, including children, were killed when the Israeli air force bombed refugee camps in Khan Yunis in the south and Nuseirat in the center of the enclave.
    Deir cosaint shibhialta Gaza gur maraíodh cúig dhuine dhéag ar a laghad, leanaí ina measc, nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael campaí teifeach in Khan Yunis sa deisceart agus in Nuseirat i lár na hiamhchríche.
    It is also reported that nine children were among the sixteen people killed in an airstrike on a United Nations clinic in Jabalia in northern Gaza.
    Tuairiscítear freisin go raibh naonúr leanbh i measc na sé dhuine dhéag a maraíodh in aerionsaí a rinneadh ar chlinic leis na Náisiúin Aontaithe in Jabalia i dtuaisceart Gaza.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26a6ezva

    Contact: [email protected]
    Former Kerry football manager Mick O
    Iarbhainisteoir peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis.
    Former Kerry football team manager Mick O'Dwyer has died at the age of forty- eight.
    Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis in aois a ocht mbliana agus ceithre scór.
    'Micko' was one of Ireland's greatest sporting figures and won many medals, championships, trophies and awards as a player and manager throughout his life.
    Duine de mhórphearsana spóirt na hÉireann ab ea 'Micko' agus is iomaí bonn, craobh, corn agus gradam nach iad a bhuaigh sé mar imreoir agus mar bhainisteoir i gcaitheamh a shaoil.
    He won four All-Ireland championships as a player and eight championships as a pioneering manager of that famous elite team that Kerry had in the seventies and eighties.
    Ceithre chraobh Uile- Éireann a bhuaigh sé mar imreoir agus ocht gcraobh mar bhainisteoir ceannródaíoch ar an scothfhoireann cháiliúil úd a bhí ag Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
    The Kerry team at that time, led by the Waterford man, were often in footy duels with the great Dublin team led by Kevin Heffernan, games that are deeply engraved and carved in stone for the Gaelic Athletic Association.
    Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd, faoi stiúir fhear an Choireáin, i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael.
    Not counting the All-Ireland Championship, Mick O'Dwyer won the Munster Championship 23 times and the National League eleven times as both a player and manager.
    Gan Craobh na hÉireann a bhac, bhuaigh Mick O'Dwyer Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir araon.
    Although he was a staunch Kerryman, his talent was sought after in other counties as well and he was lured by teams that were not performing well – namely, Kildare, Laois, Wicklow and Clare – in the hope that he would turn the malt into ale, even though he was a man who had always abstained from intoxicating drink.
    Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith – mar atá, Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár – le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil.
    In fact, Kildare won the Leinster Championship in 1998 and 2000 under the guidance of Mick O'Dwyer and that team reached the All-Ireland final in 1998, when they were beaten by Galway by four goals.
    Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín.
    Mick O'Dwyer made his living as an innkeeper and undertaker in Waterville.
    Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha.
    His first wife Mary Carmel died in 2012 and he married Geraldine Shields in 2023.
    Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023.
    He is survived by his sons John, Robbie and Karl.
    Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl.
    He was predeceased by another son, Michael.
    Bhásaigh roimhe mac eile, Michael.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2xjredca

    Contact: [email protected]
    Trade tariffs: countries on edge ahead of Trump's announcement.
    Taraifí trádála: tíortha ar tinneall roimh fhógra Trump.
    The tariffs that the United States Government plans to impose on goods from various countries around the world will be revealed later today.
    Nochtfar níos deireanaí inniu na taraifí atá beartaithe ag Rialtas na Stát Aontaithe a ghearradh ar earraí ó thíortha éagsúla ar fud an domhain.
    US President Donald Trump will provide more information about the tariffs at a press conference at the White House in Washington tonight.
    Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tuilleadh eolais faoi na taraifí ag preasócáid sa Teach Bán in Washington anocht.
    Trump met with trade officials last night to finalize the details of the tariffs that will take effect tomorrow.
    Bhi cruinniú ag Trump le hoifigigh trádála aréir le bailchríoch a chur ar mhionsonraí na dtaraifí a dtiocfaidh feidhm leo ó amárach.
    Trump says other countries are "stealing" the United States on trade and has claimed that the tariffs are ushering in a "golden age" for American manufacturers and the country's economy as a whole.
    Dar le Trump go bhfuil tíortha eile "ag sailleadh" na Stát Aonaithe ó thaobh cúrsaí trádála de agus tá maíte aige go bhfuil "ré órga" i ndán do dhéantúsóirí Meiriceánacha agus do gheilleagar na tíre trí chéile de thoradh na dtaraifí.
    On the contrary, others believe that it will be expensive for the American public and that prices will rise dramatically in that country.
    Os a choinne sin, creideann daoine eile go mbeidh daor ar phobal Mheiriceá agus go n-ardóidh praghsanna as éadan sa tír sin.
    There is also a risk, say the same people, that a global economic recession will be another of the results of the new era.
    Tá baol ann freisin, a deir na daoine céanna, go mbeidh cúlú eacnamaíochta domhanda ar cheann eile de thorthaí na ré nua.
    The countries most targeted by the tariffs are still trying – as late as this – to convince the Americans that every country in the world will lose out on what they are planning.
    Na tíortha is mó a bhfuil na taraifí dírithe orthu, tá siad fós ag iarraidh – chomh déanach seo – cur ina luí ar na Meiriceánaigh gur gach tír ar domhan a bheas caillteach lena bhfuil beartaithe acu.
    Trump has already indicated, however, that he has no interest in that.
    Tá sé tugtha le fios cheana ag Trump, áfach, nár mhairg ar bith aige é sin.
    However, a US government spokesman indicated that Trump would be willing to make a deal with other countries at the last minute.
    Ar a shon sin, thug urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá le fios go mbeadh Trump sásta margadh a dhéanamh le tíortha eile ag an nóiméad deireanach.
    There is a lot of speculation in Ireland about what Trump has in mind, especially regarding the pharmaceutical sector.
    Táthar i ngad an bhuigiúin in Éirinn faoina bhfuil ar aigne ag Trump, go háirithe i dtaobh na hearnála cógaisíochta.
    As a member state of the European Union, however, Ireland is in a different place and all policies are common policies.
    Mar bhallstát den Aontas Eorpach, áfach, tá Éire i ngad eile agus gach beartas ina chomhbheartas.
    After all, strength lies in coming together, according to European Commission President Ursula von der Leyen.
    Ina dhiaidh sin, is sa chur le chéile atá an neart, dar le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2bu895q6

    Contact: [email protected]
    Twelve arrested in Ireland and Spain for organised crime.
    Dháréag gafa in Éirinn agus sa Spáinn faoi choireacht eagraithe.
    Twelve people have been arrested by the Gardaí in this country and by police in Spain as part of a coordinated investigation by Europol into international organised crime, particularly drug trafficking.
    Tá dháréag gafa ag na Gardaí sa tír seo agus ag póilíní sa Spáinn mar chuid d'fhiosrúchan comhordaithe atá ar bun ag Europol faoi choireacht eagraithe idirnáisúnta, go háirithe gáinneáil ar dhrugaí.
    Six were arrested in Ireland and six in Spain.
    Gabhadh seisear in Éirinn agus seisear sa Spáinn.
    The investigation concerns the trafficking of cocaine and heroin between the two countries in trucks.
    Baineann an fiosrúchán le gáinneáil ar chócaon agus hearóin idir an dá thír i leoraithe.
    The six men, aged between 30 and 60, were arrested in Ireland yesterday and have been questioned at various Garda stations in Dublin.
    Arú inné a gabhadh an seisear in Éirinn, ar fir iad idir na tríochaidí agus na seascaidí, agus tá siad á gceistiú ó shin i stáisiúin Ghardaí éagsúla i mBaile Átha Cliath.
    They can be kept for up to a week.
    Is féidir iad a choinneáil ar feadh suas le seachtain.
    At least one Irishman is among the men arrested in Spain.
    Tá Éireannach amháin ar a laghad i measc na bhfear a gabhadh sa Spáinn.
    It is understood that the men are linked to the crime gang known as 'The Family', which has replaced the Kinahans as the head of drug trafficking in the greater Dublin area and beyond.
    Tuigtear go bhfuil baint ag na fir leis an drong coireachta dá ngairtear 'The Family' agus atá tagtha in áit lucht Kinahan i gceann na mangaireachta drugaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide amach.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2y36cydr

    Contact: [email protected]
    Man (61) charged with €10.6m worth of cocaine.
    Fear (61) cúisithe faoi luach €10.6m cócaon.
    A 61-year-old man has been remanded in custody and charged with possession of €10.6m worth of cocaine seized last Tuesday.
    Tá fear 61 bliain d'aois curtha siar faoi choinneáil agus é cúisithe i leith luach €10.6m den druga cócaon a gabhadh Dé Máirt seo caite.
    Michael Murphy was brought before Gorey District Court in Co Wexford this morning.
    Tugadh Michael Murphy os comhair Chúirt Dúiche Ghuaire i gCo Loch Garman ar maidin.
    He has an address - which has not been permitted to be published at the request of his lawyer - on the border between Kilkenny and Waterford.
    Tá seoladh aige - nach bhfuil ceadaithe a fhoilsiú ar iarratas óna dhlíodóir - ar an teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge.
    Detective Sergeant Seán Lane of Waterford Garda Barracks gave evidence that at 11.02 last night he arrested Michael Murphy, and that Mr Murphy replied "I understand the reason for this".
    Thug an Bleachtaire Seán Lane as Beairic na nGardaí i bPort Láirge fianaise gur ag 11.02 aréir a ghabh sé Michael Murphy, agus gur fhreagair an tUasal Murphy "tuigim an chúis atá imo leith".
    The Gardaí asked that he not be granted bail, which was confirmed by Judge Kevin Staunton.
    D'iarr na Gardaí nach mbronnfaí bannaí air, rud a dhearbhaigh an Breitheamh Kevin Staunton.
    Lawyer Chris Hogan asked that Michael Murphy be sent to Cork Prison - and not to Cloverhill Prison - "as there are well-founded concerns that his life would be in danger".
    D'iarr an dlíodóir Chris Hogan go gcuirfí Michael Murphy go Príosún Chorcaí - agus ní go Príosún Chnoc na Seamar - "mar go bhfuil imní a bhfuil bunús leis go mbeadh a bheatha i mbaol".
    Judge Staunton granted that request and issued a request not to publish it.
    Cheadaigh an Breitheamh Staunton an t-iarratas sin agus iarratas nach bhfoilseofaí a sheoladh.
    Michael Murphy has been remanded in custody in Cork Prison until a week from tomorrow, when he is due to appear in court again via video link.
    Cuireadh Michael Murphy siar faoi choinneáil i bPríosún Chorcaí go dtí seachtain ó amárach, nuair a bheidh sé le bheith os comhair na cúirte arís ar nasc-físe.
    A week and a half ago, Gardaí stopped a lorry on the M9 in Co Kilkenny, at around 10am this morning.
    Seachtain is an lá amárach a tháinig na Gardaí roimh leoraí ar an M9 i gCo Chill Chainnigh, thart ar a 10 a chlog ar maidin.
    The lorry was taken to Dublin Port for an X-ray examination.
    Tugadh an leoraí go Calafort Átha Cliath le scrúdú X-gha a dhéanamh uirthi.
    Then the Gardaí and the Customs Service came across 152kg of cocaine - worth €10.6m they say.
    Ansin a tháinig na Gardaí agus an tSeirbhís Custaim ar 152kg cócaon - luach €10.6m a deir siad.
    A search was subsequently carried out at a residence and 2 business premises in Waterford.
    Ina dhiaidh sin tugadh faoi chuardach ar theach cónaithe agus ar 2 áitreabh gnó i bPort Láirge.
    Michael Murphy after the court hearing in Gorey
    Michael Murphy tar éis na héisteachta cúirte i nGuaire

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/23wftbjz

    Contact: [email protected]
    Synge Street Irish Medium School to be established as planned last year.
    Gaelcholáiste Shráid Synge le bunú mar a beartaíodh anuraidh.
    It is not good enough that a plan to turn a secondary school in Dublin into an all-Irish school is being progressed without consulting the school's teachers, says the teachers' union.
    Níl sé maith go leor go bhfuiltear ag dul chun cinn le plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de mheánscoil i mBaile Átha Cliath gan dul i gcomhairle le múinteoirí na scoile, a deir ceardchumann na múinteoirí.
    The Department of Education announced last autumn that the Christian Brothers School on Synge Street in the south of the city was to be converted into a Gaelcholáiste and would open at the start of the 2026 school year.
    D'fhógair an Roinn Oideachais an fómhar seo caite go rabhthas le Gaelcholáiste a dhéanamh de Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i ndeisceart na cathrach agus go n- osclófaí é ag tús na scoilbhliana 2026.
    The teachers indicated at the time, however, that the news came to them from the north and that the issue was never discussed with them.
    Thug na múinteoirí le fios ag an am, áfach, gur tháinig an scéala aniar aduaidh orthusan agus nár pléadh an cheist riamh leo.
    Some said they were worried that they would have to significantly improve their Irish, learn Irish from scratch or look for a new job at another school.
    Dúirt roinnt acu go raibh imní orthu go gcaithfidís feabhas mór a chur ar a gcuid Gaeilge, Gaeilge a fhoghlaim ón mbuntús nó post nua a lorg i scoil eile.
    The matter was discussed in a meeting held by the school administrators, Éamainn Rís Schools Trust, with the school's board of management last night.
    Pléadh an scéal i gcruinniú a bhí ag riarthóirí na scoile, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, le bord bainistíochta na scoile arú aréir.
    In a statement issued by the Trust after the meeting, it was confirmed that the plan was to proceed, apart from the occasional minor change, and it was accepted that the teachers had been put at a disadvantage because they had not been consulted beforehand.
    I ráiteas a d'eisigh an tIontaobhas i ndiaidh an chruinnithe, deimhníodh go rabhthas le dul chun cinn leis an bplean, seachas an corrathrú beag, agus glacadh leis gur cuireadh olc ar na múinteoirí mar nach ndeachthas i gcomhairle leo roimhe seo.
    It was stated that the school would gradually become a Gaelcholáiste and that it was intended to teach some students through the medium of English at the outset.
    Dúradh gur de réir a chéile a dhéanfaí Gaelcholáiste den scoil agus go raibh sé i gceist roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla i gcónaí ag an tús.
    Speaking on RTÉ this morning, however, Deputy General Secretary of the Secondary Teachers' Association, Diarmaid de Paor, said that teachers are still blind to what the Department of Education and school administrators are planning.
    Agus é ag labhairt ar RTÉ ar maidin inniu, áfach, dúirt Leas- Ardrúnaí Chumann na Meánmhúinteoirí, Diarmaid de Paor, go bhfuil na múinteoirí dall i gcónaí ar a bhfuil á bheartú ag an Roinn Oideachais agus ag riarthóirí na scoile.
    Not to mention the teachers, the parents are not being consulted either, said the Power.
    Gan trácht ar na múinteoirí, níltear ag dul i gcomhairle leis na tuismitheoirí ach an oiread, arsa an Paorach.
    He believes that the plan should be revisited and implemented properly anew.
    Dar leis gur cheart dul siar ar an bplean agus a chur sa siúl i gceart as an nua.
    He also indicated that he doubts that Synge Street is the best location for a new Irish-medium school – as it is being envisioned by the Department of Education anyway, he said.
    Thug sé le fios freisin go bhfuil amhras air gurb é Sráid Synge an t-ionad is fearr le haghaidh Gaelcholáiste nua – de réir mar atá sé á shamhlú ag an Roinn Oideachais ar aon ch...