Episodes

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/yru63653

    Contact: [email protected]
    Long prison terms handed down to drug smugglers.
    Téarmaí fada príosúin gearrtha ar smuigléirí drugaí.
    In the Special Criminal Court, eight men were sentenced to prison terms ranging from 13.5 years to 20 years for their involvement in an attempt to smuggle 2.2 million tonnes of cocaine – worth €157 million – into this country.
    Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarmaí príosúin idir 13.5 bliain agus 20 bliain ar ochtar fear as an mbaint a bhí acu le hiarracht ar 2.2 milliún tonna de chócaon – luach €157 milliún – a thabhairt isteach sa tír seo.
    It was the largest quantity of drugs by weight ever found in the State.
    Ba é an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát é.
    The drugs were found on the cargo ship MV Matthew after Army patrols boarded and seized the vessel in the Celtic Sea in September 2023.
    Fuarthas na drugaí ar lastlong an MV Matthew tar éis d'fhianóglaigh ón Arm an soitheach a bhordáil agus seilbh a ghabháil uirthi sa Mhuir Cheilteach i mí Mheán Fómhair 2023.
    Gardaí, members of the Naval Service and customs officers also participated in the operation.
    Bhí Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus oifigigh chustaim rannpháirteach sa bheart freisin.
    It is believed that six of the eight men were hired by a transnational crime gang in Dubai and then went to South America for the drugs.
    Creidtear gur fhostaigh drong coireachta trasnáisiúnta seisear den ochtar fear in Dubai agus go ndeachaigh siad ina dhiaidh sin go Meirceá Theas faoi choinne na ndrugaí.
    The other two men bought a boat in Castletownbere in west Cork with the hope of taking possession of the drugs from the cargo ship.
    Cheannaigh an bheirt fhear eile bád i mBaile Chaisleáin Bhéarra in iarthar Chorcaí le súil na drugaí a thógáil ar láimh ón lastlong.
    The situation was resolved, however, as the Naval Service, in conjunction with the Gardaí, had been monitoring the MV Matthew since it approached Ireland and suspected it was carrying drugs.
    Cuireadh an gúm ó mhaith, áfach, ó bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil ar an MV Matthew ó tháinig sí i ngar d'Éirinn agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí.
    The eight sentenced in court today are: Soheil Jelveh, 51 years old, 17.5 years in prison Cumali Ozgen, 49 years old, 20 years in prison Mykhailo Gavryk, 32 years old, 14 years in prison Harold Estoesta, 31 years old, 18 years in prison Vitaliy Vlasoi, 32 years old, 16.5 years in prison Saeid Hassani, 39 years old, 15 years in prison Jamie Harbron, 31 years old, 13.5 years in prison Vitaliy Lapa, 62 years old 14.5 years in prison.
    Is an t-ochtar a daoradh sa chúirt inniu: Soheil Jelveh, 51 bliain d'aois, 17.5 bliain príosúin Cumali Ozgen, 49 bliain d'aois, 20 bliain príosúin Mykhailo Gavryk, 32 bliain d'aois, 14 bliain príosúin Harold Estoesta, 31 bliain d'aois, 18 bliain príosúin Vitaliy Vlasoi, 32 bliain d'aois, 16.5 bliain príosúin Saeid Hassani, 39 bliain d'aois, 15 bliain príosúin Jamie Harbron, 31 bliain d'aois, 13.5 bliain príosúin Vitaliy Lapa, 62 bliain d'aois 14.5 bliain príosúin.
    The court praised the "professionalism and ability" of the State security agencies involved in the drug seizure.
    Mhol an chúirt "proifisiúntacht agus cumas" ghníomhaireachtaí slándála an Stáit a bhí bainteach leis an ngabháil drugaí.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    :

    Contact: [email protected]
    €31 million worth of cocaine seized in west Cork.
    Luach €31 milliún de chócaon faighte in iarthar Chorcaí.
    Gardaí have arrested four men over a large haul of drugs found in Co. Cork this morning.
    Tá ceathrar fear gafa ag na Gardaí faoi lear mór drugaí a fuarthas i gCo Chorcaí ar maidin inniu.
    Approximately €31 million worth of cocaine was seized when Gardaí stopped a van in the Courtmacross area of the west of the county.
    Fuarthas luach thart ar €31 milliún de chócaon nuair a stop na Gardaí veain i gceantar Chúirt Mhic Shéafraidh in iarthar an chontae.
    Two men in their thirties and forties were arrested on the member and are being held at a Garda station in Co. Cork.
    Gabhadh beirt fhear sna tríochaidí agus sna daichidí ar an mball agus tá siad faoi choinneáil i stáisiún Gardaí i gCo Chorcaí.
    The other two men were caught on a rigid inflatable boat off the coast of Waterford.
    Gbhadh an bheirt fhear eile ar bhád righin inséidte amach ó chósta Phort Láirge.
    Those two are also in their thirties and forties.
    Sna tríochaidí agus sna daichidí atá an bheirt sin freisin.
    In a statement, the Gardaí said that customs officers, the Naval Service, the Air Corps and members of the local Garda Síochána were involved in the operation.
    I ráiteas, dúirt na Gardaí go raibh oifigigh chustaim, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus comhaltaí den Gharda Síochána áitiúil páirteach sa bheart.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • Missing episodes?

    Click here to refresh the feed.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26tump2t

    Contact: [email protected]
    Ireland will participate in an EU scheme to purchase defence systems.
    Beidh Éire páirteach i scéim AE chun chórais cosanta a cheananch.
    The Tánaiste is expected to announce a plan that would make it easier for the State to purchase defence systems, when he signs an EU instrument today.
    Táthar ag súil go bhfógróidh an Tánaiste plean a d'fhágfadh go mbeadh sé níos éasca ar an Stát córais cosanta a cheannach, nuair a shíneoidh sé ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh inniu.
    This instrument is called SAFE, Security Action for Europe, which seeks to streamline procurement processes across the union and would enable Ireland to acquire sonar capability and air defence systems more quickly.
    SAFE a thugtar ar an ionstram seo, Gníomh Slándála don Eoraip, a fhéachaann leis na próiséis soláthair ar fud an aontais a chuíchóiríú agus a chuirfeadh ar chumas na hÉireann acmhainn sonóra agus córais aerchosanta a fháil níos sciobthaí.
    A review of all aspects of its security policies has been underway since Russia's invasion of Ukraine and Donald Trump's display of a hawkish attitude towards European defense matters.
    Tá athbhreithniú ar bun ar gach gné dá pholasaithe slándála ó ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ó thaispeáin Donald Trump dearcadh patuar i leith cúrsaí cosanta na hEorpa.
    SAFE came into existence at the end of last month and seeks to provide financial assistance to member states to increase public investment in defence capacity.
    Tháinig SAFE i bheidhm ag deireadh na míosa seo caite agus féachann le cúnamh airgeadais a chur ar fáíl do bhallstáit chun an infheistíocht phoiblí san acmhainn chosanta a mhéadú.
    Countries will be exempt from normal procurement rules to allow them to partner with other countries to purchase defense systems.
    Beidh díolúine ó na gnáthrialacha soláthair ag tíortha chun gur féídir leo dul i bpáirt le tíórtha eile chun córais cosanta a cheannach.
    The Tánaiste, as Minister for Defence, intends to sign the instrument on behalf of Ireland.
    Tá rún ag an Tánaiste, mar Aire Costanta, an t-ionstram a shíníú ar son na hÉireann.
    It is hoped that the Tánaiste will say that he wants to bring the State into line with countries of similar size in terms of defence capability.
    Tá súil go ndéarfaidh an Tánaiste go bhfuil sé ag iarraidh an Stát a thabhairt ar aon dul le tíortha den mhéid chéanna maidir le hacmhainn chosanta.
    Currently, it can take up to two years to complete the procurement process.
    Faoi láthair is féídir go dtógfaidh sé suas le dhá bhliain leis an bpróiséas soláthair a thabhairt i gcrích.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/22gnj4fw

    Contact: [email protected]
    A significant increase in the number of women seeking help for domestic abuse.
    Ardú mór ar líon na mban ag lorg cuidiú faoi íde sa mbaile.
    There was a 12% increase in the number of people contacting the support organisation Women's Aid last year compared to the previous year.
    Tháinig 12 faoin gcéad d'ardú ar an líon a bhí i dteagmháil leis an eagras tacaíochta Women's Aid anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe.
    Their annual report shows that more than 32,000 people sought their help in 2024 for various abuse situations, the highest number since they were founded 50 years ago.
    Léiríonn a dtuarascáil bhliantúil gur lorg níos mó ná 32,000 cabhair orthu i 2024 ar chúinsí éagsúla mí-úsáide, an líon is airde riamh ó bunaíodh iad 50 bliain ó shin.
    10,000 cases involved physical abuse and assault.
    Bhain 10,000 cás le íde agus ionsaí fisiciúil.
    2,000 were related to sexual abuse, a 30% increase in one year.
    Bhain 2,000 le mí-úsáid gnéis, 30 faoin gcéad d'ardú i n-imeacht bliana.
    4,500 cases involved economic abuse.
    Bhain 4,500 cás le mí-úsáid eacnamúil.
    There was a 15% increase in emotional exhaustion.
    Bhí 15 faoin gcéad d'ardú ar íde mhothúchánach.
    The report also raises concerns about "inconsistent approaches by the Garda Síochána in particular cases".
    Léiríonn an tuarascáil freisin imní faoi "chur chuige neamhréir an Gharda Síochána i gcásanna ar leith".
    Women's Aid says that progress has been made in this regard over the past few years but they are still concerned about the lack of specialist training provided to Gardaí in training.
    Deir Women's Aid go bhfuil gabháil chun déanta ina leith sin le cúpla bliain anuas ach tá siad buartha fós faoina laghad traenála speisialta a churtar ar fáil do Ghardaí faoi oilliúnt.
    Justice Minister Jim O'Callaghan has said that further training could be secured.
    Tá an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan tar éis a rá go m'bfhéidir go bhféadfaí tuilleadh oiliúna a chinntiú.
    Women's Aid Chief Executive Sarah Benson says a unified Government approach and strategy is needed to tackle violence against women.
    Deir Príomhfheidhmeannach Women's Aid Sarah Benson go dteastaíonn cur chuige agus straitéis aontaithe Rialtais le ghabháil i ngleic leis an íde in aghaidh na mban.
    Máire Ní Bhraonáin will have more about that story on Nuacht TG4 at 7.
    Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag a 7.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2azv975v

    Contact: [email protected]
    Talks in Geneva about Iran's nuclear program.
    Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine.
    Israeli military forces say they carried out further bombing raids on various locations in Iran overnight.
    Deir fórsaí míleata Iosrael go ndearna siad tuilleadh ruathar buamála ar áiteanna éagsúla san Iaráin i gcaitheamh na hoíche.
    Among the locations hit, the Israelis say, was a center linked to Iran's nuclear development program in the capital, Tehran, as well as a missile manufacturing center.
    I measc na n-áiteanna a buaileadh, a deir na hIosraelaigh, bhí ionad atá bainteach le clár forbartha núicléiche na hIaráine sa phríomhchathair, Tehran, chomh maith le hionad déantúsaíochta diúracán.
    This is the eighth consecutive night that the Israelis have attacked locations in Iran, aiming, they say, to prevent the Iranians from developing nuclear weapons.
    Sin an t-ochtú hoíche as a chéile ag na hIosraelaigh áiteanna san Iaráin a ionsaí agus é mar aidhm acu, a deir siad, bac a chur ar na hIaránaigh airm núicléacha a fhorbairt.
    The Iranians say they are not developing any nuclear weapons and are enriching uranium solely as a source of energy.
    Deir na hIaránaigh nach bhfuil aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin atá úráiniam á shaibhriú acu.
    It is also reported that seven people were injured when an Iranian missile hit the city of Beersheba in southern Israel last night, the second night in a row that the city has been attacked.
    Tuairiscítear freisin gur gortaíodh seachtar nuair a bhuail diuracán ón Iaráin cathair Beersheba i ndeisceart Iosrael aréir, an dara hoíche as a chéile a ionsaíodh an chathair sin.
    European Foreign Ministers will meet today with Iranian Foreign Minister Abbas Araqchi as part of ongoing efforts to reach a compromise on Iran's nuclear program and end the hostilities.
    Beidh cruinniu inniu ag Airí Gnóthaí Eachtracha ón Eoraip le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi, mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar chomhréiteach faoi chlár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis an gcogaíocht.
    The Foreign Ministers of Britain, France and Germany had telephone conversations with the Iranian leader earlier this week and the two sides agreed to meet in Geneva today.
    Bhí comhráite teileafóin níos túisce an tseachtain seo ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine le fear na hIaráine agus shocraigh an dá thaobh teacht le chéile sa Ghinéiv inniu.
    It is understood that a report was provided to US Secretary of State Marco Rubio following the telephone conversations.
    Tuigtear gur cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio i ndiaidh na gcomhráite teileafóin.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2bzw7ta4

    Contact: [email protected]
    Hundreds killed in plane crash in India.
    Na céadta maraithe i dtubaiste eitleáin san India.
    Around 300 people are reported to have been killed in a plane crash that occurred in western India.
    Tuairiscítear gur maraíodh thart ar 300 duine i dtubaiste eitleáin a tharla in iarthar na hIndia.
    The plane, which was en route to London, crashed shortly after leaving the airport in the city of Ahmedabad in the state of Gujarat.
    Thuairt an t-eitleán a bhí ar a bealach go Londain go gairid tar éis di an t-aerfort i gcathair Ahmedabad i stát Gujarat a fhágáil.
    There were 242 people on board the Air India plane that crashed in a residential area near the airport.
    Bhí 242 duine san eitleán le Air India a thuairt i gceantar cónaithe gar don aerfort.
    It hit a medical college and students are reported to be among the dead.
    Bhuail sí coláiste leighis agus tuairiscítear go bhfuil mic léinn i measc na marbh.
    The plane is understood to have been a Boeing 787-8 Dreamliner, which is a relatively modern aircraft.
    Tuigtear gur Boeing 787-8 Dreamliner a bhí san eitleán, ar árthach réasúnta nua-aimseartha í.
    She left Ahmedabad at 1.39 pm, Indian time, and was scheduled to land at Gatwick Airport in London at 6.25 pm, UK time.
    D'fhág sí Ahmedabad ag 1.39 i.n., am na hIndia, agus bhí sí le tuirlingt in Aerfort Gatwick i Londain ag 6.25 i.n., am Shasana.
    The pilot reportedly made a mayday call before crashing, but it appears that no further communication was received from him after that.
    Tuairiscítear gur chuir an píolóta glao mayday sular thuairt sí ach dealraíonn sé nár tháinig aon scéala eile uaidh ina dhiaidh sin.
    Most of the passengers were Indian citizens, but there were also people from Britain and Portugal.
    Saoránaigh na hIndia ab ea formhór na bpaisinéirí, agus bhí daoine ón mBreatain agus ón bPortaingéil ina measc leis.
    It is too early to say what caused the accident but some experts say the plane's landing gear was visible before it crashed even though it should have been hidden in the belly of the plane.
    Tá sé róluath le rá cad ba chúis leis an timpiste ach deir roinnt saineolaithe go raibh fearas tuirlingthe an eitleáin le feiceáil sular thuairt sí cé gur cheart dó a bheith i bhfolach i mbolg an eitleáin.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/28jd5fzy

    Contact: [email protected]
    More inspections to be carried out on Emeis nursing homes.
    Tuilleadh cigireachtaí le déanamh ar thithe altranais Emeis.
    The Health and Safety Authority is to carry out inspections of two nursing homes owned by the French company Emeis in light of revelations about the two places in the RTÉ Investigates documentary which aired last night.
    Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta le cigireachtaí a dhéanamh ar dhá theach altranais leis an gcomhlacht as an bhFrainc Emeis i bhfianaise ar nochtadh faoin dá áit i gclár faisnéise RTÉ Investigates a craoladh arú aréir.
    The Authority indicated that inspectors would look at general health and safety matters at the centres in Portlaoise and Glasnevin in Dublin.
    Thug an tÚdarás le fios go mbreathnódh cigirí ar chúrsaí sláinte go ginearálta agus ar chúrsaí sábháilteachta sna hionaid i bPort Laoise agus i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath.
    Concerns have been expressed about the quality of care provided in both places since the documentary revealed that vulnerable elderly people were being neglected there.
    Tá imní léirithe faoi chaighdeán an chúraim a chuirtear ar fáil sa dá áit ó léiríodh sa chlár faisnéise go rabhthas ag déanamh faillí i seandaoine leochaileacha iontu.
    There is particular concern that appropriate policies are not being implemented when moving elderly people from room to room.
    Táthar imníoch go háirithe nach bhfuil beartais chuí á gcur i bhfeidhm agus seandaoine á dtabhairt ó sheomra go seomra.
    The Health Information and Quality Authority confirmed yesterday that it was reviewing every nursing home owned by Emeis in this country.
    Dheimhnigh an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte inné go raibh siad ag déanamh athbhreithniú ar gach teach altranais atá ag Emeis sa tír seo.
    The Authority also said that in April they had banned Emeis from accepting more patients in Portlaoise and Glasnevin but that order had fallen on deaf ears.
    Dúirt an tÚdarás freisin gur chuir siad cosc i mí Aibreáin ar Emeis glacadh le tuilleadh othar i bPort Laoise agus i nGlas Naíon ach gur tugadh an chluas bhodhar don ordú sin.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/29qdaa47

    Contact: [email protected]
    Coco Gauff triumphs in tennis.
    Coco Gauff buacach sa leadóg.
    Coco Gauff is the women's singles tennis champion at the French Open.
    Is í Coco Gauff an seaimpín singil leadóige i measc na mban i gComórtas Oscailte na Fraince.
    This is her first time winning that competition.
    Seo an chéad uair di an comórtas sin a bhuachan.
    It was not without effort or without knowing her bones that she got the best in Paris over Aryna Sabalenka, the highest ranked woman.
    Ní gan dua ná i ngan fhios dá cnámha a fuair sí an ceann is fearr i bPáras ar Aryna Sabalenka, an bhean ab airde ó thaobh rangaithe dhe.
    The wind blowing on the Roland Garros Court did not help these players at all today.
    Níor chabhraigh an ghaoth a bhí ag séideadh ar Chúirt Roland Garros tada leis na himreoirí seo inniu.
    The number one seed for this tournament lost the first set but came back to win the other two 6-2 6-4.
    Chaill an bhean a bhí rangaithe uimhir dó don chomórtas seo an chéad seit ach tháinig ar ais leis an dá cheann eile a bhreith léi 6-2 6-4.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/23pytd8x

    Contact: [email protected]
    Increase in the teaching of Irish in second-level schools in the north.
    Ardú ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna dara leibhéal ó thuaidh.
    Irish is being taught in the first three years in 42% of second-level schools in the North, a significant increase from 35% in 2023, according to new research conducted by Queen's University Belfast for the British Council.
    Tá an Ghaeilge á múineadh sna chéad trí bliana i 42 faoin gcéad de scoileanna dara leibhéal sa Tuaisceart, ar ardú suntsasach é sin ó 35 faoin gcéad in 2023, de réir taighde nua a rinne Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i gcomhair an British Council.
    As with the A-level years, and with the exception of English, research shows that Irish is the second most studied language after Spanish.
    Mar leis na blianta A-leibhéal, agus diomaite den Bhéarla, léiríonn an taighde go bhfuil an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi i ndiaidh na Spáinnise.
    For the first time ever, Spanish is also the most widely taught language in the first three years.
    Den chéad uair riamh, is í an Spáinnis an teanga is mó a mhúintear sna chéad trí bliana freisin.
    Spanish is taught in the first three years in 84.8% of second-level schools in the North, compared to 81% of schools where French is taught.
    Múintear Spáinnis sna chéad trí bliana in 84.8 faoin gcéad de scoileanna dara leibhéal an Tuaiscirt, i gcomparáid leis an 81 faoin gcéad de scoileanna ina múintear Fraincis.
    French was taught in 90% of schools in 2023.
    Bhí Fraincis á múineadh i 90 faoin gcéad de scoileanna in 2023.
    There has also been a significant decline in the teaching of German in second- level schools.
    Tá meath suntasach tagtha ar mhúineadh na Gearmáinise i scoileanna dara leibhéal chomh maith.
    That language was being taught in the first three years in 638 schools in 2024, compared to 1,390 schools in 2002.
    Bhí an teanga sin á múineadh sna chéad trí bliana i 638 scoil in 2024, i gcomórtas le 1,390 scoil in 2002.
    The research also states that approximately 30 other languages are spoken at home by second-level students in the North, including Arabic, Bulgarian, Lithuanian, Mandarin, Polish, Portuguese and Romanian.
    Deirtear sa taighde freisin go bhfuil tuairim is 30 teanga eile á labhairt sa bhaile ag daltaí dara leibhéal sa Tuaisceart, lena n-áirítear Araibis, Bulgáiris, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis agus Rómáinis.
    70.5% of schools are giving these students the opportunity to take exams in their home language.
    Tá 70.5 faoin gcéad de scoileanna ag tabhairt deis do na daltaí sin scrúduithe a dhéanamh ina dteanga baile.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2c6gscpc

    Contact: [email protected]
    Richard Satchwell sentenced to life imprisonment.
    Príosún saoil gearrtha ar Richard Satchwell.
    In the Central Criminal Court, Richard Satchwell was sentenced to life imprisonment for murdering his wife Tina in the couple's home in Youghal in east Cork more than eight years ago.
    Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar Richard Satchwell as a bhean chéile Tina a dhúnmharú i dteach cónaithe na lánúine in Eochaill in oirthear Chorcaí breis agus ocht mbliana ó shin.
    Richard Satchwell was convicted of murder last week.
    Ciontaíodh Richard Satchwell sa dúnmharú an tseachtain seo caite.
    The jury deliberated the case for nine and a half hours before convicting him.
    Bhí an cás á chriathrú ag an ngiúiré ar feadh naoi n-uaire an chloig go leith sular chiontaigh siad é.
    The remains of 45-year-old Tina Satchwell were found under the stairs of the house on Grattan Street in Youghal in October 2023, six and a half years since she was last seen.
    Fuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell, a bhí 45 bliain d'aois, faoin staighre sa teach ar Shráid Grattan in Eochaill i mí Dheireadh Fomhair 2023, sé bliana go leith ó chonacthas í go deireanach.
    Richard Satchwell reported his wife missing to the Gardaí in March 2017.
    Chuir Richard Satchwell in iúl do na Gardaí i mí an Mhárta 2017 go raibh a bhean chéile ar iarraidh.
    He told them that the couple had savings of €26,000, that was also missing.
    Dúirt sé leo go raibh coigilteas de €26,000 a bhí ag an lánúin, go raibh sé sin ar iarraidh freisin.
    Before the judge sentenced the offender today, Tina Satchwell's family described in court how the murder had affected them.
    Sular ghearr an breitheamh pianbhreith ar an gciontóir inniu, rinne teaghlach Tina Satchwell cur síos sa chúirt ar an gcaoi a ndeachaigh an dúnmharú i gcion orthu.
    Her sister Lorraine Howard said she couldn't eat or sleep because she was constantly thinking about Tina's suffering and how her body was buried.
    Dúirt a deirfiúr Lorraine Howard nach raibh sí ann ithe ná dul a chodladh mar go raibh sí i gcónaí ag cuimhneamh ar fhulaingt Tina agus ar an gcaoi ar folaíodh a corp.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2yvaxk7a

    Contact: [email protected]
    Significant reduction in a wide range of crimes – provisional figures.
    Laghdú suntasach ar raon leathan coireanna – figiúirí sealadacha.
    There was a significant reduction in the first quarter of the year in a wide range of crimes reported to the Gardaí, including robbery, burglary, theft, violent disorder and crimes against the person.
    Bhí laghdú suntasach sa chéad ráithe den bhliain ar raon leathan coireanna ar tugadh tuairisc orthu do na Gardaí, lena n-áirítear robáil, buirgléireacht, gadaíocht, mí-ord foréigneach agus coireanna in aghaidh an duine.
    As for burglaries, the Gardaí say there was a 17% decrease compared to the same quarter last year and a 29% decrease in burglaries involving violence.
    Mar le buirgléireacht, deir na Gardaí gur laghdú de 17 faoin gcéad a bhí ann i gcomparáid leis an ráithe chéanna anuraidh agus laghdú de 29 faoin gcéad a bhí i gceist i gcás bhuirgléireacht le foréigean.
    In addition, there was an 8% reduction in assaults resulting in injury.
    Ina cheann sin, bhí laghdú de 8 faoin gcéad ar ionsaithe ar dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh dá mbarr.
    There was a 25% reduction in robbery and a 27% reduction in robbery from the person.
    Bhí laghdú de 25 faoin gcéad ar robáil agus laghdú de 27 faoin gcéad ar robáil ón duine.
    There was a 30% reduction in theft from the person, a 32% reduction in theft from vehicles and a 6% reduction in shoplifting.
    Bhí laghdú de 30 faoin gcéad ar ghadaíocht ón duine, laghdú de 32 faoin gcéad ar ghadaíocht ó fheithiclí agus laghdú de 6 faoin gcéad ar ghadaíocht ó shiopaí.
    There was a 14% reduction in bicycle theft.
    Laghdú de 14 faoin gcéad a bhí ar ghadaíocht rothar.
    There was also a 40% reduction in the number of serious road accidents, say the Gardaí.
    Bhí laghdú de 40 faoin gcéad ar an líon timpistí bóthair tromchúiseacha chomh maith, a deir na Gardaí.
    On average, 130 road accidents occurred every day and 23 drivers were arrested every day for driving under the influence of drink or drugs.
    Ar an meán, tharla 130 timpiste bóthair gach lá agus gabhadh 23 tiománaí gach lá as tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí.
    Conversely, there was an increase in a number of crimes in the first quarter of the year, including a significant 61% increase in fraud.
    Os a choinne sin, bhí méadú ar roinnt coireanna sa chéad ráithe den bhliain, lena n-áirítear méadú suntasach de 61 faoin gcéad ar chalaois.
    The increase is due to fraud crimes being reported more frequently, say the Gardaí.
    Coireanna calaoise a bheith á dtuairisciú níos minice is cúis leis an méadú sin, a deir na Gardaí.
    These are all provisional figures and the Central Statistics Office will publish the official figures next month.
    Is figiúirí sealadacha iad ar fad agus foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh na figiúirí oifigiúla an mhí seo chugainn.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/27nr9lh7

    Contact: [email protected]
    Trump is at odds with the European Union again.
    Smut ar Trump leis an Aontas Eorpach arís.
    US President Donald Trump is threatening to impose 50% tariffs on certain goods from the European Union from the beginning of next month.
    Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag bagairt taraifí de 50 faoin gcéad a ghearradh ar earraí áirithe ón Aontas Eorpach ó thús na míosa seo chugainn.
    Trump seems to have made this latest threat with a touch of impatience.
    Is cosúil gur le teann mífhoighne atá an bhagairt is deireanaí seo déanta ag Trump.
    In a statement he published on his own social media, he indicated that no progress was being made in the trade talks underway between the United States and the European Union and he blamed the Europeans for this.
    I ráiteas a d'fhoilsigh sé ar a mheán sóisialta féin, thug sé le fios nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna trádála atá ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach agus chuir sé an milleán faoi sin ar na hEorpaigh.
    He believes that Europeans are a very contradictory group when it comes to bargaining and he claimed that the European Union was first founded to take on the United States.
    Dar leis gur dream an-chonróideach na hEorpaigh ó thaobh margála de agus mhaígh sé gur le teacht i dtír ar na Stáit Aontaithe a bunaíodh an tAontas Eorpach a chéaduair.
    In light of this, he said, he intends to impose tariffs of 50% on luxury goods, pharmaceutical products and many other goods from the European Union from June 1.
    Ina fhianaise sin, arsa sé, tá sé ar intinn aige taraifí de 50 faoin gcéad a ghearradh ar shó-earraí, ar tháirgí cógaisíochta agus ar roinnt mhaith earraí eile ón Aontas Eorpach ón 1 Meitheamh.
    He also threatened to impose a 25% tariff on Apple smartphones made outside the United States.
    Bhagair sé freisin taraif de 25 faoin gcéad a ghearradh ar fhóin chliste Apple a dhéantar taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.
    60 million Apple smartphones are sold in the United States each year, but they are all made in other countries.
    Díoltar 60 millliún fón cliste Apple sna Stáit Aontaithe gach bliain ach is i dtíortha eile a dhéantar iad ar fad.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2xpjphjm

    Contact: [email protected]
    Temporary deal between America and China under Trump Tariffs.
    Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump.
    A deal has been reached between the United States and China to temporarily cut reciprocal tariffs in the hope of ending a trade dispute between the world's two largest economies that has wreaked havoc on stock exchanges and financial markets and on economic planning around the world.
    Tá margadh déanta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh go sealadach le súil clabhsúr a chur ar aighneas tráchtála idir an 2 gheilleagar is mó ar domhan atá tar éis cíor thuathail a tharraingt ar na stocmhalartáin agus na margaí airgid agus ar phleanáil eacnamúil ar fud na cruinne.
    A "90-day pause" has been agreed upon, said US Treasury Secretary Scott Bessent, following talks with Chinese officials in Geneva.
    Tá "sos 90 lá aontaithe" a dúirt Aire Airgeadais Mheiriceá Scott Bessent tar éis chomhráití le feidhmeannaigh de chuid na Síne sa nGinéiv.
    Tariffs will be reduced from over 100% said Bessent to 10%.
    Laghdófar taraifí ó bhreis is 100 faoin gcéad a dúirt Bessent go dtí 10 faoin gcéad .
    "There was a trade barrier on the roads because of the tariffs," the Minister said, "which is not from either side."
    "Bhí trádbhac ar na bacáin de bharr na dtaraifí" a dúirt an tAire "rud nach bhfuil ó cheachtar taobh.
    "We want to do business together."
    Tá muid ag iarraidh a bheith i mbun tráchtála le chéile."
    The talks in Geneva over the past 2 days were the first direct negotiations between senior government officials from the two superpowers since President Trump came to power again at the beginning of the year and imposed a raft of tariffs and fees globally, including very heavy penalties on Chinese goods.
    B'iad na cainteanna sa nGinéiv le 2 lá anuas an chéad idirbheartaíocht dhíreach idir lucht sínsearach Rialtais de chuid an 2 Ollchumhacht ó tháinig an tUachtarán Trump i réim arís ag tús na bliana agus ó thug sé faoi rois dleachtanna agus táillí go domhanda, pionóis an-trom ina measc ar earraí de chuid na Síne.
    Since January, the Trump regime has imposed a 145% increase in tariffs on imports of materials from China, in addition to the tariffs imposed by Donald Trump during his first term in the White House and by President Biden in the meantime.
    Ó mhí Eanáir tá 145 faoin gcéad de chostas sa mbreis curtha ag Réimeas Trump ar ealmhuiriú ábhair as an tSín, i dteannta na dtáillí a bhí gearrtha ag Donald Trump ina chéad thréimhse sa Teach Bán agus ag an Uachtarán Biden idir an dá linn.
    In response, China had blocked the sale of rare earth minerals to America - a vital raw material for US companies producing ammunition and electronics - and was imposing 125% tariffs on goods from America.
    Mar fhreagra le ráithe bhí an tSín tar éis bac a chur ar mhianraí tearc-chré a dhíol le Meiriceá - bunábhar riachtanach ag cuideachtaí sna Stáit Aontaithe a bhíonn ag táirgeadh armlóin agus earraí leictreonacha - agus bhí 125 faoin gcéad de tharaifí á ngearradh acu ar earraí anall as Meiriceá.
    Since the conflict began, $600 billion worth of trade between the two countries has been halted, supply chains have been damaged, people have been displaced and there has been widespread concern about inflation without economic growth.
    Ó thosaigh an t- achrann tá stad curtha ar luach $600 billiún tráchtála idir an 2 thír, dochar déanta do ghréasáin soláthair, daoine ligthe chun siúil agus imní go forleathan faoi bhoilsciú gan borradh geilleagair.
    Chinese Vice Premier He Lifeng said the talks were "candid, comprehensive and fruitful" and that "significant progress and important agreement" had been achieved.
    Dúirt LeasPhríomhaire na Síne He Lifeng go raibh na comhráití "neamhbhalbh, cuimsitheach agus fiúntach" agus gur baineadh amach "gabháil ...

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2dhy5os7

    Contact: [email protected]
    Leo XIV: American, Augustinian, Missionary.
    Leo XIV: Meiriceánach, Aibhistíneach, Misinéir.
    Robert Francis Prevost is the next pope of the Catholic Church and will be known to the general public as Leo XIV.
    Robert Francis Prevost é an chéad phápa eile ar an Eaglais Chaitliceach agus mar Leo XIV a bheidh aithne ag an bpobal mór air.
    It was not expected that the successor to Princip would come from America, but his appointment is a strong indication that there will be a certain continuity between the work of Leo XIV and Princip.
    Ní raibh súil gur as Meiriceá a thiocfadh an comharba ar Phrionsias, ach nod láidir é a cheapúchán go mbeidh leanúnachas áirithe idir obair Leo XIV agus Prionsias.
    Robert Prevost, who was not appointed cardinal until 2023, is from Chicago, Illinois, and is one of the 80 men appointed cardinals by Pope Francis since 2013.
    As Chicago Illinois é Robert Prevost, nár ceapadh ina chairdinéal go dtí 2023, duine de na 80 fear a cheap Prionsias ina gcairdinéil ó 2013.
    Robert Prevost was born in 1955 in Chicago, Illinois, and entered the priesthood in the Augustinian order there, before graduating with a degree in mathematics from Villanova University in Philadelphia.
    I 1955 i Chicago Illinois a rugadh Robert Prevost, agus chuaigh sé isteach sna sagairt san ord Aibhistíneach ansin, sular bhain sé céim amach sa matamataic in Ollscoil Vilanova i Philadelphia.
    He also earned degrees in theology, one of which was a doctorate in Rome.
    Bhain sé céimeanna amach sa diagacht freisin, ceann acu sin ina dhochtúireacht sa Róimh.
    In 1985 he headed to Peru where he spent 14 years as a missionary in one of the poorest countries in the world.
    I 1985 thug sé aghaidh ar Pheiriú áit ar chaith sé 14 bhliana déag ina mhisinéir i gceann de thíortha bochta an domhain.
    It was brought back to America in 1999 where it was introduced to the Aussies there and around the world.
    Tugadh ar ais chuig Meiriceá e i 1999 áit a cuireadh é i mbun na nAibhistíneach ansíúd agus ar fud an domhain.
    But Francis sent him back to Peru in 2014, this time as bishop of Chiclayo in the north of that country, and it was there that Francis called him to Rome in 2023.
    Ach chuir Proinsias ar ais chuig Peiriú é i 2014, an uair seo ina easpag ar Chiclayo i dtuaisceart na tíre sin, agus is ann a bhí sé gur ghlaoigh Proinsias chun na Róimhe é i 2023.
    When Prevost was put in charge of the institution that advises the Pope on the appointment of a new bishop, it was clear that Princip wanted to give him power and status.
    Nuair a cuireadh Prevost i mbun an fhorais a chuireann comhairle ar an bPápa faoi easpag nua a cheapadh, ba léir go raibh Prionsias ag iarraidh cumhacht agus stadas a thabhairt dó.
    Not long after that, he became a cardinal, the highest rank in the church other than the pope himself.
    Níorbh fhada ina dhiaidh sin a rinneadh cairdinéal de, an chéim is airde san eaglais seachas an pápa féin.
    Francis was confident in his ability to communicate with the different factions in the church and his moderate stance on many controversial issues.
    Bhí muinín ag Proinsias as a chumas cumarsáide leis na heití éagsúla san eaglais agus an seasamh measartha a bhí aige as go leor ceisteanna conspóideacha.
    The direction that Prevost would follow was clear upon Francis' death.
    Bhí sé soiléir ar bhás Phroinsias an treo a leanfadh Prevost.
    He said that the work could not be stopped or turned back, saying that the same strong message was always there: proclaim Jesus Christ and proclaim the Gospel.
    Dúirt sé nach bhféadfaí an obair a stopadh ná casadh ar ais, á rá go raibh an teachtaireacht chéanna láidir ann i gcónaí: fógair Íosa Críost agus fógair an Soiscéal.
    But he also said that it needed to be told in a way that the youth, the poor and politicians could hear it in their own way.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26q4o68l

    Contact: [email protected]
    A secret assembly to elect a Pope has begun.
    Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh.
    133 Cardinals of the Catholic Church from 70 countries around the world have begun the secret conclave in the Vatican this evening to elect a new Pope.
    Tá tús curtha ag 133 Cairdinéal as an Eaglais Chaitliceach ó 70 tír ar fud an domhain tráthnóna leis an gcomhthionól rúnda sa Vatacáin chun Pápa nua a thoghadh.
    The Cardinals attended Mass in St. Peter's Basilica this morning.
    D'fhreastail na Cairdinéil ar Aifreann i mBaisleac Pheadair ar maidin.
    In the evening, they gathered in the Sistine Chapel in the Vatican to begin the official process.
    Tráthnóna, bhailigh siad le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil.
    The 133 cardinals were sworn to secrecy before the church doors were closed.
    Cuireadh an 133 cairdinéal faoi mhionn rúndachta sular dunadh doirse an tséipéil.
    The cardinals will have no contact with anyone outside the congregation until a successor to Pope Francis, who died last month, has been chosen.
    Ní bheidh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól go dtí go mbeidh comharba ar an bPápa Prionsias a bhásaigh an mhí seo caite roghnaithe.
    A Pope has not been elected on the first day of the secret assembly for centuries.
    Níor toghadh Pápa ar an gcéad lá den chomhthionól rúnda leis na céadta bliain.
    It is estimated that the cardinals may continue voting for several days before one cardinal has received enough votes to be appointed the 267th Pope of the Catholic Church.
    Meastar go bhféadfadh sé go leanfaidh na cairdinéil i mbun vótála ar feadh roinnt laethanta sula mbeidh dóthain vótaí faighte ag cairdinéal amháin chun é a cheapadh ina 267 Pápa ar an Eaglais Chaitliceach.
    There will be one ballot today.
    Ballóid amháin a bheidh ann inniu.
    Starting today, Cardinals will be able to vote up to 4 times a day.
    Ón lá inniu ar aghaidh, beidh na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá.
    According to rules implemented by Pope Paul VI in 1970, Cardinals must be under 80 years of age to be able to vote.
    De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh.
    A secret assembly has begun to elect a Pope A secret assembly has begun to elect a Pope
    Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2azdcv83

    Contact: [email protected]
    Trump has celebrated his first 100 days in office.
    Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig.
    United States President Donald Trump held a rally in Michigan yesterday to celebrate his first 100 days in office, in his second term as President.
    Bhí slógadh i Michigan ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné leis an chéad 100 lá atá caite in oifig aige, ina dhara téarma mar Uachtarán, a cheiliúradh.
    President Trump stood by what he says he has done so far and claimed that as a result, prices have decreased, that a lot of investment has been made in the economy and that America is respected again around the world.
    Sheas an tUachtarán Trump leis an méid a deir sé atá déanta aige go dtí seo agus mhaígh sé go bhfuil praghasanna laghdaithe dá bharr, go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar agus go bhfuil meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain.
    President Trump said that his Administration has done better in its first 100 days in office than any other Administration in the history of the United States.
    Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh i stair na Stát Aontaithe.
    The President said that illegal immigration has been combated, that trade tariffs are being imposed on goods coming into America and that federal workers are being cut.
    Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear tar éis dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, go bhfuiltear ag gearradh táillí trádála ar earraí a thagann isteach go Meiriceá agus go bhfuiltear ag gearradh siar ar oibrithe feidearálacha.
    Meanwhile, US Secretary of State Marco Rubio has warned that the United States will withdraw from its role in mediation talks between Russia and Ukraine unless both countries implement practical plans to end the war.
    Idir an dá linn, tá foláireamh tugtha ag Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, go dtarraingeoidh na Stáit Aontaithe siar as a ról sna cainteanna idirghabhála idir an Rúis agus an Úcráin, muna gcuireann an dá thír pleananna praiticiúla i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an gcogadh.
    Donald Trump commemorates his first 100 days in office with rally in Michigan
    Comóradh déanta ag Donald Trump ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh i Michigan

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/2csee66f

    Contact: [email protected]
    Meeting of the American President with President Zelensky in Rome.
    Cruinniú ag Uachtarán Mheiriceá le hUachtarán Zelensky sa Róimh.
    US President Donald Trump had a 15-minute conversation with Ukrainian President Volodymyr Zelensky in Rome this morning.
    Bhí comhrá a mhair 15 nóiméad ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Róimh ar maidin.
    The meeting was held in St. Peter's Basilica before the funeral of Pope Francis.
    Tionóladh an cruinniú i mBaisleac Pheadair roimh shochraid an Phápa Proinsias.
    The White House said the two leaders had a ''very productive meeting''.
    Dúirt an Teach Bán go raibh ''cruinniú an-thairbheach'' ag an dá cheannaire.
    Ukrainian presidential spokesman Serhiy Nykyforov says arrangements are being made to hold further talks.
    Deir úrlabhraí uachtaránachta na hÚcráine Serhiy Nykyforov go bhfuil socruithe á ndéanamh chun tuilleadh cainteanna a reáchtáil.
    The President of Ukraine said that if the matters discussed today are achieved, it could be a historic meeting.
    Dúirt Uachtarán na hÚcráine má bhaintear na nithe a pléadh inniu amach go bhféadfadh sé tarlú gur cruinniú stairiúil a bhí ann.
    This was the first meeting between the Presidents since a heated meeting between the two leaders at the White House in Washington in February.
    Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag na hUachtaráin ó bhí cruinniú teasaí idir an dá cheannaire sa Teach Bán i Washington i Mí Feabhra.
    The American President left Rome on Air Force One after attending the Pope's funeral in Rome.
    D'fhág Uachtarán Mheiriceá an Róimh ar Air Force One i ndiaidh do freastal ar shochraid an Phápa sa Róimh.
    Following the meeting, President Trump criticized Russian President Vladimir Putin and said he is considering imposing further sanctions on Russia, something the Ukrainian President has repeatedly called for.
    I ndiaidh an chruinnithe, cháin an tUachtarán Trump, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus dúirt sé go bhfuil sé i mbun macnaimh maidir le tuilleadh smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis, rud atá á lorg ag Uachtarán na hÚcráine arís agus arís eile.
    President Zelensky said that a complete ceasefire and how to achieve a peace that would last and prevent another war from starting were discussed.
    Dúirt an tUachtarán Zelensky gur pléadh sos comhairc iomlán agus conas síocháin a mhairfeadh agus a chuirfeadh stop le cogadh eile tosnú a bhaint amach.
    Meanwhile, Russian attacks on Ukraine continue.
    Idir an dá linn, leanann ionsaithe na Rúise ar an Úcráin.
    The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning
    Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25bofwlj

    Contact: [email protected]
    150k people have paid their respects to the Pope so far.
    150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo.
    The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day.
    Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile.
    People are waiting up to four hours in queues to pay their respects.
    Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú.
    Pope Francis passed away on Easter Monday.
    Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca.
    He was 88 years old.
    Bhí sé 88 bliain d'aois.
    The President of Ireland, Michael D.
    Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D.
    Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier.
    Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce.
    With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure.
    Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil.
    President Michael D.
    Beidh an tUachtarán Michael D.
    Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square.
    Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair.
    They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy.
    Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy.
    It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral.
    Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill, i láthair ag an tsochraid.
    Former US President Joe Biden will also be there.
    Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin.
    In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square.
    Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair.
    Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night.
    Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche.
    He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks.
    Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é.
    After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus.
    Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus.
    In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul.
    In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d’anam an Phápa.

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/26c5khu5

    Contact: [email protected]
    Thousands in Rome bid farewell to the Pope.
    An slán deireanach á fhágáil leis na bPápa ag na mílte sa Róimh.
    Thousands are gathering in the Vatican to bid Pope Francis a final farewell in St. Peter's Basilica, where his body will lie in state for the next three days.
    Tá na mílte ag bailiú sa Vatacáin leis an slán deireanach a fhágáil ag an bPápa Proinsias i mBaisleac Pheadair, mar a mbeidh a chorp ag luí faoi ghradam go ceann trí lá.
    A long line of mourners and visitors stretched across St. Peter's Square before the doors of the basilica opened at ten o'clock in the morning, to allow entry to the public.
    Shín líne fhada na sochraideach agus cuairteoiri trasna Chearnóg Pheadair sular oscail doirse na baislice ar a deich ar maidin, chun cead isteach a thabhairt don phobal.
    The wardens estimated that there were approximately 20,000 people in the queue at that time.
    Mheas na maoir go raibh tuairim is 20,000 duine sa scuaine an t-am sin.
    Pope Francis, the leader of 1.4 billion Catholics around the world and the man from Argentina who was known for his reform, died on Monday at the age of 88.
    Dé Luain a fuair an Pápa Prionsias bás in aois a 88 mbliana, ceannaire 1.4bn Caitliceach ar fud na cruinne, an fear as an Airgintín a raibh cáil an leasaithe air.
    According to his death certificate, his death was caused by a stroke and heart failure, a day after he participated in the Cascais ceremonies at the Vatican.
    De réir a theastais bháis, stróc agus teip croí a thug a bhás, lá tar éis dó páirt a ghlacadh i searmanais na Casca sa Vatacáin.
    He had spent five weeks in hospital since February due to pneumonia that had spread to both lungs.
    Bhí cúig seachtaine caite aige san ospidéal ó mhí Feabhra de bharr núimóine a bhí tolgtha aige sa dá scámhóg.
    Since Monday, the pope's body has been lying in state in the Casa Santa Marta church in the Vatican, the house where he has resided since becoming pope, unlike his predecessors who resided in the Papal Apartments in the Vatican.
    Ón Luan, bhí corp an phápa as cionn cláir i séipéal Casa Santa Marta sa Vatacáin, an teach inar chuir sé faoí ó rinneadh pápa de, ní hionann agus na fir a chuaigh roimhe a rinne cónaí i Seomraí an Phápa sa Vatacáin.
    But this morning, Francis' body was taken from there to St. Peter's Basilica, one of the most beautiful and ornate churches in the world, and it will lie there until the funeral Mass on Saturday morning.
    Ach ar maidin, tugadh corp Phroinsias as sin go dtí Baisleac Pheadair, ceann de na heaglaisí is galánta agus is ornáidí ar domhain, agus is ann a bheidh sé go dtí Aifreanna na sochraide maidin Dé Sathairn.
    A crowd of priests and cardinals escorted his coffin through St. Peter's Square, where applause broke out among the thousands awaiting him, a traditional sign of respect at funerals in Italy.
    Slua de shagairt agus de cháirdinéil a rinne tionlacan ar a chónra trí Chearnóg Pheadair, mar a bhris bualadh bos amach i measc na mílte a bhí ag fanacht air, comhartha traidisiúnta ómóis ag sochraidí san Iodáil.
    The bells of St. Peter's rang and the Basilica choir sang psalms and Latin prayers as the pope's body entered the church.
    Bhuail cloig Naomh Peadair agus bhí cantaireachta salm agus páidreacha Laidne ag cór na Baislice ar theacht chorp an phápa isteach san eaglais.
    He will lie in state in a simple coffin in front of the altar, and beneath a niche painted by Michelangelo himself until his funeral.
    Beidh sé ag luí faoi ghradam i gcónra simplí os comhair an altóra, agus faoi bhun chuinneacháin a phéinteáil Michaelangelo féin go dtína shochraid.
    Prince is dressed in the white robes of the pope and, as one would expect from a devout Catholic, the rosary is woven into his fingers.
    Tá Prionsias gléasta in éide bhán an phápa agus, mar a bhéifí agus súil leis ó Chaitliceach cráifeach,

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
    Original Podcast with clickable words
    https://tinyurl.com/25bhudvk

    Contact: [email protected]
    Sony to create 100 new jobs in Dublin.
    Sony le 100 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath.
    Sony Interactive Entertainment (SIE), the company that makes PlayStation, is to create 100 new jobs in Dublin.
    Tá Sony Interactive Entertainment (SIE), an comhlacht a dhéanann PlayStation, le 100 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath.
    Software engineers and data scientists are to be recruited, who will be conducting research and development, it was said, with the aim of improving the company's digital operations and customer services.
    Innealtóirí bog-earraí agus eolaithe sonraí atá le hearcú, ar taighde agus forbairt a bheas ar bun acu, a dúradh, le súil barr feabhais a chur ar oibríochtaí digiteachta an chomhlachta agus ar sheirbhísí do chustaiméirí.
    The Industrial Development Agency (IDA Ireland) is supporting the investment.
    Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht.
    IDA chief executive Michael Lohan said the news was yet another testament to Ireland's reputation as a hub for innovation and technology, not to mention the good reputation of the country's workers around the world.
    Dúirt príomhfheidhmeannach GFT Michael Lohan gur solaoid eile fós an scéala ar an dea-cháil atá ar Éirinn mar mhol nuálaíochta agus teicneolaíochta, gan trácht ar an dea-chlú atá ar oibrithe na tíre ar fud an domhain.
    However, it appears that SIE's business has changed significantly for the better recently, as it has only been a year since the company laid off 900 workers in various countries.
    Ar a shon sin, taibhsíonn sé go bhfuil athrú suntasach chun feabhais tagtha ar ghnóthaí SIE le gairid, arae níl ann ach bliain ó scaoil an comhlacht 900 oibrí chun siúil i dtíortha éagsúla.
    RTÉ News and Current Affairs
    Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ