Reproducido

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha. Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo.

    In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.

    Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    i neasraon - at close range

    olluaigh - mass grave

    seabhac - hawk

    sitheadh - swoop

    ceannródaíoch - trailblazing

    dianiomaíocht - intense rivalry

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".

    Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d’aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg."

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain

    *

    GLUAIS

    sonas - happiness

    tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

    athbheochan - revival

    neamhdhominiceanach - non-dominican

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na comhlachtaí sin a mhealladh. Ní raibh aon cheilt ag an Trumpach ach an oiread ar a naimhdeas leis an Aontas Eorpach, agus mar sin de ba bheag an t-iontas gurbh iad na taraifí an téama ba lárnaí ag an bpreasócáid san Oifig Ubhchruthach. Nuair a fuair an Taoiseach deis cainte, luaigh sé an caidreamh stairiúil idir an dá thír, agus dúirt sé gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Maidir leis na cogaí in Gaza agus san Úcráin, thug sé freagraí taidhleoireachta gan cur isteach ar an Uachtarán ná ar an Leas-Uachtarán, J.D. Vance, a rinne argóint phoiblí le déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy.

    Bhí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair riamh le linn Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo. Luaigh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl anois, agus go bhfuil ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar na bacáin freisin. An méid sin ráite, lean sí uirthi ansin i mBéarla, agus mhol sí an Príomh-Aire, Keir Starmer, as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éire agus an Bhreatain. Thug sí cuireadh dó freisin teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn chun freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ghabh an Príomh-Aire buíochas léi agus ghuigh sé Lá Fhéile Pádraig sona dóibh siúd a bheadh ag ceiliúradh na féile. Dúirt an SDLP gur gníomh “siombalach” don Ghaeilge é ráiteas a gceannaire.

    Tá póilíní na Gearmáine sa tóir ar changarú a bhí caillte de réir dealraimh tar éis do thiománaí a chur in iúl go raibh sé ag léimneach síos an bóthar in aice le baile Sebnitz gar don teorainn leis an tSeicia. Tar éis an radharc neamhghnách a fheiceáil, ghlaoigh an tiománaí ar na póilíní agus chuir sé grianghraf chucu mar fhianaise. Ach faoin am a tháinig siad ar an láthair, bhí an cangarú imithe glan. Is beag eolas atá ar fáil faoin ainmhí, a dúirt na póilíní, ach an lá dár gcionn thuairiscigh bean go raibh cangarú áirithe ar iarraidh. In 2023, tharla oibríocht ollmhór póilíneachta i mBeirlín nuair a tuairiscíodh go raibh leon scaoilte ar shráideanna na cathrach. Chuir siad deireadh leis an gcuardach, áfach, tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar an bhfíseán agus a thuiscint nach leon a bhí ann, ach torc.


    taraifí - tariffs

    freagraí taidhleoireachta - diplomatic answers

    ar na bacáin - coming soon, in the pipeline

    cuireadh - invitation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do na Stáit Aontaithe, acht d’imigh sé gan réiteach tar éis na raice. Thosaigh siad ag
    sáraíocht ar a chéile nuair a chuir Vance ina leith go raibh Zelenskyy ag cur dímheas orthu, agus chuaigh gach rud i gcúl ó shin; chuir Trump ina leith go raibh Zelenskyy ag dul sa seans leis an Tríú Cogadh Domhanda. Tharla an cruinniú i gcomhthéacs iarrachtaí Trump deireadh a chur leis an gcogadh
    san Úcráin ar théarmaí i bhfad níos fearr don Rúis ná a bhí ar intinn ag an iar-rialtas Meiriceánach.

    Tá Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu, agus leanfaidh sí ar aghaidh ar feadh seacht lá déag go dtí Lá Fhéile Pádraig. Beidh imeachtaí Gaelacha ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is deis iontach í an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tharla an seoladh náisiúnta i mbaile Loch Garman Dé
    Sathairn seo caite, agus beidh Lá na gCiorcal Comhrá ar siúl ar fud na tíre Dé Céadaoin an dara lá déag, i measc go leor imeachtaí eile. Téigh ar líne go snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge.

    Tá na cúig phláinéad chlasaiceacha le feiceáil sa spéir tráthnónta an deiridh seachtaine seo, chomh maith le hÚránas agus Neiptiún, an uair dheireanach roimh 2040 a mbeidh siad uilig le feiceáil le chéile. Tá Satarn go han-íseal i mbreo an chlapsholais, fiche nó tríocha nóiméad tar éis luí na gréine; tá
    Mearcair beagán níos airde, Veineas níos airde fós, agus an-gheal; agus níos faide sa spéir ó luí na gréine tá Iúpatar agus Mars, a bhfuil dath dearg soiléir air. Ní féidir Úránas agus Neiptiún a fheiceáil gan déshúiligh nó teileascóp, agus tá fíor na spéire glan de dhíth le haghaidh Satarn agus Mearcair, agus bheadh déshúiligh cuidiúil dóibh freisin. Tá na trí cinn eile éasca. Téigh ar line go www.skyandtelescope.com chun léarscáil díobh uilig a aimsiú, agus guíonn muid spéir ghlan ar gach duine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phochraolta.

    *

    GLUAIS

    ubhchruthach - oval

    acmhainní mianra - mineral resources

    seoladh - launch

    breo an chlapsholais - the glow of twilight

    déshúiligh - binoculars

    fíor na spéire - horizon

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.

    Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d’fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.

    Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    balla dóiteáin - firewall

    caibidlíocht - negotiation

    dall - blind

    máinlia na reitine - retina surgeon

    ríora - dynasty

    fionnachtain - discovery

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin, is cosúil nar tháinig duine ar bith de na 60 paisinéirí eitleáin nó den triúr saighdiúirí sa héileacaptar slán ón dtimpiste. Tá sé tagtha chun solais go raibh go leor scátálaithe fíoracha ar an eitleán ag teacht thar n-ais go Washington tar éis craobhchomórtais in Kansas. D’fhógair an Kremlin sa Rúis go raibh na hiarchuraidh domhanda Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord an eitleáin.

    Tharla ócáidí comórtha ar fud an domhain dosna daoine a fuair bás agus a mhair tríd an Uileloscadh an tseachtain seo. Bhí an ócáid is mó ar siúl sa champa géibhinn in Auschwitz sa Pholainn. Saoradh an campa sin ar an 27 Eanáir 1945 agus mar gheall
    air sin, bíonn Lá Comórtha an Uileloiscthe ar siúl ar an lá sin gach bliain. Fuair sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh, chomh maith le daoine de mhionlaigh eitneacha eile, mar thoradh ar na coireanna in aghaidh na daonnachta déanta ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. D’fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar an ócáid in Auschwitz agus réachtáladh ócáid chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath chomh maith inar thug an tUachtarán Michael D. Higgins óráid. Tharraing a óráid conspóid, áfach, nuair a rinne sé tagairt don scrios in Gaza faoi láthair.

    Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley an tseachtain seo nuair a eisíodh samhail Intleachta Saorga nua sa tSín darb ainm DeepSeek. Is bota cómhrá é DeepSeek, cosúil le ChatGPT, agus tá saineolaithe ana-thógtha leis an dteicneolaíocht. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gur
    chruthaíodar an tsamhail go saor i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI. Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna agus de bhrí na nuachta san, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún Dé Luain
    – an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin dteicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua. Ach is léir nach bhfuil an Intleacht Shaorga so saor ón mbolscaireacht: nuair a chuir an BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    aerárthach - aircraft

    scátálaithe fíoracha - figure skaters

    an Uileloscadh - the Holocaust

    coireanna in aghaidh na daonnachta - crimes against humanity

    samhail - prototype

    sliseanna - (computer) chips

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair arbhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe.

    I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, arHand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige.

    Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán balaistíoch - ballistic missile

    crann coill - hazel tree

    saoráid mhíleata - military facility

    ionsaí gnéasach - sexual assault

    neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder

    líomhaintí - allegations

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana.

    Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile.

    Aimsíodh fige 2,000 bliain d’aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comhdháil aeráide - climate conference

    stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock

    cumadóir - composer

    buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups

    torthaí andúchasacha - exotic fruits

    tochailt seandálaíochta - archaeological dig

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go luath i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an líon vótaí sin faighte ag Trump. Cé go bhfuil lucht na heite deise ag ceiliúradh, is toradh díomách atá ann do na milliúin daoine i Meiriceá agus thar lear, agus imní acu faoin éifeacht a bheidh ag an rialtas ar cearta na mban, daoine LADTA, daoine de dhath, agus ar an timpeallacht. Seo an dara téarma uachtaránachta ag Trump, tar éis a chéad téarma ó 2017-2021. Táinsíodh Trump dhá uair le linn a chéad téarma agus bhí ciontú coiriúil ina choinne i mbliana.

    Lánscoireadh Dáil Éireann Dé hAoine, agus olltoghchán socruithe don naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Maidir le deireadh téarma an rialtais seo, caithfear an Dáil a lánscor roimh mhí Feabhra 2025 agus bhí ráflaí agus brú go leor ann le déanaí maidir le teacht luath an chinnidh. Tar éis leideanna ón Tánaiste Mícheal Martin agus ó Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas, ceannairí eile an Chomhrialtais, d’fhógair an Taoiseach Simon Harris ar Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin go mbeadh sé ag lorg lánscor na Dála ón Úachtarán Michael D. Higgins Dé hAoine. Dúirt sé go raibh siad ag fánacht leis an mBille Airgeadais a chur tríd ar dtús. Beidh brú ón bpobal maidir le ceist na Palaistíne agus tithíocht go háirithe sa toghchán seo. Is í an Mháirt bheag seo an lá deireanach is féidir clárú le haghaidh vótála.

    Tharla an chéad taispeáint Éireannach den scannán Gladiator II i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, ag an bpictiúrlann The Lighthouse i Margadh na Feirme. Ba é Ridley Scott a stiúr an scannán, agus tá Paul Mescal sa phríomhpháirt, agus leanann an scéal eachtraí an scannáin ráthúil Gladiator ón mbliain 2000. Is ról mór i scannán domhanda é do Mescal, a bhfuil ag éirí leis ina ghairm le roinnt blianta anuas, ach i gcláracha agus scannáin neamhspleácha den chuid is mó. Tá sceitimíní agus bród ar an lucht féachana Éireannach chun scannán chomh mór a fheiceáíl agus príomhaisteoir Éireannach ann. Roimh an taispeáint bhí comórtas na leathcheann nó “lookalike” Paul Mescal i Margadh na Feirme. Spreagtha le heachtra i gCathair Nua Eabhrac an seachtain seo caite bunaithe ar Timothee Chalamet, dúirt an t-eagraí go raibh sé ag lorg píosa spraoi a chruthú agus an oiread sin drochnuachta le cloisteáil na laethanta seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    coláistí toghcháin - electoral colleges

    tromlach - majority

    an Dáil a lánscor - to dissolve the Dáil

    ráflaí - rumours

    taispeáint - showing

    eachtraí - events, adventures

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn.

    Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin.

    Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tarrthálaithe - rescuers

    rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning

    litir chomhbhróin - letter of condolence

    comhthíreach - fellow countryman

    nuachtán clóite - print newspaper

    ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”.
    Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.
    Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d’fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cochall - pod

    saoráid óstáin - hotel facility

    leithcheal - discrimination

    an Teastas Sóisearach - the Junior Cert

    dúnmarfóir - murderer

    achomharc - appeal

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar an talamh in Iosrael faoi ionsaí an Iaráin. Maraíodh níos mó ná dhá mhíle daoine sa Liobáin, áfach, dar leis an rialtas; ina measc fiche a hocht oibrí leighis i lá amháin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Aistríodh fiche a ceathair Éireannach agus a gcleithiúnaithe amach as an Liobáin Dé hAoine.

    Tá comhaontú déanta ag an Ríocht Aontaithe le Poblacht Oileán Mhuirís an tseachtain seo, chun seilbh agus ceannas Oileánra Chagos a thabhairt dóibh. Chuir an Ríocht Aontaithe ruaig ar mhuintir na n-oileán sna seascaidí agus seachtóidí, thart ar dhá mhíle duine, agus beidh ceart filleadh acusan, agus a gcuid sliochtach, faoin gcomhaontú. Beidh an Ríocht Aontaithe, agus na Stát Aontaithe, fós i gceannas ar an mbunáit mhíleata straitéiseach ar Diego Garcia, an t-oileán is mó san oileánra, go ceann nócha naoi bliain eile. Dúirt urlabhraí de chuid Chagossian Voices, eagraíocht phobail na n- oileánach, nach raibh seans acu bheith páirteach san idirbheartaíocht, agus d’éiligh said ról sa phróiseas i ndréachtú an chonartha fhoirmiúil.

    Tá an réalta eireabaill, nó cóiméad, Tsuchinshan-ATLAS ag teacht, den chéad uair ó ré na Sean-Chlochaoise ar domhan, agus tá réalteolaithe ag súil le ceann de na réaltaí eireabaill is gile le blianta anuas. Tá sé le feiceáil go híseal sa spéir roimh bhreacadh an lae agus é seo á scríobh; acht rachaidh sé trí pheirihéalean – an pointe is cóngaraí don ghrian ina fhithis – ar an dara lá déag den mhí seo. Ina dhiaidh sin bogfaidh sé go dtí an spéir tráthnóna, agus tá na saineolaithe ag tuar go mbeidh sé le feiceáil go breá geal sa spéir, le heireaball fada, tar éis luí na gréine an tseachtain i ndiaidh an dara lá déag.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán balaistíoch - ballistic missile

    cleithiúnaithe - dependents

    oileánra - archipelago

    sliochtach - descendent

    réalta eireabaill - comet

    fithis - orbit