Joué
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an bhféile Coachella sna Stáit Aontaithe i mí Aibreáin. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring go raibh an cúiseamh neamhdhleathach, mar níor thug an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a gcead dó dul ar aghaidh laistigh de sé mhí, agus bhí an cead a thug siad lá thar am. Dúirt Ó hAnnaidh nach raibh an cás faoi sceimhlitheoireacht, acht faoi Gaza. Bhí Blinne Ní Ghrálaigh KC, abhcóide Chonradh na Gaeilge i Londain i gcás leacht cuimhneacháin Margaret Keane, ina fhoireann cosanta.
D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt anailís costais is tairbhe ar an mBunioncam do na hEalaíona, a shocraigh gur as gach euro a caitheadh, cruthaíodh €1.39 de thairbhí sóisialta agus eacnamaíochta. Thosaigh an scéim píolóta in 2022, agus ó shin tá 2000 ealaíontóirí ag fáil €325 in
aghaidh an tseachtain, chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a n-obair chruthaitheach. Tá an scéim chun críochnú i mí Feabhra 2026, acht tá an rialtas ag obair ar cheann nua, a bheidh mar chuid de Bhuiséad 2026.Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, an speiceas de daoine ársa ar a thugtar na “Deiniseóbhaigh”, san irisleabhar “Science” an tseachtain seo. D’aimsíodh an blaosc in Yunxian sa tSín, agus de réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d’aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana; agus léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation
Príomh-Bhreitheamh - Chief Justice
Ard-Aighne - Attorney-General
Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí - Director of Public Prosecutions
anailís costais is tairbhe - cost-benefit analysis
Bunioncam do na hEalaíona - Basic Income for the Arts
blaosc - skull
Deiniseóbhach - Denisovan
Afraicigh fho-Shaháracha - sub-Saharan Africans
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.
Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. I gCaisleán Windsor, tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Lasmuigh den chaisleán, áfach, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”. Ag preasagallamh leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer, dúirt Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.
Tá sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gníomhaíocht chomhshaoil - environmental activism
preasagallamh - press conference
séadchomhartha deasghnátha - ritual monument
an Chré-Umhaois - the Bronze Age
fionnachtain - discovery
dúnta réamhstairiúla - prehistoric forts
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis.
Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin agus, i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Trump nach raibh gá le sos comhraic agus go mbeadh sé ag iarraidh comhaontú síochána a dhéanamh ina ionad san. Spreag an ráiteas san imní i measc ceannairí Eorpacha agus go háirithe san Úcráin, ar eagla go mbeadh orthu talamh sa Donbas a ghéilleadh don Rúis. Chuaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus roinnt ceannairí Eorpacha go dtí an Teach Bán Dé Luain chun an plean a phlé le Trump. Dúirt Trump go bhfuil sé ag iarraidh cruinniú mullaigh a shocrú anois idir Zelensky agus Putin ach níl aon rud beartaithe go fóill.
Tá fórsaí míleata Iosrael tar éis 60,000 saighdiúir cúltaca a ghairm chun seirbhíse agus iad ag tosnú le hionsaí nua ar Chathair Gaza in ainneoin an cháinte idirnáisiúnta. Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le Hamas leis an ionsaí so ach tá eagraíochtaí daonnúla ag tabhairt rabhadh go bhfuil ar Phalaistínigh teitheadh ón gcathair agus go bhfuil sé mar sprioc ag na hIosraelaigh an chathair a bhánú. Tá forghabháil Iosrael, agus aon mhéadú sna hionsaithe, mídhleathach de réir an dlí idirnáisiúnta. Cháin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, na forbairtí is déanaí agus d’impigh sé ar Iosrael agus Hamas teacht ar sos comhraic. Mhol sé d'Iosrael na forbairtí lonnaíochta nua sa Bhruach Thiar a stopadh chomh maith. Scoiltfeadh an lonnaíocht mhídhleathach seo an Bruach Thiar ó Iarúsailéim Thoir agus bheadh sé ana-dheacair réiteach dhá stát a fháil dá bharr. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh eagraíocht a bhfuil tacaíocht na Náisiún Aontaithe aici go bhfuil gorta ar siúl go hoifigiúil in Gaza anois.
Tá an duais liteartha Polari curtha ar ceal tar éis conspóide leis an údar Éireannach John Boyne. Is duais í a cheiliúrann litríocht LADTA an duais Polari ach tharraing sí conspóid nuair a ainmníodh John Boyne dá leabhar Earth. Tá cáil ar Boyne mar gheall ar a leabhar The Boy in the Striped Pyjamas ach spreag sé cáineadh géar le déanaí de bharr a chuid tuairimí faoi dhaoine trasinscneacha. Scríobh Boyne alt san Irish Independent cúpla seachtain ó shin inar thug sé tacaíocht don údar achrannach J.K. Rowling agus a seasamh i gcoinne cearta trasinscneacha. Tharraing go leor údair eile amach as an bhfadliosta mar gheall ar ainmniúchán Boyne, chomh maith le beirt mholtóirí. D’fhógair Polari go gcuirfí an duais ar ceal i mbliana mar gheall ar an gconspóid agus go ndéanfaidís iarracht níos mó moltóirí trasinscneacha a chur ar an bpainéal as so amach. Chuir Boyne ráiteas amach inar sheas sé lena thuairimí agus inar mhaígh sé go bhfuair sé bulaíocht mhillteanach le linn na conspóide.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cruinniú mullaigh - summit meeting
comhaontú síochána - peace agreement
forghabháil - usurpation
lonnaíocht mhídhleathach - illegal settlement
achrannach - controversial
moltóirí - judges
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D’agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d’fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach.
Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.
Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
dílleachtlann - orphanage
obair dhaonnúil - humanitarian work
táirgeadh plaistigh - production of plastic
ina cheangal de réir dlí - legally binding
buaicphointe - climax
siamsóirí sráide - street entertainers
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-ocras ina chúis leis. Tá níos mó ná 1,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó dheireadh mhí na Bealtaine nuair a bhí na híospartaigh ag iarraidh bia a fháil ag ionaid a bhí á reáchtáil ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe. Fiú gan na hionsaithe, dar le breathnóirí, ní leor na hionaid chun dul i ngleic leis an ngorta áta le feiceáil ar an talamh. Muna gcuirtear uisce glan, bia ceart agus cúram leighis ar fáil, leanfaidh líon na marbh os cionn na 60,000 bás a tuairiscíodh cheana féin. Tá sé ráite ag tíortha lena n-áirítear Ceanada, an Fhrainc, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe go bhfuil siad ag smaoineamh ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don Pháilistín, chun brú a chur ar Iosrael stop a chur leis an gcogadh.
Ag cruinniú speisialta an tseachtain seo, thug rialtais na hÉireann a cheadú do mhaoiniú úr seacht gcéad milliún chun a thuilleadh tithíocht shóisialta agus acmhainní a sholáthar. Is maoiniú breise é seo anuas ar an airgead a fograíodh le déanaí sa leagan nua den phlean forbartha náisiúnta. Chomh maith leis sin, chun an mheánaicme a shásamh, tá tús curtha ag an rialtais le proiseás comhairliúcháin faoi rialacha pleanála a bhaineann le tithe mórscála. Amach anseo, ní bheidh gá cead pleanála a fháil má chloíonn úinéirí le rialacháin áirithe, mar shampla, má tá gairdín mór go leor ann.
Is chun na Ríochta atá Corn Sam Mhig Uighir ag dul i ndiaidh an bhua chuimsithigh a fuair Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Bhí deich bpointe idir an dá fhoireann ag an bhfheadóg dheireanach, le cúl agus sé pointe is fiche scóráilte ag an Ríocht agus naoi bpointe déag scóráilte ag na fir ón iarthuaisceart. Mar a thuar go leor tráchtairí, bhí an tionchar ba láidre ag David Clifford, go háirithe sa chéad leath, nuair a d'aimsigh sé trí scor dhá phointe chun Ciarraí a chur i gceannas go compordach. Ach cé go raibh Clifford ina laoch, ní raibh sé ina aonar. Ba é a dheartháir Paudie a bhí ina cheannaire i lár na páirce agus threoraigh sé ionsaithe Chiarraí ar bhealach nárbh fhéidir le cosantóirí Dhún na nGall déileáil leis. In ainneoin taispeántas cróga ó Michael Murphy, a fuair ocht bpointe ar an lá, bhí lúth na ngéag caillte ag a fhoireann faoin am a scóráil Joe O'Connor an t-aon chúl den chluiche sa nóiméad deireanach. Tá naoi chraobh is tríocha buaite ag Ciarraí i stair an chomórtais anois.
*
gníomhaireacht - agency
ag fulaingt de bharr easpa bia - suffering from starvation
maoiniú breise - extra funding
proiseás comhairliúcháin - consultation process
lúth na ngéag - swiftness of limbs
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireanach le slán a fhágáil ina bhaile dúchais, agus cuid mhaith de na ceoltóirí a spreag sé féin ar an ardán leis, Metallica agus Guns n’ Roses ina measc. I ráiteas, dúirt a theaghlach: "Is le níos mó bróin ná mar is féidir le focail a chur in iúl go gcaithfimid a thuairisciú gur bhásaigh ár n-Ozzy Osbourne grámhar ar maidin. Bhí sé lena theaghlach." Níor shonraigh siad cúis bháis, ach bhí sraith fadhbanna sláinte ag an réalta agus diagnóisíodh go raibh galar Parkinson air in 2019. Dheimhnigh urlabhraí thar ceann an teaghlaigh gur bhásaigh Osbourne sa Ríocht Aontaithe.
Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt in aon chor a dhéanamh d’infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht san athbhreithniú ar an Phlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh inné. Tá táblaí sa phlean ina ndéantar briseadh síos ar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla ach níl an Ghaeltacht luaite fiú i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá déanta den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean. An t-aon áit a bhfuil an focal Gaeltacht luaite sa phlean nua ná i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ranna éagsúla i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur údar náire a bhí san "easpa measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean, a foilsíodh i mBéarla amháin. “Beimid ag obair linn idir seo agus an Buiséad lena chinntiú go bhfaigheann an teanga an sciar atá ag dul di agus go gcuirfear mar shampla maoiniú ceart ar leataobh do thithíocht sa Ghaeltacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
Maraíodh bean ina 40idí agus beirt pháistí, buachaill agus cailín, i lámhach i gContae Fhear Manach Dé Céadaoin. Ba iad máthair agus a beirt pháistí íospartaigh an ionsaithe gunna i nDroichead Mhig Uidhir. Tá fear - atá ina bhall den teaghlach céanna - á chóireáil fá choinne gortuithe tromchúiseacha in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Dúirt ceannasaí póilíní an cheantair le tuairisceoirí go raibh an t-imscrúdú ag céim luath, ach go mbeadh amhras faoi dhúnmharú triarach agus iarracht féinmharaithe "ina líne fiosrúcháin amháin". Dúirt an Ceannfort Robert McGowan ag preasagallamh go bhfuil tús curtha ag Seirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) le himscrúdú dúnmharaithe agus go bhfuil siad "ag obair go gasta" chun na himthosca a chinneadh.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
miotal trom - heavy metal
cúis bháis - cause of death
Plean Forbartha Náisiúnta - National Development Plan
easpa measa - lack of respect
lámhach - shooting
na himthosca - the circumstances