Episodios
-
¿Faltan episodios?
-
Beidh Féile Ealaíne agus Chultútha na Seanbheairice ar siúl an deireadh seachtaine seo.
-
Comhairle inniu faoin dóigh le haire a thabhairt do phlandaí agus do ghlasraí ag am go mbíonn teas mór ann agus eolas maidir leis an bhaol a bhaineann le cartáin.
-
Tá foireann deartha a earcú ag Cumann Luthchleas Gael Ghaoth Dobhair chun tabhairt faoi fhorbairtí ar chostas measta de thart ar €300,000 ag áiseanna an Chumainn i Machaire Gathlán agus ag caint ar dhuine de laochra móra CLG Ghaoth Dobhair le blianta fada, Dónal Ó Breisleáin a fuair bás le gairid.
-
Ag cur síos ar stoirm na hoíche aréir agus an dóigh ar chur sé isteach ar dhaoine ar fud na contae.
-
Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi chorp fir ina chuid 50idí a fuarthas ag láthair ar an Charraig Fhinn tráthnóna inné.
-
Beidh Féile Ghabhla 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo ar Oilean Ghabhla agus ar tír mór.
-
Ag fógairt an gearrliosta do chomórtas úr Ghlór na nGael do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an comórtas ‘ARDÁN’. Tá meascán de ghrúpaí Gaeltachta agus grúpaí atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht luaite sna gearrliostaí.
-
Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis. Plé inniu faoi na pleananna d’Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn, liostaí feitheamh san otharlann agus comhairle faoin dóigh le fanacht sábhailte sa teas mór atá in áiteacha sa tír faoi láthair.
-
Ainmníodh Carraig Airt mar bhuaiteoirí ghradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn sa Chomórtas “Na mBailte is Feistiúla in Éirinn” inné ag ócáid a bhí ar siúl in Halla Riddel i mBéal Feirste.
-
Níor éirigh le rún a chur an Teachta Dála Charles Ward os comhair na Dála aréir faoin chaighdeán IS 465 a úsáidtear le measúnú a dhéanamh ar bhrící lochtacha. Deir an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil gá le hathbhreithniú ar Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
-
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
-
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
-
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu faoi rabhadh atá a thabhairt ag an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí (Children’s Rights Alliance) go bhfuil páistí i mbaol ó roinnt de na forbairtí is déanaí in intleacht shaorga agus faoi Amazon Prime Day’s.
-
Le Corn an Domhain faoi lán seoil chuaigh muid siar go dtí an bhliain 1990 nuair a d’imir foireann sacar na hÉireann sa chomórtas den chéad uair riamh Ba é Packie Bonner a bhí sna cúil d’fhoireann na hÉireann agus labhair Pádraig Ó Cnáimhsí agus Naul Mac Comhaill le Conall Ó Dubhthaigh faoi Phackie ag an am.
-
Comhairle do dhaoine atá ag smaoineamh ar dhul chun na farraige le linn an aimsir mhaith, caithfear i gcónaí a bheith cúramach san uisce.
-
Chuir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward rún os comhair na Dála ar maidin inniu maidir leis an chaighdeán úr IS465 le measúnú a dhéanamh ar thithe le brící lochtacha a foilsíodh le gairid.
- Mostrar más