Episódios
-
Tá Cuán ar ais le moltaí na seachtaine - Aipeanna, scannáin agus cláir, leabhair agus ailt, ceol agus go leor eile.
-
Estão a faltar episódios?
-
Labhraíonn Traolach Ó Buachalla le Cuán faoi Madonna, ag cur síos ar albam nua Madonna (Confessions II), chomh maith le himscrúdú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le Madonna sa phopcheol agus sa phopcultúr i gcoitinne.
-
Labhraíonn Aoife Granville faoin gceirnín nua 'Ceo Draíochta' a thaifead sí lena deirfiúr Deirdre, agus faoi cheol sa Daingean.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - Sasain agus an Airgintín sa Chorn Domhanda, caid, agus go leor eile.
-
Tá moltaí den scoth ag Cuán don tseachtain amach romhainn, idir áiteanna, ceol, cad le breathnú ar agus go leor eile.
-
Tá an saineolaí taistil Eoghan Corry anseo, agus comhrá iontach aige le Cuán faoi chúrsaí taistil mar atá siad faoi láthair, agus neart moltaí aige dúinn.
-
Labhraíonn Seán Ó Dubhchon le Cuán faoin nasc dóshéanta atá idir Meiriceá agus Éire, agus faoina Mount Rushmore de laochra Mheiriceá.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine.
-
Labhraíonn Ursula Savage le Cuán faoi Kheir Starmer ag imeacht mar Phríomhaire; an tionchar a bheidh ag sin ar Pháirtí an Lucht Oibre; Andy Burnham ag teacht chun cinn agus cá seasann na páirtithe eile sa Bhreatain. Faighimid léargas chomh maith ar an méid atá ag titim amach le Jeffrey Donaldson, agus an mbeidh tionchar ag an scéal ar an DUP. Agus leis na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, cloisimid faoi cad é mar atá na caidrimh idir na Stáit Aontaithe agus na rialtais ó dheas, ó Thuaidh agus sa Bhreatain.
-
Tá na Stáit Aontaithe 250 bliain d'aois, agus tá moltaí iontacha ag Cuán, bainteach le Meiriceá.
-
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Cuán faoin ngaol láidir atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe, an tionchar atá againn ar a chéile, agus na rudaí is fearr leo faoi na Stáit Aontaithe, i measc go leor eile.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir faoi scéalta spóirt na seachtaine. Faighimid léargas ar chúrsaí CLG, agus le Meiriceá ag ceiliúradh 250 bliain, cloisimid faoin gceathrar a chuirfeadh Cuán agus Daragh ar Mhount Rushmore Spóirt Mheiriceá.
-
Labhraíonn Pól Penrose le Cuán faoi Bhród na Gaeltachta, atá ar an bhfód le cúig bliana anuas. Cloisimid faoi thábhacht agus tionchar Bród na Gaeltachta, agus na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i mbliana.
-
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha don aimsir álainn atá againn faoi láthair, idir cheol, leabhair, sraitheanna agus go leor eile.
-
Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Cuán faoi 'Spice' le Spice Girls, 30 bliain ó tháinig 'Wannabe' amach. Pléann siad lorg agus tionchar na Spice Girls ar bhannaí agus amhránaithe eile, agus ar chúrsaí ceoil i gcoitinne.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta móra spóirt na seachtaine - an draw caide, sacar, rugair agus an Corn Domhanda.
- Mostrar mais