Эпизоды

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d’éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán.

    Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid.

    Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díospóireacht uachtaránachta - presidential debate

    ginmhilleadh - abortion

    cath dlíthiúil - legal battle

    cánacha neamhíoctha - unpaid taxes

    ús - interest (financial)

    feidhmíocht - performance

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


    Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin an
    tuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14
    Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus le
    teaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dá
    léithéid aríst.
    Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d’fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean an
    lúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla agus
    praghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…
    Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go Dún
    Chaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail.

    "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach."


    Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    faillí - neglect, negligence

    cumhdach - cladding

    camchuairt - tour

    straitéis phraghsála - pricing strategy

    radharcra - scenery

    in aghaidh na mala - against the slope

  • Пропущенные эпизоды?

    Нажмите здесь, чтобы обновить ленту.

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far’a. D’éiligh Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Antonio Guterres, ar Iosrael stad a chur leis an oibríocht láithreach bonn, agus go raibh Iosrael ag fadú an achrainn i gcás pléascach. D’áitigh sé ar na fórsaí Iosraelacha ard-ghuaim a choinneáil orthu féin agus gan úsáid a bhaint as fórsa marfach gan riachtanais.

    In Éirinn Dé Céadaoin, fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint choláiste ón LárOifig Iontrála. Ag Léibéal 8 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, tháinig méadú pointí ar níos mó ná 40% de na cúrsaí, ach ardú beag atá i gceist – níos lú ná 5% i mórchuid de na cúrsaí. Fuair 56% de na hiarrthóirí a fuair iarratas áit ar an chúrsa arbh fhearr leo, agus fuair ceathrar as cúigear iarratas ó cheann de na trí chúrsa arbh fhearr leo. Ní bheidh ach seal ag iarrthóir chun glacadh le hiarratas agus an spriocdháta ag druidim leo Dé Máirt, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair.

    Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha oíche Dé Céadaoin agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Dúirt eagraithe go mbeadh thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais. Taispeántas cumhachtach a bhí ann. Thosaigh na cluichí iad féin Déardaoin. Is é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Tá 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí atá ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine, agus bonn airgid amháin bronnta ar fhoireann na hÉireann go dtí seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an Bruach Thiar faoi fhorghabháil - the occupied West Bank

    oibríocht frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism operation

    LárOifig Iontrála - Central Applications Office

    an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí - National Framework of Qualifications

    scuad - squad

    toscaireacht - delegation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunúsÉireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe. Tháinig a bhean chéile slán ón tubaiste ach cailleadh iníon dá gcuid. Comhtharlú tragóideach ab ea énuair a maraíodh a chomhchosantóir sa chás calaoise, Stephen Chamberlain, i dtimpiste bóthair, roinnt uaireanta i ndiaidh don long dul go tóin poill. Tá sé ráite ag póilíní i Sasana nach raibh cúinsí amhrasacha bainte le bás Chamberlain.

    Bhí comhdháil náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl i Siceágó an tseachtain seo, agus ghlac Kamala Harris leis an ainmniúchán le dul san iomaíocht i gcoinne Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá ag deireadh na bliana. Cháin sí Trump in óráid Déardaoin inar leag sí amach a fís don uachtaránacht. Tharla seo i ndiaidh seachtain d’óráidí móra tugtha ag leithéidí Joe Biden, Barack Obama,Michelle Obama, Hillary Clinton agus Tim Walz, gobharnóir Minnesota, a bheidh ag seasamh le Harris sa toghchán. Tá ag éirí níos fearr leis an Pháirtí Daonlathach sna pobalbhreitheanna ó shocraigh Biden ar éirí as an bealach afhágáil do Harris.

    Tá tús curtha le trialacha an chéad vacsaín riamh in aghaidh ailse scamhóg. Deirtear go dtiocfadh leat an vacsaín nua a bheith “ceannródaíoch” sa troid i gcoinne an ghalair, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail arsiúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil, agus é ag rá go bhfuil sé ag súil le Maratón Londan a rith nuair a bheidh biseach air.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cúisimh dúnorgana - manslaughter charges

    oll-luamh - superyacht

    calaois - fraud

    cúinsí amhrasacha - suspicious circumstances

    ailse scamhóg - lung cancer

    freagairt imdhíonachta - immunity response

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí Chonaill. Bronnadh seacht mbonn san iomlán ar fhoireann na hÉireann i mbliana, ceithre bhonn óir agu trí bhonn cré-umha. Bhuaigh Daniel Wiffen dhá bhonn sa snámh saorstíle agus bhris sé curiarracht Oilimpeach sa mhír 800m. Bhuaigh Kellie Harrington a dara bonn óir sa dornálaíocht. Bhí ceiliúradh ollmhór ar son Rhasidat Adeleke freisin, nach bhuaigh bonn ach a fuair an ceathrú háit sa rás 400m, agus ise an chéad bean riamh chun áit a fháil i mbabhta ceannais ráibe Oilimpigh ar son na hÉireann.

    D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte éigeandáil sláinte phoiblí idirnáisiúnta maidir le mpox clade 1, ar a dtugadh monkey pox roimhe seo. Tharla ráig den ghalar i roinnt ceantar timpeall ilchríoch na hAfraice, an ceann is mó díobh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, inar bhásaigh 450 daoine ar a laghad. Tá an t-athraitheach seo difriúil ó mpox clade 2, a chonacthas in 2022, tá imní ann maidir le scaipeadh níos tapúla agus torthaí níos measa. Rinneadh taifead den chéad chás den ghalar lasmuigh den Afraic sa tSualainn le linn na seachtaine. Dúirt príomhoifigeach an EDS go bhfuil “freagairt chomhordaithe idirnáisiúnta” riachtanach chun stop a chur leis an ngalar.

    Bhí an oscailt ba mhó riamh ag scannán Gaeilge ag “Kneecap” an deireadh seachtaine seo caite. Stiúrtha le Rich Peppiatt, is scéal leath-ficsin é faoi rath an bhanna ceoil Kneecap, leis an triúr sa bhanna ag déanamh rólanna a gcarachtar féín. D’oscail an scannán ag uimhir a trí i liosta Dhíoloifig na hÉirean, ag tuilleadh timpeall €292,000 trasna an oileáin lastuigh den deireadh seachtaine. Roghnaíodh an scannán le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta ag na Oscars an bhliain seo chughainn. Tagann an t-ainmniúchán seo i dteannta réimse moltaí eile ón gcéad taispeáínt den scannán ag Féile Scannán Sundance i mí Eanair, ag ar bhuaigh siad duais an lucht féachana.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    curiarracht Oilimpeach - Olympic record

    an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation

    ráig - outbreak

    athraitheach - variant

    scéal leath-ficsin - semifictional story

    ainmniúchán - nomination

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiaidh do ghrúpa mór daoine óga toiseacht ag caitheamh uibheacha. Fágadh mionghortuithe aghaidhe ar dhéagóir a bhí bainte leis an ionsaí, a bhfuil na póilíní ag caitheamh leis mar eachtra fuatha. Dúirt an tUasal Wartty go ndearnadh ionsaí ar an tsiopa fosta, a dhúnfar ag an deireadh seachtaine, i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana seo. “Ba mhaith linn an fhoireann, ár gcustaiméirí agus muid féin a shábháil ón bhaol agus ní mór dúinn an siopa a dhúnadh mar gheall ar an ionsaí,” a dúirt sé leis an Nolan Show ar BBC Raidió Uladh."Ní hé seo an chéad uair a tharla eachtra mar seo, ná an dara huair," a dúirt sé.

    Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn an tseachtain seo nuair a bhuaigh Katie Harrington an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile. Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban Dé Máirt ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag damhsa san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi in Roland Garros. Craoladh an troid beo ar scáileán mór i bPáirc an Diamaint, agus slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.

    Tá triúr fear curtha i bpríosúin, i ndiaidh dóibh admháil go raibh siad páirteach i gcíréibeacha in Southport agus i Learpholl sna laethanta i ndiaidh márú triúr cailíní. Chuaigh corraíl fhorleathan i bhfeidhm ar bhailte agus ar chathracha Shasana ó maraíodh Bebe King, Elsie Dot Stancombe agus Alice da Silva Aguiar ar an 29 Iúil. Gearradh téarma trí bliana ar Derek Drummond, 58, as dorn a bhualadh ar phóilín le linn foréigin in Southport. Gearradh dhá bhliain agus cúig mhí i bpríosún ar Declan Geiran, 29, mar gheall ar achrann foréigneach agus feithicil póilíneachta a chur trí thine, agus gearradh bliain go leith i bpríosún ar Liam James Riley, 40 bliain d’aois, as achrann foréigneach agus iompar maslach ciníoch. Tharla an chorraíl, a chonacthas i mbailte agus i gcathracha ar fud Sasana, i ndiaidh faisnéis mhícheart a scaipeadh ar líne a thug le tuiscint gur iarrthóir tearmainn a bhí faoi amhras maidir le hionsaí scian Southport.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    mionghortuithe aghaidhe - minor face injuries

    eachtra fuatha - hate incident

    bua stairiúil - historic victory

    imithe le báiní - going crazy

    achrann foréigneach - violent disorder

    iompar maslach ciníoch - offensive racist behaviour

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an chéad fhear Éireannach a bhuaigh bonn ag snámh sa chomórtas. Bhuaigh sé an rás san am is tapúla le seacht noiméad, tríocha a hocht soicind punc a naoi déag. Níl Wiffen críochnaithe fós mar tá rás míle cúig chéad saorstíle aige agus rás deich ciliméadar le bheith ar siúl sa tSéin. Tá ag éirí go maith linn sa rámhaíocht chomh maith, bhuaigh Philip Doyle ó Chontae an Dúin agus Daire Lynch ó Thiobraid Árann bonn cré-umha sa chomórtas céaslaire beirte. Ansin bhí bua iontach ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ó Sciobairín i gContae Chorcaí ag an gcluiche ceannais 2000 méadar, comórtas céaslaire beirte éadrom. Bhíodar imithe chun cinn tar éis na líne leathbhealaigh agus dheineadar a mbeart an bonn óir a bhaint amach.

    Tá ceann de na báid is sine ar domhan, an Belem, ag seoladh timpeall na hÉireann. Is bád traenála é inniu ach is bád ana-stairiúil é atá 120 bliain d’aois. Tógadh an bád sa bhliain 1896 agus bád lastais ab ea é ag iompar siúcra ó na hIndiacha Thiar agus ag easpórtáil cócó agus caife ón mBrasaíl agus ón nGuáin na Fraince go Nantes sa Fhrainc. Sa bhliain 1902 tháinig an bád slán ó bholcán ag brúchtadh in Martinique agus ó chrith talún sa bhliain 1923 in Yokohama sa tSeapáin. Inniu is bád traenála é do mhairnéalaigh. Thug an bád an lasair Oilimpeach ar an gcéad turas ón nGréig go Marseille. Tá an bád ag iompar criú de 16 agus 48 duine faoi oiliúint.

    D'fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann go bhfuil an scannán Gaeilge Kneecap curtha ar aghaidh don rannóg idirnáisiúnta do Dhuais an Acadaimh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2025. Léirítear sa scannán na rapálaithe Móglai Bap agus Mo Chara agus an dioscmharcach DJ Próvaí ó Bhéal Feirste atá ag iarraidh a seánra féin de rap gaeilge a chruthú agus iad ag iarraidh a theanga dhúchais a shábháil. Is é Rich Peppiatt stiúrthóir an scannáin, agus bhí Jack Tarling agus Trevor Birney ina léiritheoirí air. Tá aisteoirí mór le rá páirteach sa scannán ar nós Michael Fassbender agus Simone Kirby. Dúirt Mo Chara gur mór an onóir é dóibh gur roghnaigh IFTA Kneecap chun cur isteach ar Oscar, agus go bhfuil an banna fíorbhuíoch as.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    bonn - medal

    snámh brollaigh - breast-stroke

    snámh saorstíle - freestyle

    céaslaire - scull

    bád lastais - cargo boat

    dioscmharcach - DJ

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht don Teach Bán. Is é Joe Biden an chéad uachtarán Meiriceánach a d’éirigh as a fheachtas don dara téarma ó rinne Lyndon B. Johnson an cinneadh céanna in 1968. Tá Donald Trump fágtha anois mar an t-iarrthóir is sine riamh i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá.

    Tá na mionpháirteanna de ghléasanna pléascacha aimsithe ag na Gardaí sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Seo an fhorbairt is déanaí ó gabhadh níos mó ná tríocha duine an tseachtain seo caite, tar éis achrann a tharla cóngarach do lóistín a bhí le réiteach d’iarrthóirí tearmainn. Cuireadh JCB trí thine agus gortaíodh fear slándála le linn an achrainn. Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh cead ag éinne damáiste mar seo a dhéanamh ná ionsaí a dhéanamh ar na póilíní ná ar na seirbhísí éigeandála. Tá an rialtas ag iarraidh seanmhonarcha phéinte a chur in oiriúint le go mbeidh 500 iarrthóir tearmainn ábalta stopadh ann.

    Tá a gcúigiú craobh uile-Éireann tuillte ag iománaithe an Chláir tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhuachan in aghaidh Chorcaí. Cluiche lán aicsin, spleodair agus scile a bhí ann, agus ba cheart go mbeadh an dá chontae bródúil as a gcuid imreoirí. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann ar feadh an chuid is mó den chluiche, ach fuair an Clár an lámh in uachtar ar deireadh, a bhuíochas le taispeántas draíochtúil óna gcaptaen Tony Kelly. Cé go raibh na foirne ar comhscór tar éis 70 nóiméad, scóráil an Ceallach trí phointe in am breise chun an bua a chinntiú. Beidh súile ar Pháirc an Chrócaigh arís an deireadh seachtaine seo agus cluiche ceannais na peile ar siúl. Beidh seaimpíní Chonnacht Gaillimh ag imirt in aghaidh Ard Mhacha den dara huair i mbliana - agus níor bhuaigh ceachtar foireann Corn Mhig Uidhir ó thús na Mílaoise.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    seachtainí tuairimíochta - weeks of speculation

    éileamh méadaitheach - growing demand

    gléasanna pléascacha - explosive devices

    iarrthóirí tearmainn - asylum seekers

    seanmhonarcha phéinte - former paint factory

    taispeántas draíochtúil - magical performance

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan taca ríomhaireachta, agus bhí an uimhir éigeandála 911 díchumasaithe i gcuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh na mílte eitiltí ar ceal, bhí ar shiopaí glacadh le hairgead tirim amháin, agus cuireadh isteach go mór ar oibríocht margaidh idirnáisiúnta. Agus é seo á scríobh, níl sé soiléir cé chomh fada agus a leanfaidh an briseadh seirbhísí. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin le Crowdstrike, George Kurtz, go raibh an-bhrón ar an gcomhlacht faoin tubaiste.

    Ar an Aoine freisin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas comhairleach go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha neamhdhleathach. D’ordaigh an chúirt go gcuirfí deireadh leis an fhorghabháil chomh tapaidh agus is féidir, agus go ndéanfaí lán-chúiteamh as. Dúirt an Chúirt go bhfuil prionsabail bhunúsacha den dlí idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael sna críocha forgafa, agus leithcheal córasach déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh ann. Rinne caoga tíortha idirghabháil sa chás, Éire ina measc, ar son na Palaistíne. Dúirt urlabhraí le Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach raibh ann acht “breithiúnas bréag”. Mhol Hussein Al Sheikh, ard-rúnaí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, an breithiúnas mar “bhua stairiúil ar son chearta mhuintir na Palaistíne”.

    Beidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann á imirt amárach, idir an Clár agus Corcaigh, in athdhéanamh ar an dá chluiche chlasaiceacha in 2013. Tar éis stop a chur le Luimneach sa chluiche leath-cheannais, beidh Corcaigh ag lorg a gcéad chraobh is tríocha; agus beidh an Clár ag iarraidh a gcúigiú craobh a bhaint amach. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go raftaí, agus Éireannaigh ar fud an domhain ag féachaint air, agus den chéad uair, beidh an cluiche á chraoladh beo ag an BBC. Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    bogearraí frith-víris - anti-virus software

    scáileán gorm an bháis - the blue screen of death

    forghabháil - occupation

    leithcheal córasach - systematic discrimination

    breithiúnas bréag - decision of lies

    lán go raftaí - full to the rafters

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. Spreag a cás idirghabháil ón Taoiseach Simon Harris níos luaithe an tseachtain seo tar éis é a ardú sa Dáil. Tharraing póilíní san UAE siar na cúisimh i gcoinne Towey Dé Céadaoin agus baineadh an toirmeasc taistil. Dúirt Towey go raibh sí “chomh buíoch as a bheith ar ais” agus labhair sí faoina heagla nach mbeadh sí in ann filleadh ar Éirinn.

    Fuair Páirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe ollbhua san olltoghchán an Déardaoin seo caite. Tháinig titim mhór ar an bPáirtí Coimeádach tar éis 14 bliana corraitheacha i gcumhacht, nuair a bhí cúigear Príomh-airí éagsúla i gceannas ar an tír. Chaill na Tories 250 suíochán. I dTuaisceart Éireann tá Sinn Féin tagtha chun cinn mar an páirtí is mó tar éis don DUP trí shuíochán a chailleadh. Tuairiscíodh nár chaith ach 52% de dhaoine fásta na Ríochta Aontaithe a mballóidí ar an 4ú Iúil, an líon is ísle ó leathnaíodh an vóta chuig gach duine fásta os cionn 21 in 1928.

    Tá peileadóirí Shasana ag ullmhú le himirt in aghaidh na Spáinne i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa i mBeirlín Dé Domhnaigh. Chinntigh cúl déanach ó ionadaí Shasana Ollie Watkins in aghaidh na hÍsiltíre sa chluiche leathcheannais Déardaoin go mbeadh áit ag foireann Shasana i gcluiche ceannais an chomórtais. Is é seo an dara cluiche ceannais Chraobhchomórtas na hEorpa as a chéile acu, agus an chéad uair ag Sasana cluiche ceannais de chraobhchomórtais a imirt thar lear. Bhain foireann na Spáinne áit amach sa chluiche ceannais le cúl ó Lamine Yamal, an duine is óige riamh a scóráil ag Corn na hEorpa, agus é sé bliana déag d'aois.

    *

    GLUAIS

    cionta coiriúla - criminal offences

    toirmeasc taistil - travel ban

    ollbhua - landslide victory

    ballóidí - ballots

    ionadaí - substitute

    craobhchomórtas - championship

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.
    Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh cheartais imscrúduithe bréige a oscailt ar chalaois toghcháin agus gur chuir sé brú ar Mike Pence, a LeasUachtarán, chun bac a chur ar dheimhniú bua Biden ag an gComhdháil. Tá éifeacht ag an rialú go gcuirfí moill ar an triail, go dtí Meán Fómhair ar a laghad, rud a chiallaíonn go bhfuil seans ann nach dtarlóidh sé roimh vótáil do thoghchán na huachtaránachta. Ag an am céanna, tá cáineadh géar déanta ar Biden fós as a fheidhmíocht sa díospóireacht an tseachtain seo caite, fiú i measc chomhaltaí a pháirtí féin. Chuir Biden an milleán ar an méid taistil a rinne sé sa tréimhse roimh an imeacht.
    Creidtear gurb é fionnachtain nua ealaíne uaimhe ar oileán Sulawesi i ndeisceart na hIndinéise an radharc is sine ar domhan a léirítear san ealaín. Creidtear go bhfuil an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d’aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine. Mar gheall ar an suíomh a bheith ag taobh aghaidh aille, creidtear gur thug na daoine cuairt go sonrach air chun péinteáil. Tagann an fhionnachtain salach ar an toimhde a bhí ann le fada, gurbh í an Eoraip áit bhreithe na healaíne uaimhe.
    Lean an t-aighneas idir Aer Lingus agus a fhoireann mar go bhfuil ceithre chéad seasca a hocht eitilt curtha ar ceal ó thosaigh an fhoireann ag obair de réir rialach an tseachtain seo caite. Tá tús curtha anois ag an gCúirt Oibreachais leis an gceathrú hiarracht chun idirbheartaíocht a bhunú idir Aer Lingus agus an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar son na bpíolótaí. Toisc nach bhfuil moltaí na Cúirte Oibreachais ceangailteach, vótálfaidh na píolótaí ar mholadh na Cúirte deireadh a chur leis an aighneas. Tá arduithe pá fiche faoin gcéad á lorg ag píolótaí chun boilsciú blianta beaga anuas a chúiteamh leo. Ar an taobh eile de, deir Aer Lingus nach féidir leo arduithe pá níos mó ná dó dhéag faoin gcéad a thabhairt gan roinnt gealltanas breise ó na píolótaí. San iomlán, meastar go raibh tionchar ag na stailceanna go dtí seo ar sheachtó cúig míle paisinéir.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díolúine - immunity

    ionchúiseamh coiriúil - criminal prosecution

    fionnachtain - discovery

    ealaín uaimhe - cave art

    idirbheartaíocht - negotiation

    ionadaíocht - representation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá is fiche de Mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan Dhoire, Ard Mhacha in éadan Ros Comáin, Dún na nGall in éadan Lú agus Baile Átha Cliath in éadan Gaillimhe. Chríochnaigh Ciarraí céim na ngrúpaí le buanna suntasacha in aghaidh Mhuineacháin, na Mí, agus Lú. Beidh Lú ag imirt in aghaidh Dhún na nGall sa chéad chluiche ceathrú ceannais na hÉireann dóibh riamh. Tháinig siad go dtí an pointe seo tar éis bua le cúilín amháin in aghaidh Chorcaí Dé Domhnaigh. Chomh maith leis sin, beidh Ard Mhacha agus Ros Comáin ag dul san iomaíocht, dhá fhoireann a bhfuil stair chogaidh láidir acu ó na 1970idí agus na 1980idí. Bhuaigh Ros Comáin a gcéad cluiche riamh in aghaidh Thír Eoghain Dé Sathairn seo caite. Beidh Gaillimh ag iarraidh an chéad bhua craoibhe a fháil ar Bhaile Átha Cliath ó bhí 1934 ann chun a séasúr a leathnú. Tá foireann Bhaile Átha Cliath ag dul go maith, tar éis an ceathrú ceannais a bhaint amach agus an ceathrú teideal déag as a chéile i gCúige Laighean a bhuachan.

    Tá Mícheál Ó Muircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach ar chluichí Gaelacha, tar éis bás a fháil ag aois 93. Rugadh é i nDún Síon, Co. Chiarraí, sa bhliain 1930 agus d'oibrigh sé mar mhúinteoir ar dtús. Thosaigh sé ag obair do RTÉ in 1949 nuair a rinne sé tráchtaireacht as Gaeilge ar Chorn an Bhóthair Iarainn. Lean sé ar aghaidh ag múineadh go dtí lár na 1980idí nuair a d'éirigh sé ina chraoltóir lán-aimseartha le RTÉ. Ghlac sé áit Mhíchíl Uí Éithir mar phríomh-thráchtaire ar RTÉ Raidió 1 in 1985. Bhí a chluiche ceannais deiridh aige in 2010 nuair a rinne sé tráchtaireacht ar bhua Chorcaí ar an Dún. D’éirigh sé as craoltóireacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Dúirt an Taoiseach gur "fear uasal ó bhonn go baithis" a bhí ann agus luaigh sé a ghuth uathúil agus a ghrá don spórt. Luaigh an Tánaiste Micheál Martin a fhiosreacht agus a ghuth álainn a chuir beocht fiú sna cluichí ba shuaracha. Fuair Mícheál Ó Muircheartaigh bás san Ospidéal Mater, Baile Átha Cliath i measc a theaghlaigh.

    Scaoil breitheamh sna Stáit Aontaithe Julian Assange saor mar gheall ar mhargadh pléadála a chuir deireadh le blianta fada de dhráma dlí. Bhí Assange á lorg ag na Stáit Aontaithe as rúin mhíleata a nochtadh trí WikiLeaks. Phléadáil Assange ciontach as comhaontú chun eolas cosanta náisiúnta a fháil agus a scaipeadh. Dúirt an breitheamh i gcúirt sna hOileáin Mairianacha Thuaidh, "Beidh tú in ann siúl amach mar fhear saor." Scaoileadh Assange ó phríosún ardshlándála sa Bhreatain Dé Luain. Ghearr an breitheamh pionós cúig bliana agus dhá mhí príosúin air, le creidmheas don am a chaith sé sa Bhreatain. D'fhág Assange an chúirt in SUV bán agus d'fhág sé Saipan ar scairdeitleán go Canberra, An Astráil. Dúirt WikiLeaks ar an ardán X "nár cheart go mbeadh an margadh pléadála riamh tar éis tarlú." Dúirt Príomhaire na hAstráile, Anthony Albanese, gur "forbairt fháilteach" a bhí sa mhargadh pléadála, tar éis don rialtas a rá go raibh cás Assange "tarraingthe ar feadh i bhfad rófhada."

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ciceanna pionóis - penalty kicks

    san iomaíocht - in competition

    tráchtaire - commentator

    craoltóireacht - broadcasting

    margadh pléadála - plea deal

    príosún ardshlándála - high security prison

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche dé mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhlach na Breataine. Meastar go raibh pléascadh mianaigh ar bord agus bádh 27 de chriú nuair a chuaigh sé faoi. Ba mhaith leis an bhfoireann caomhnaithe a chinntiú gur ón bhfomhuireán sin a tháinig an lián agus ansin é a chosaint. Anuraidh a tháinig Timmy Carey ón gClub Tumadóireachta Fo-uisce ar an lián a bhí in aice leis an raic. Dúirt sé go raibh air plean a chur i gcrích chun aire a thabhairt dó mar bhí sé gan chosaint ó thrálaeir, ancairí agus seirbhísí tarrthála. Tháinig roinnt eagras le chéile chun tabhairt faoin obair seo, lena n-áirítear Cumann Fo-uisce na Dubhabhann, Seandálaíocht Mizen, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Ambasáid na Gearmáine.

    Tá an t-uisceadán Mara Beo an Daingean i gContae Chiarraí ana-ghnóthach le cúrsaí caomhnaithe. Rugadh an chéad phiongain gheintiúch le deich mbliana anuas. Dúirt Bainisteoir Mara Beo Kevin Flannery go bhfuil rath ar an éan óg agus leis seo tá cúpla piongain Pheiriúch as Meiriceá Theas tar éis teacht amach. I rith na seachtaine beidh na céadta cnádán á scaoileadh in Inse. Tháinig na torbáin isteach go Mara Beo ar dtúis mar triomaíodh na locháin. Mar sin thug an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na torbáin isteach go Mara Beo agus scaoilfear leo ansin i bPáirc Náisiúnta na Mara.

    Tá Craobhchomórtas Peile na hEorpa faoi lán seoil sa Ghearmáin. Thosnaigh an comórtas seachtain ó shin agus críochnóidh sé i gceann trí seachtaine leis an gcluiche ceannais san Olympiastadion i mBeirlín ar an gceathrú lá déag de mhí Iúil. Agus é seo á scríobh, tá ag éirí go maith leis an nGéarmáin agus leis an Spáinn, a bhuaigh an chéad dá chluiche sa chomórtas, ach tá díomá ar lucht leanúna Shasana tar éis dóibh comhscór a fháil in aghaidh na Danmhairge Déardaoin. Tiocfaidh deireadh le céim na ngrúpaí Dé Céadaoin agus rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lián - propellor

    fomhuireán - submarine

    mianaigh - mines

    cnádán - natterjack toad

    torbáin - tadpoles

    comhscór - draw (in sport)

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail.

    In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór acu cúpla bliain ó shin. Bhí toghchán iontach ag páirtithe i bhfad amach ar an eite dheas sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus d'fhógair Uachtarán an Fraince Emmanuel Macron toghchán tobann parlaiminte ina thír féin. Sna tíortha Nordacha, áfach, d'éirigh go maith leis na páirtithe ar an eite chlé ach, ar an mhórgóir, is iad an grúpa den eite dheas EPP a bhfuil an líon is mó suíochán acu i bParlaimint na hEorpa.

    Bhí Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúl sa Róimh an tseachtain seo caite, agus ba é an comórtas ba rathúla riamh ag foireann Éireann agus ceithre bhonn á dtabhairt abhaile acu. D'éirigh le Ciara Mageean, ar as Port an Pheire i gContae an Dúin í, aisling a fhíorú nuair a ghlac sí an bonn óir sa rás 1500m, agus thug Rhasidat Adeleke ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath léiriú intinne do na Cluichí Oilimpeacha níos moille i mbliana nuair a bhain sise an bonn airgid sa rás 400m. Bhí Adeleke agus Sharlene Mawdsley páirteach sa dá bhonn eile a fuair Éire: bonn airgid i rás sealaíochta 400m na mban agus bonn óir i sa rás sealaíochta 400m measctha. Roimhe seo, ba í Sonia O'Sullivan an lúthchleasaí amháin a bhuaigh bonn óir ag an chomórtas seo. Cuireadh tús le craobhchomórtas na hEorpa eile inné agus foireann sacair na hAlban ag imirt in aghaidh na n-óstach, foireann na Gearmáine in München. Ar an drochuair, chaill na hAlbanaigh 5-1.

    Tá cruinniú mullaigh síochána ar siúl san Eilvéis faoi láthair, agus ceannairí na dtíortha G7 ag freastal ar chainteanna in ionad saoire ar bharr sléibhe gar do Lucerne. D'aontaigh siad pacáiste cabhrach $50m a thabhairt don Úcráin agus fógraíodh comhaontú slándála déthaobhach idir an Úcráin agus na Stáit Aontaithe go ceann deich mbliana. Tá níos mó ná 100 ceannairí i láthair an deireadh seachtaine seo, an Taoiseach Simon Harris ina measc, ach níl aon ionadaí ann ón Rúis ná ón tSín. D'eisigh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, liosta éileamh maidir le coinníollacha chun deireadh a chur leis an chogadh, ach dhiúltaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy na héilimh go neamhbhalbh, agus dúirt Seansailéir na Gearmáine, Olof Scholz, nach raibh siad dáiríre.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    toghchán tobann parlaiminte - snap parliament election

    ar an mhórgóir - overall

    rás sealaíochta - relay race

    léiriú intinne - a statement of intent

    cruinniú mullaigh síochána - peace summit

    comhaontú slándála déthaobhach - bilateral security agreement

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaigh, ina n-amhrastaigh nó ina bhfiannéithe. Dúradh sa tuarascáil fosta go ndearnadh 500 iarratas ar shonraí a bhain le dlíodóirí le linn na tréimhse céanna. D'iarr Amnesty International agus Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go ndéanfaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht faireachais póilíneachta. Tagann sé i ndiaidh líomhaintí cúirte go ndearnadh monatóireacht mhídhleathach ar ghutháin de chuid roinnt tuairisceoirí. Dúradh sa tuarascáil go raibh na hócáidí ina ndearnadh iarracht foinse iriseora a aithint bainteach le himscrúduithe ar “nochtadh neamhúdaraithe” fhaisnéis nó dhoiciméid an PSNI. Dúirt an PSNI go ndéanann sé thart ar 8,500 iarratas sonraí cumarsáide gach bliain. Ach, i ráiteas, dúirt an Bord Póilíneachta nár thug an tuarascáil “gach ráthaíocht a bhí de dhíth ar dhaoine”. Ní ba luaithe an tseachtain seo, d’fhógair an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go ndéanfaidh dlíodóir, Angus McCullough KC, athbhreithniú ar chúrsaí faireachais.
    Cháin príomhfheidhmeannach na Náisiún Aontaithe ionsaí a rinne Iosrael ar scoil a bhí á reáchtáil ag na Naisiúin Aontaithe le déanaí. Líomhnaíonn Iosrael go raibh “comhdháil Hamas” á reachtáil sa scoil. Dúirt dochtúirí Gaza gur maraíodh 40 duine ar a laghad. “Níl ann ach sampla uafásach eile den phraghas atá á íoc ag sibhialtaigh, go bhfuil fir, mná agus leanaí na Palaistíne faoi chos agus iad díreach ag iarraidh maireachtáil” a dúirt urlabhraí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres. "Beidh gá le cuntasacht as gach rud a tharla in Gaza," a dúirt sé.
    Tá iarrtha ag na Stáit Aontaithe ar Iosrael a bheith fírinneach faoin ionsaí seo - lena n-áirítear ar maraíodh leanaí san ionsaí. Dúirt an tUasal Miller gur chreid polaiteoirí na Stát Aontaithe measúnuithe agus tuairisc Iosrael go bhfuil Hamas i bhfolach uaireanta i mbonneagar sibhialta, ach dúirt sé go raibh sé ag fanacht le faisnéis ar an ionsaí is déanaí. Thuairiscigh Iosrael gur bhuail siad an scoil mar ionsaí ón aer, spriocdhírithe ar níos mó ná 30 trodaithe Hamas taobh istigh, ach dúirt oifigeach Palaistíneach gurb iad 40 duine lena n-áirítear mná agus leanaí a maraíodh agus iad ag baint úsáid as an suíomh NA mar fhoscadh.


    Tá rogha de thráchtaireacht bheo as Gaeilge i measc na bhféidearthachtaí atá á bplé ag an tseirbhís sruthaithe GAAGO do na cluichí craoibhe ar fad a chuirtear ar fáil ar líne, a thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, le fios. Mheabhraigh Ó Broin nach raibh cluichí Gaelacha á sruthú ag an gCumann cúig bliana ó shin ach nuair a tharla an phaindéim go raibh dualgas ar CLG an cumas a chruthú. “Craoladh 222 cluiche Gaelach anuraidh le tráchtaireacht i nGaeilge as 300 – ní olc sin nuair a smaoiníonn tú air agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh,” a dúirt sé, agus é ag caint ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar na mallaibh. “Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an BBC ábalta é a dhéanamh agus fiú an BBC, b’fhéidir go dtiocfadh le GAAGO féachaint air sin . Tá cuid mhór féidearthachtaí ag GAAGO gan amhras agus sin ceann de na féidearthachtaí atá againn, beidh muid ag breathnú agus ag leathnú amach na seirbhíse agus, insan todhchaí, má leanaimid sa treo ina bhfuil muid ag dul, sílim go dtiocfaidh linn sin a dhéanamh," a dúirt sé.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    íospartaigh - victims

    amhrastaigh - suspects

    fiannéithe - witnesses

    bonneagar sibhialta - civil infrastructure

    tráchtaireacht bheo - live commentary

    féidearthachtaí - possibilities

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Fuarthas iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ciontach i ngach cúiseamh ag deireadh a thrialach i Nua Eabhrac Déardaoin. Bhí ceithre chúiseamh is tríocha ann, a bhain le cuntais ghnó a fhalsú le linn fheachtas na huachtaránachta sa bhliain 2016, nuair a tugadh airgead tosta don aisteoir Stormy Daniels. Gearrfar an pionós ar Trump ar an chéad lá déag de mhí Iúil, ach ní cheaptar go seolfar go príosún é, mar gheall ar an gcineál feileonachta atá i gceist. In ainneoin an bhreithiúnais, d’áitigh Trump féin go bhfuil sé neamhchiontach agus scríobh a lucht leanúna a lán teachtaireachtaí inar bagraíodh foréigean – foréigean i gcoinne iad siúd a bhí páirteach sa triail agus i gcoinne an stáit araon. Is cosúil nach gcuirfidh an breithiúnas seo bac ar fheachtas uachtaránachta Trump sa toghchán ag deireadh na bliana.

    In Éirinn, tá ‘Old Mr Brennan’ ar shlí na fírinne. Ba é Joseph Brennan a bhunaigh an comhlacht mór Brennans Bread níos mó ná caoga bliain ó shin, agus úsáideadh a leasainm sna feachtais fógraíochta a bhí acu i gcaitheamh na mblianta. Bhí an chéad bhácús dá chuid suite i Lána Fumbally i lár Bhaile Átha Cliath, ach tá an comhlacht bunaithe i mBaile Bhailcín le fada anois. Fuair an tUasal Brennan bás sa bhaile i gCábán tSíle, agus cé raibh sé ar scor le tamall, is comhlacht teaghlaigh é Brennans Bread fós agus roinnt páistí dá chuid luaite mar stiúrthóirí an chomhlachta.

    Tháinig deireadh le séasúr an tsacair i Sasana an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuaigh Manchester United Corn an FA Dé Domhnaigh. Bua gan choinne a bhí ann, agus iad ag imirt in aghaidh a gcomharsan Manchester City, atá tar éis an tsraith is airde i Sasana a bhuachan den cheathrú huaire as a chéile, éacht nach ndearnadh riamh i Sasana. É sin ráite, tá céad cúig déag cúiseamh curtha i leith Manchester City, maidir le sárú rialacha airgeadais an FA, agus ní fios go fóill cén saghas pionóis a ghearrfar ar an gclub sa chás go bhfaighfí ciontach iad. Deireadh ré a bhí ann i Learpholl freisin, nuair a d'fhág an bainisteoir Jürgen Klopp slán le Liverpool FC tar éis ocht mbliana rathúla sa chlub, inar mbain siad Corn na hEorpa agus an Premier League.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ciontach - guilty

    cuntais ghnó a fhalsú - falsifying business records

    leasainm - nickname

    feachtais fógraíochta - advertising campaigns

    gan choinne - unexpected

    sárú rialacha airgeadais - violation of financial rules

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


    Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d’athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh agus
    coireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha.


    Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus na
    gcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig lá
    dobróin sa tír ón Luan seo caite.


    Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    aitheantas - recognition

    coilíneachas - colonialism

    barántas gabhála - arrest warrant

    ionchúisitheoir - prosecutor

    damba - dam

    dobrón - mourning

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair na coire. Gortaíodh go dona Príomh-Aire Fico agus dúradh go raibh sé ag streachailt leis an bhás, ach tar éis cúig uair faoi obráid, go raibh drochbhail sheasmhach air. Sa tSlóvaic agus san Aontas Eorpach, is pearsa conspóideach é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis.

    Tá taighde nua foilsithe ag Údarás na Gaeltachta, ina léirítear go bhfuil an líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos gasta ná an líon tithe, agus is mó tithe atá folamh i gceantair Ghaeltachta ná mar atá go náisiúnta. Ón bhliain 2016, tharla méadú 6% ar an líon teaghlach sa Ghaeltacht, agus níor tharla ach méadú 5% ar líon na dtithe. Bhí an taighde bunaithe ar Dhaonáireamh 2022 agus b’é an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne é. Fuair an taighdeoir amach gurb iad na contaetha Gaeltachta na contaetha ina bhfuil an líon is mó tithe saoire in Éirinn, go háirithe i gContae Chiarraí agus i gContae Dhún na nGall. Dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh tábhacht leis an taighde seo agus tithíocht na Gaeltachta á forbairt acu, agus go bhfuil breis tithíochta de dhíth ar na ceantair Ghaeltachta.

    Oíche Dé hAoine seo caite, bhí radharc draíochtúil ann nuair a bhí na Saighneáin nó na Gealáin Thuaidh le feiceáil ar fud an domhain, agus an Eoraip san áireamh. Bhí Na Saighneáin dathúla le feiceáil mar gheall ar an stoirm gheomaighnéadach ba mhó a bhuail an domhan leis na cianta agus cuireadh amach rabhadh annamh grianstoirme, toisc go raibh baol dochair ann ar an eangach leictreachais, bonneagar, agus satailítí. Tá seans ann gur thig linn Na Saighneáin a fheiceáil arís i mbliana agus an ghrian ag barr a gníomhaíochta timthrialla i láthair na tréimhse seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionsaí lámhaigh - shooting attack

    láthair na coire - the crime scene

    taighde - research

    de dhíth - needed

    stoirm gheomaighnéadach - geomagnetic storm

    eangach leictreachais - electricity grid

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise Barra
    Mac Giolla Aoláin.
    Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubh
    le daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidí
    idirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhealach chun cúnamh a fháil isteach i Stráice Gaza. Dúirt an Teach Bán go raibh siad in aghaidh ionradh ar Rafah. Tuairiscítear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite mar gheall air seo. Bhí imní ar na Náisiúin Aontaithe faoi agus dúradh go raibh Iosrael ag "tachtadh" príomh-artairí cúnaimh Gaza. De réir tuairiscí leanann idirbheartaíocht síochána ar aghaidh san Éigipt idir Iosrael agus Hamas ach níl aon dul chun cinn déanta go dtí seo.
    Tá Éire tar éis dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na hEoraifíse den chéad uair ó bhí 2018 ann. D’éirigh le “Bambie Thug” sa bhabhta leathcheannais Dé Máirt, leis an amhrán “Doomsday Blue” in Malmö na Sualainne. Dúirt máthair Bambie Thug Laura le Morning Ireland de chuid RTÉ “nach feidir léi fanacht” go bhfeicfidh sí an t-amhránaí as Corcaigh ag seinm sa chluiche ceannais. Bhí díomá ar lucht leanúna na hEoraifíse mar níor bhain an Astráil áit amach sa chomórtas i mbliana. Bhí ar na heagraithe leithscéal a ghabháil tar éis do dhuine de thaibheoirí Dé Máirt siombail a bhí ar son na Palaistíne a thaispeáint, agus rinneadh agóid mhór nuair a bhí an t-amhránaí as Iosrael ag seinm Déardaoin. Tá go leor daoine ag moladh gur chóir baghcat a dhéanamh ar an chluiche ceannais anocht, mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael, agus an cogadh fós ar siúl in Gaza.
    Beidh dhá chluiche ceannais cúige sa pheil ar siúl an deireadh seachtaine beag seo. Ceaptar go mbeadh an bua ag Baile Átha Cliath ar Lú go héasca i gcluiche ceannais Laighean, ach, maidir le cluiche ceannais Uladh i gCluain Eois Dé Domhnaigh, tá tá sé deacair buaiteoir a phiocadh amach idir Ard Mhacha agus Dún na nGall. Tá Jim
    McGuinness ar ais mar bhainisteoir Dhún na nGall agus tá
    muinín ard ann. Tá sé ag cur orthu a chreidiúint gur féidir
    leo rudaí a dhéanamh nárbh fhéidir leo a dhéanamh anuraidh. Ar an taobh eile tá Kieran McGeeney ag lorg a
    chéad bhua i gcraobh Uladh as deich n-iarracht. Ba cheart gur comórtas spreagúil a bheadh ann. Bhuaigh Ciarraí agus Gaillimh na cluichí ceannais eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht an tseachtain seo caite.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    trasbhealach teorann - border crossing

    lasta buamaí - a cargo of bombs

    tachtadh - suffocating, smothering

    lucht leanúna na hEoraifíse - Eurovision followers/fans

    taibheoirí - performers

    spreagúil - exciting

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.
    Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D’éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza. Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.
    Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu. ‘Céad Míle Fáilte’ an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Táthar ag súil go nglacfaidh ar a laghad 2,000 duine páirt ann. Dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne, go bhfuil níos mó i gceist leis an tionscadal ná clár teanga, ag rá gur cruthú atá ann go bhfuilimid tiomanta féiniúlacht Éireannach níos láidre agus níos leithne a chruthú, a bheidh cuimsitheach agus fáilteach roimh chách.
    Tá cuach Éireannach ar ais ina tír dhúchais tar éis aistear éachtach thar sáile. Chaith an chuach an geimhreadh i bhforaoisí báistí an Chongó agus thuirling sé ar ais i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne i gCiarraí an tseachtain seo, áit ónar eitil sé an bhliain seo caite. Tá an t-éan, darb ainm Cuach KP, ar cheann de thriúr a feistíodh le clibeanna satailíte mar chuid de Thionscadal Rianaithe Cuach nua a seoladh an samhradh seo caite. Ba é cuspóir an tionscadail ná pictiúr soiléir a fháil ar thuras bliantúil na cuaiche agus conas is féidir iad a choinneáil sábháilte.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    campa agóide - protest camp

    go leatromach - oppressively

    cuimsitheach - inclusive

    fáilteach - welcoming

    cuach - cuckoo

    clibeanna satailíte - satellite tags