Воспроизведено

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d’fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis.

    Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é.

    Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d’astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comhghuaillithe - allies

    na línte tosaigh - the frontlines

    treaspás - trespassing

    dífhostú - dismissal

    timthriall - cycle

    grianbhladhm - solar flare

    cáithníní luchtaithe - charged particles

    na Gealáin Thuaidh - the Northern Lights

    an Corn - Cornwall

  • An audiodrama for fans of Motherfoclóir! The Greatest Matter is a new gothic crime tale set in Victorian Dublin, about a criminologist who arrives in the city and gets caught up in a murder investigation with occult connections. It's a full-cast audiodrama, with a cast of great Irish actors, immersive sound design and original music.
    Have a listen to Ep 1 here, and all 12 episodes are available to listen to in full right now - just type The Greatest Matter into whatever player you're using now, or go to HeadStuffPodcasts.com.
    Enjoy!
    Learn more about your ad choices. Visit megaphone.fm/adchoices