Bölümler
-
Eksik bölüm mü var?
-
Clár 11. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama.
"An Gnáth Rud" Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth an údair agus í ag léamh sleachta as a scéal agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar an gcúlra.
"Canary Wharf" Gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Beidh Orna ag léamh sleachta as an scéal Canary Wharf agus ag cur síos ar an gcnuasach. -
Clár 10. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille."Oisín i dTír na nÓg" Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill.Tá scéal Óisín curtha le ceoil ag Colm Mac Séalaigh agus beidh leagan álainn le chloisint ar an gclár á chanadh agus á sheinnt ag Na Fíréin. Ar Lipéid Gael-Linn"Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne" Nessa Ní Shé a chuir in eagar. Plé.
-
Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín. "Eiceolaí" le Biddy Jenkinson, á léamh aici féin agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an dán a scríobh. An Spailpín Fánach. Ní fios cé a chum. An t-aisteoir Tadhg Ó Bric ag léamh roinnt véarsaí i bhfoirm fileata agus cúpla véarsa á gcanadh ag John Spillane ón ndlúthdhiosca "More Irish Songs We Learned at School" atá ar lipéad EMI.