Bölümler
-
Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga.Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhíonn iarrachtaí le beatha a chur iontu arís. Foclóir: Ar a dtoil: To speak fluently In éag: to die out Meon: Attitude Diúltaigh: Refuse Athbheochanóir: Revivalist Tréibh: Tribe Dírdhreach: Landscape Drogall: Reluctance Cosc: Ban Faoi chois: Oppress Feadaíl: Whistling Meath: Decline Féiniúlacht: Identity See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach. Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo. Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua? Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i leith na Gaeilge a phlé. Foclóir: Clár rialtais - Programme for Government. Spriocanna – Targets. Breithiúnas - Judgement. Lánfhostaíocht - Full employment. Earnáil na cógaisíochta - Pharmaceutical industry. Líonraí - Networks. Maoin intleachtúil - Intellectual property. Brabús - Profit. Stocaireacht – Campaign. Soláthar - Supply Móréileamh - Main demands. Athbhreithniú - Review. cumhacht reachtúil - Statutory powers. Maoiniú - Funding. Deontas - Grant. Athchóiriú - refurbish.See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Eksik bölüm mü var?
-
Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a bhí faoi cheilt atá nochtaithe anois ina leabhar. Ollamh: Professor Cosúlachtaí: Similarities Tréithe: Traits Miotaseolaíocht: Mythology Ríthe: Kings Treibh: Tribe Tráth den saol: Once upon a time Iliomad: A great quantity Comhtharlú: Coincidence Sinn féin: Ourselves Gné: Aspect Díriú: Focusing Níos fadradhairce: More far-sighted Ársa: Ancient Fealsúnacht: Philosophy Ceannann céanna: The exact same Lochlannach: Viking See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha: Donations - Mionn: Oath/pledge - Suntas: Meaningfulness - Cúrsaí slándála: Security - Círéibeaca Riots - Coireanna: Crimes - Geilleagar: Economy - Boilsciú: Inflation - Cur i gcrích: Accomplish - Inimirce: Immigration - Ag déileáil le: Dealing with - Eisceachtaí: Exceptions - Oidhreacht: Legacy - Míorúiltí: Miracles. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ gradam ag na ag Gradaim Leabhar An Post le déanaí agus is saothar é a dhéanann iarracht daoine a ghríosú le triall a bhaint as an teanga arís. Ar Seachtain, labhair Molly faoin chosán chasta a bhí aici féin leis an teanga agus an taobh diúltach le bheith ag plé leis na meáin shóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí sé mar chuid den ghrúpa a bhunaigh roinnt mhaith tionscadail Gaeilge, ar nós an páipéar nuachta Lá, Raidió Fáilte, Meánscoil Feirste, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, agus an compántas drámaíochta Gaeilge Aisling Ghéar. Ar Seachtain, labhair Ciarán Ó Feinneadha, dlúthchara den bheirt, faoin oidhreacht atá fágtha ag an dá laoch seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Os coinn caoga bliain ó shín, tharla dúnmharú uafásach i mBaile Pálmair nár chuala mórán daoine faoi. B’eachtra aisteach agus uafásach é, nár tuairiscíodh sna nuachtáin go dtí blianta fada ina dhiaidh sin. Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin chás aisteach seo agus cén fáth go raibh sé i bhfolach ar feadh beagnach daichead bliana. Foclóir: Baile Pálmair: Palmerstown Dlúth: Tight-knit Deasghnáth: Ritual Cráifeach: Religious Tairní: Nails Céas: Crucify Cailís: Chalice Cartlann: Archive Áiléar: Attic Seilg: Hunt Íobair: Sacrifice Bleachtaire: Detective Ba léir: It was clear Admhaigh: Admit Cúisigh: Charge Intuigthe: Understandable Aisteach: Strange Teastas báis: Death certificate As an ghnáth: Unusual Maithiúnas: Forgiveness See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann. Foclóir: Dreoilín: Wren - Sníomhann sé: It ties in with - Iorua: Norway - Sleamhain: Sly - Torthúlacht: Fertility - Ó shin i leith: From then on - Aitheantas: Recognition - Ádh: Luck - Tuí: Straw - Carthanachtaí: Charities - Teoranta: Restricted - Bagairt: Threat - Dream: Group - A mhealladh: To entice - Deasghnáth: Ritual - Ár sinsir: Our ancestors - Aireachas: Mindfulness.See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhair Tessa Fleming le Pat Garry, treoraí in uimhir 14 Sráid Henrietta faoin saol ar leith a bhí ag daoine sna tionóntáin seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Tá na póilíní ó thuaidh ag fiosrú ‘eachtra fuatha’ tar éis do bhileoga frith-Ghaeilge a bheith faighte ar charranna lasmuigh de rang Ghaeilge i lár chathair Bhéal Feirste an tseachtain seo. Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Ciaran Dunbar faoin scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Fergus Mac Suibhne faoi scéal tragóideach Sandra Collins agus ar an teaghlach atá go fóill sa tóir ar freagraí. Foclóir: Dúchais: Native - Monarcha: Factory - Iarthuaisceart: North west - Doctúir teaghlaigh: GP - Ag iompar clainne: Pregnant - Ginmhilleadh: Abortion - Trína chéile: Upset - Smideadh: Make-up - Ar iarraidh: Missing - Cé: Quay - Suntasach: Significant - Fianaise: Evidence - Ciontaigh: Convict - Tionchar: Effect See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
17 bliana ó shín, baineadh siar an an tír nuair a fuair an mainicín clúiteach Katy French bás. Léirigh a bás domhain suarach an Tíogair Cheiltigh, áit a raibh cocáin ar fáil go forleathan. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar shaol an mhainicín clúitigh seo agus ar a bás scannalach. Foclóir: Mílaois: Millennium Mainicín: Model Rath: Success Geallta: Engaged Achrannach: Turbulent Slabhra: Necklace Leas a bhaint as: To capitalise on Shéan: Denied Ceap magaidh: a laughing-stock Spion maith: Good form An Uaimh: Navan Líomhaintí: Allegations Fianaise: Evidence Taom: Episode or attack Stad cairdiach: Cardiac Arrest Ciontach: Guilty Neamhspléach: Independent See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Beidh muintir na hÉireann ag vóta in Olltoghchán 2024 Dé hAoine. Tá feachtasaíochta amháin le dul agus tá na páirtithe móra ar chomhchéim lena chéile. Labhair an t-iriseoir John Downing le Ciarán Dunbar le spléachadh a thabhairt ar an bhfeachtas mar a bhí. Foclóir: Siamsaíocht: Entertainment Leamh agus leadránach: Dull and boring Pobalbhreitheanna: Opinion polls Stiúradh: To steer Tuar: To call Tosaíochtaí: Priorities Meánaicme: Middle class Faoiseamh: Relief Cró rothar: Bike shed Cosán: Path Sóisearach: Junior Idéalaíoch: Idealistic Dreas: A number of Tuillteanach: Deserving Leochaileach: Vulnerable Aigne: Mind Iomarcach: Excessive Toghcheantar: Constituency Dul sa phriacal: To take the chance See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Cailleadh 19 bhean i 1996 de bharr bhanmharú agus formhór acu, mharaigh fear a raibh aithne acu air iad. Ar Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur le Foréigean in Éadan Mná, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar an bhliain is contúirtí do mhná na tíre seo le beagnach 30 bliana anuas agus insíonn sí scéalta na mban a cailleadh. Foclóir: Feasacht – Awareness Nós - Custom/habits Foréigean baile – Domestic violence Íospartaigh - Victims Sáinnithe - Trapped Aird – Attention Coirpeach – criminal Bagairtí - threats D’fhulaing -Suffered Fianaise – Evidence Chuaigh sí amú - She went missing Ag iompair clainne – Pregnant Fonn mhaith – Good humour Cúisíodh - Charged Chuir sé a lámh ina bháis fein – He died by suicide Coitianta – Common Aird – Attention Cúnamh - Help Faoi cheilt – conceal Reachtaíocht - Legislation See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Tá seachtain le dul go dtí an olltoghchán agus tá iománaíocht ghéar ann idir na páirtithe ar fad. Ach do Ghaeilgeoirí, cad é atá uathu sa toghchán seo? Agus cad iad na geallúintí atá á ndéanamh ag na mórpháirtithe maidir leis an Ghaeilge? Labhair Tessa Fleming leis aniriseoir Ciarán Dunbar agus an le feidhmeannach cumarsáide le Conradh na Gaeilge, Kate Ní Dhúbhlaoich. Foclóir: Manifesto : Forógra Geallúintí : Promises Iomaíocht : Battle See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód in aghaidh an chórais. Foclóir - Glúin : Generation - Gríosaithe : Incited - Comharthaí bóthair : Road signs - Anonn is anall : Back and forth - Dioscúrsa : Discourse - Éileamh : Demand - Imirce : Emigration - Déan talamh slán de : Presume - Stáisiún raidió bradach : Pirate radio station - An Clochán : Clifden - Cloch na Rón : Roundstone - Imeallach : Peripheral - In éag : expired - Agóid : Protest - Aighneas : Disagreement - Claonadh : Bias - Dul chun cinn : Advancement - Dualgas : Obligation.See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
I 2020, tháinig deireadh leis an iomaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhí i gcroílár na polaitíochta in Éirinn le beagnach 100 bliana, agus chuaigh said i mbun comhrialtas lena chéile agus an Comhaontas Glas. Ag deireadh na míosa caithfidh an phobal vóta in olltoghchán 2024 leis an chéad rialtas eile a togha. Tá iomaíocht ghéar ann agus labhair Tessa Fleming leis na hiriseoirí Cathal MacCoille agus Áine Ní Bhreisleáin faoi na gealltanais, na ceisteanna agus na conspóidí is mó le linn an fheachtais seo. Foclóir: Airí rialtais – Government ministers Tírdhreach – Landscape Neamhaird – Ignore Iarrthóir – Candidate Lochtach - Faulty Cúiteamh – Compensation Feachtas – Campaign Gealltanais – Promises Tairiscint – Proposition Ag brath ar – Depending on Beart a dhéanamh de réir briathar - To practise what one preaches Fuinneamh – Energy Tofa – Elected Amhras – Doubt Cláraithe – Registered Tarraingteach – Attractive Pobalbhreitheanna – Polls Éacht - Feat See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Sheoladh feachtas nua uile-Éireann TINTEÁN le béim a chur ar an easpa tithíochta atá ar fáil in sna ceantracha Gaeltachta. Agus olltoghchán ag teannadh linn, tá sé i gceist ag TINTEÁN cur ina luí ar pholaiteoirí gur gá todhchaí na nGaeltachtaí a chosaint agus tithíocht a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Labhraíonn Tessa Fleming le Maitiú de Hál, ball de TINTEÁN/BANÚ, faoin troid ar son na Gaeltachta. Foclóir: Fréamhaithe - Rooted: Éileamh - Demand: Camchuairt - Tour: Stocaireacht – Campaigning: Ar leaic na dorais – on the doorstep: Forleathan – Widespread: Córasach - Systemic: Sain riachtanais – Specific requirements: Béal Átha na Sluaighe - Ballinasloe: Misneach – Encouragement: Iarratas – Application: Bánaithe - Abandoned: Toil – Will: Tá sé ar na bacáin - In course of preparation: Titim leanúnach - Continual fall: Daonáireamh – Census: Treocht - TrendSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Tá an rás anois rite agus ba bhua suntasach a bhí ann don Donald Trump. Feachtas thar a bheith neamhghnách a bhí ann le roinnt míonna anuas agus ba léir an scoilt idir tacadóirí Donald Trump agus tacadóirí Kamala Harris. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Siobhán Ní Chiobháin agus Niall Ó Muilleoir faoi thoghchán na huachtaránachta 2024 agus cad é atá in ann do Meiriceá anois? Foclóir: Deighilte – Divided Faoi ghruaim – dejected Buanna – Attributes Cur i gcrích - to execute In ainneoin – despite Aicme – Class or echelon Tréig - abandon Ginmhilleadh - Abortion Pobalbhreitheanna – Polls Foinse - Source Teacht i dtír ar dhaoine – To engage with people Miotas – Myth Geilleagar - Economy Muinín - Confidence Ceadúnas - License Ciníochas - Racism Coireanna - Crimes Díoltas - Revenge See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
Deirtear gurb ar oíche Shamhna is gaire a thagann an dá shaol dá chéile - saol na mbeo agus saol na marbh. Agus de réir an tseanchais, seo an t-aon oíche sa bhliain ina shiúlann iad siúd a d’imigh romhainn inár measc arís. Cén dóigh gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile ársa seo? Ar Seachtain, labhraíonn an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi na nósanna agus na carachtair a bhaineann le Oíche Shamhna. Foclóir: Chomh sean leis an gceo - As-old-as-the-hills Flúirse an fhómhair - The abundance of the harvest Tráth - Once Osnádúrtha - Supernatural Piseoga – Superstitution Rógaireacht - Divilment Lofa – Spoiled Cleas – Trick Iarlais – Changelings Béaloideas - Folklore Cuach – Cuckoo Dallamullóg - To hoodwink Leochaileach – Vulnerable Cráite - Distressed Ruaig – To banish Tlú - Tongs Iarann – Iron Cliabhán - Cot Tairseach - Threshold See omnystudio.com/listener for privacy information.
- Daha fazla göster