Episodes

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an fichiú lá de mhí Aibreán. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Chríochnaigh an t-ionchuisne sa dóiteán tubaisteach sa chlub oíche Stardust i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Tharla an dóiteán in 1981, and d’éag 48 duine ann. Shroich an giúiré an breithiúnas gur maraíodh iad uilig go neamhdhleathach. An t-ionchuisne is faide i stair an stáit ba ea, agus le linn breis agus céad lá d’fhianaise, tháinig sé amach go raibh na bealaí éalaithe faoi ghlas, chun daoine a choimeád amuigh; agus rinne an giúiré an cinneadh gur chuir sin go mór leis an tubaiste. Chuir an breithiúnas deireadh le feachtas mór fada de chuid theaghlaigh na marbh, agus tá na gardaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás ina dhiaidh.

    I Nua Eabhrac, thosaigh an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe an tseachtain seo. Tá Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don aisteoir earótach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016. Tá na líomhaintí uilig séanta ag Trump. Caithfidh sé freastal ar an gcúirt gach lá a bhíonn an cás ar siúl, agus bhí an giúiré roghnaithe faoi oíche Dhéardaoin - próiseas a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Tá an breitheamh tar éis ordú a thabhairt do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta, agus beidh éisteacht ar siúl Dé Máirt ar chúiseamh an ionchúisimh go bhfuil an t-ordú sin sáraithe ag Trump cheana.

    I Sasana, aimsíodh iontaisí na reiptíle mara is mó a bhfuil eolas air in Somerset. Iochtasár, nó “laghairt éisc”, a mhair 200 milliún bliain ó shin ag deireadh na Tréimhse Triasaí, atá ann, a raibh thart ar 25 méadar ar fad, chomh mór le míol mór gorm. Tugadh Ichthyotitan severnensis, nó Iasc Ollmhór na Sabhrainne, ar an speiceas i bpáipéar a foilsíodh Dé Máirt. I measc na n-údar bhí Ruby Reynolds, a bhí aon bhliain déag d’aois nuair a bhí sí ag siúl lena hathair ar Thrá an Ancaire Ghoirm in 2020, nuair a d’aimsigh siad an chuid is mó atá faighte den Ichthyotitan.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionchuisne - inquest

    dóiteán - fire

    airgead tosta - hush money

    aisteoir earótach - erotic actor

    iontaisí - fossils

    laghairt éisc - fish lizard

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid marbh taobh amuigh dá teach in Los Angeles. Triaileadh Simpson sna dúnmharaithe, ach saoradh é sa bhliain 1995. Chuaigh an cás i gcion ar na Stáit Aontaithe ar fad. In 2008 fuarthas ciontach é ar chúiseanna difriúla, i gcás sibhialta, agus gearradh píonós priosúin air ar feadh 33 bliain. Fuair sé bás ón ailse Dé Céadaoin, lena pháistí agus a gharpháistí ina thimpeall, de réir ráiteas teaghlaigh.

    Mar gheall ar líon na dtimpistí bóthair marfacha in Éirinn, fógraíodh go mbeidh achan garda síochána ag tabhairt faoi ghníomhaíocht sábháilteachta ar bhóithre go ceann leathuaire le linn achan seala. Déardaoin, d’fhógair Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, go raibh ar An Gharda Síochána a dtionscnaimh póilíneachta a chur in oiriúint chun sábháilteacht a mhéadú ar bhóithre na hÉireann. Ní ba luaithe sa lá, d’inis an Tánaiste Micheál Martin don Dáil gur “seafóid” é nach féidir le húdaráis áitiúla eolas maidir le tuairteanna bóithre a tharla le linn bliana anuas a fheiceáil de bharr rialacha GDPR agus gur cheart go réiteofaí an fhadhb “gan a thuilleadh moille”.

    D'fhoilsigh Fáilte Éireann tuairisc nua le linn na seachtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. De réir na tuairisce, tugtar isteach níos mó ná €3 bhilliún i rith na bliana ó Dhún na nGall go Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, atá 2,500 ciliméadar ar fad. Tuairimíonn Fáilte Éireann gur tháinig beag nár 2 milliún turasóirí sa bhreis ar cuairt go Slí an Atlantaigh Fhiáin, i gcomparáid leis an bhliain 2013 agus cuireadh 35,000 post nua ar fáil i gcaitheamh na ndeich mbliana. Seoladh an tuairisc ag Meitheal, mórócáid bhliantúil dírithe ar chúrsaí turasóireachta, a bhí ar siúl i gCill Airne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    iarbhean - ex-wife

    saoradh é - he was acquitted

    tionscnaimh póilíneachta - policing initiatives

    gan a thuilleadh moille - without further delay

    tuairisc - report

    Slí an Atlantaigh Fhiáin - the Wild Atlantic Way

  • Missing episodes?

    Click here to refresh the feed.

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag seacht mbliana is tríocha d'aois. Baineadh croitheadh as lucht polaitíochta an Tuaiscirt seachtain ó shin nuair a gabhadh Jeffrey Donaldson, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh, ar chúiseanna mí-úsáide stairiúla, ach roghnaíodh Gavin Robinson mar cheannaire sealadach an pháirtí agus táthar ag súil nach mbeidh aon drochéifeacht ar Thionól Chnoc an Anfa.

    Tá beagnach 40 ball den Pháirtí Daonlathach i Meiriceá, Nancy Pelosi ina measc, i ndiaidh impí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus ar an Rúnaí Stáit, Anthony Blinken, stop a chur le díolacháin arm d'Iosrael. D'éiligh Biden féin sos cogaidh Déardaoin tar éis d'fhórsaí Iosraelacha seachtar oibrithe cabhracha a mharú. Tá súil ag an charthanacht World Central Kitchen go dtarlóidh fiosrúchán neamhspleách. Ghlac Iosrael freagracht as an eachtra, agus dúirt an Príomh-Aire nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi. Tá imní ann sa Mheánoirthear maidir le freagairt na hIaráine ar mharú seachtar oifigeach den Gharda Réabhlóideach i nDamaisc na Siria fosta.

    Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil an deireadh seachtaine seo agus foireann Londan ag imirt in aghaidh Chontae na Gaillimhe in Ruislip inniu. Beidh Maigh Eo ag imirt i Nua Eabhrac amárach agus roinnt cluichí ar siúl ar fud na hÉireann. Fuair Doire an lámh in uachtar ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta agus measann anailísithe gurb iad an dá fhoireann sin chomh maith le Ciarraí a bheidh ag dul in iomaíocht don duais is mó, Corn Mhig Uidhir, ag deireadh an chomórtais i mí Iúil. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann san Iománaíocht an mhí seo fosta ach ar dtús tá cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta idir an Clár agus Cill Cheannaigh ar siúl i nDurlas Éile anocht.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cúiseanna mí-úsáide stairiúla - historical abuse charges

    Tionól Chnoc an Anfa - the Stormont Assembly

    díolacháin arm - arms sales

    fiosrúchán neamhspleách - independent investigation

    anailísithe - pundits

    ag dul in iomaíocht - competing

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gcomparáíd le mí Eanáir. Tá 10,100 de na daoine taifeadta bunaithe i mBaile Átha Cliath. Léirigh ionadaí ó Chlann Shíomóin nach bhfuil daoine a bhíonn ag fanacht ar na sráideanna, daoine atá ag éalú ó fhoréigean baile nó lucht iarrtha tearmainn san áireamh sna figiúirí sin agus mar sin nach léiriú ceart iad don ghéarchéim iomlán. Mar thoradh ar an éíleamh ard ar na seirbhisí tá ar dhaoine gan dídean tréimhse níos giorra a chaitheamh i dtithíocht éigeandála. D’iarr Clann Shíomóin ar an rialtas dearbhthosáiocht a dhéanamh as an ngéarchéím easpa dídine. Dúirt siad gurb í tógáil tithí sóisialta agus inacmhainne an t-aon fhreagar agus chuir siad brú ar an rialtas glacadh leis an “Simon Homeless Prevention Bill” agus cearta dídine a chumhdach.

    Tharla timpiste uafásach in Baltimore sna Stáit Aontaithe Dé Máirt nuair a bhuail long choimeadán Droichead Francis Scott Key i bpríomhphort na cathrach. Tá an droichead 2.6k i bhfad agus thit sé san fharraige de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh. Tá fiosrú oifigiúil fós ar siúl le teacht ar chúis chinnte leis an timpiste ach deir oifigeach gur tharla cliseadh cumhachta ar an long agus gur seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Fuair beirt bás agus leanann iarrachtaí teacht ar an gceathrar atá caillte ach glactar leis go bhfuil siad marbh. Tá dúshlán mór i gceist leis an iarracht mar gheall ar an teocht fhuar agus an líon smionagair san uisce. Ní raibh aon ghortú ag an bhfoireann ar an long. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé tábhachtach le haghaidh lasta freisin. Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain.

    D'fhógair Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éire chun idirghabháil a dhéanamh sa chás a thosaigh an Aifric Theas i gcoinne Iosrael faoin gCoinbhinsiúin ar Chinedhíothú ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste gur thug sé orduithe d'oifigí tús a chur le hobair ar fhógairt idirghabháil faoi alt 63 de reacht na Cúirte. Má ghlacann an rialtas leis cuirfear an idirghabháil leis an gcás i gcoinne Iosrael ag an gcúirt sa Háig. Bhí an rialtas faoi bhrú leanúnach ón bpobal agus ón bhfreasúra chun gníomhú maidir leis an gcás seo. Dúirt Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine ag na Náisiúin Aontaithe gur "cinneadh tábhachtach" é ach "b'fhéidir thar téarma". Mhínigh Fionnuala Ní Aoláin, ollamh dlí ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, nach cás coiriúil atá i gceist agus níl brí ag an idirghabháil go bhfuil an rialtas ar aon "taobh" ach is tuairim bunaithe ar fhíricí atá i gceist leis an idirghabháil.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    seirbhisí tithíochta éigeandála - emergency housing services

    Clann Shíomóin - the Simon Community, a charity which helps homeless people

    long choimeadán - container ship

    comhartha guaise - danger signal

    idirghabháil - intervention

    Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine - Special Rapporeur for Human Rights

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath, in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Ag labhairt dó ón fhoirgneamh rialtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Varadkar go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothroime agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar gur bhain a chinneadh le cúrsaí poilitiúla, ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh. Tá an chuma air go mbeidh Simon Harris ina chomharba ar Varadkar, an t-aon iarrthóir ainmnithe don ról ag am an taifeadta.


    Beidh feabhsú ar an gheilleagar sa Ríocht Aontaithe i mbliana, a dúirt Rishi Sunak ar an BBC i ndiaidh nuacht gur thit an boilsciú go dtí an leibhéal is ísle le beagnach dhá bhliain go leith. "Tá muid timpeall coirneáil i ndiaidh imní na mblianta atá caite,” a dúirt sé. Thit an boilsciú go 3.4% an mhí seo caite mar agus moill tagtha ar ardú ar phraghsanna bia. Ach d'ainneoin arduithe praghais ag moilliú ar an iomlán, lean praghsanna tithíochta agus breosla ag ardú go gasta ar fad. Faoi agallamh ag an BBC, dúirt an Príomh-aire go bhfuil feabhsú ag teacht ar chursaí. D’admhaigh an tUasal Sunak go raibh droch-chuma go fóill ar an scéal do dhaoine, ach d’áitigh sé go raibh rathúlacht eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe ag athrú i ndiaidh damáiste a bheith déanta uirthi le blianta beaga anuas ag paindéim Covid agus de dheasca borradh fuinnimh agus praghsanna bia mar gheall ar an chogadh san Úcráin. Agus é á bhrú ar chostais árachais soghluaiste, leathanbhanda agus gluaisteáin ag ardú, d'admhaigh an tUasal Sunak go raibh "dúshláin" go fóill ann, ach d'áitigh go raibh an Ríocht Aontaithe "in áit i bhfad níos fearr ná mar a bhí muid nuair a tháinig mé isteach mar Phríomh-aire. Is é an jab atá agam ná a chinntiú go bhfuil muid ag cuidiú, agus sin a dhéanann ár gciorruithe cánach,” a dúirt sé.

    Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid. Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”, agus ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála.” Deirtear go mbeidh béim ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge chomh maith agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla. I measc na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga. Cuirfear an t-athbhreithniú i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa chéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meáin. Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”. Deirtear go mbainfear leas as torthaí na bpobalbhreithe agus as an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    dífhostaíocht - unemployment

    comhionannas - equality

    an boilsciú - inflation

    rathúlacht - prosperity

    athbhreithniú - review

    soláthróirí - providers

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. D’éirigh leis an scannán seacht nOscar ar fad a fháil. Agus é ag glacadh leis an ngradam dúirt Cillian go raibh sé an-tógtha ar fad. Ghabh sé buíochas le Nolan, an criú agus a chomhréalta, lena thuismitheoirí agus clann. Dúirt sé go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer, agus thiomnaigh sé an gradam do na daoine a dheánann síocháin. Labhair sé i nGaeilge chomh maith nuair a dúirt sé 'go raibh míle maith agaibh' ag deireadh a óráide. Is as Corcaigh ó dhúchas Cillian Murphy agus tá gach éinne ina cheantar agus timpeall na hÉireann an-bhródúil as. Bhuaigh an comhlacht leiriúcháin Element Pictures ó Bhaile Átha Cliath ceithre ghradam don scannán ‘Poor Things’ ina bhfuil an t-aisteoir Emma Stone, a bhuaigh an gradam don aisteoir baineann is fearr.

    Tá an t-iriseoir iomráiteach agus comhfhreagraí nuachta Charlie Bird tar éis bás a fháil. Le linn daichead bliain mar iriseoir, thug Charlie Bird tuairiscí ar roinnt scéalta tábhachtacha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear tine Stardust, seachaint cánach sa Bhanc Éireannach Náisiúnta, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Meán Fómhair 2001 agus an súnámaí san Aigéan Indiach in 2004. Thosnaigh sé amach mar thaighdeoir le RTÉ in 1974 agus bhí cáil air mar dhuine díograiseach agus seiftiúil ar na cláracha Seven Days agus an Late Late Show agus ansin ag glacadh páirt le cúrsaí nuachta ó 1980 ar aghaidh. Sa bhliain 2021 deineadh diagnóis go raibh an galar néarón luadrach air. Chuaigh sé os comhar an phobail leis an ngalar agus thosnaigh sé an feachtas Climb With Charlie. Dhreap sé Cruach Phádraig, ag bailiú 3.3 milliún euro ar son An Cumann Galar Néarón Luadrach in Éirinn agus Pieta. D’eagraigh sé a luaithreach bheith curtha in Inis Oírr, áit ar thug sé cuairt uirthi go minic le breis is caoga bliain.

    Thaistil an Taoiseach Leo Varadkar go dtí na Stáit Aontaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Chaith sé dhá lá ar thuras go Bostún. Bhuail sé le Gobharnóir Massachusetts, Maura Healey, agus dhein sé óráid i Leabharlann John F. Kennedy. Ar an Aoine bhuail sé leis an Leasuachtarán Kamala Harris agus bhí cruinniú déthaobhach aige leis na Uachtarán Joe Biden. Dúirt an Taoiseach go mbainfeadh sé úsáid as an ardán atá aige chun béim a chur ar shos cogaidh sa Mheánoirthear. Ina chuid óráidí i mBostún agus in Washington, tharraing sé aird ar an ionsaí uafásach a dhein Hamas ar Iosrael ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair chomh maith leis an tubaiste atá ag tarlú faoi láthair in Gaza. Ag dinnéar de chuid The Ireland Funds bhí Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill agus Emma Little-Pengelly, i láthair. An príomhchuspóir a bhí acu ná infheistiú a mhealladh go dtí an Tuaisceart. Ag an dTeach Bán tháinig an Taoiseach agus an tUachtarán le chéile. Dúirt Biden go bhfuil Éire agus Na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh céad bliain de chaidreamh taidhleoireachta agus ba bhreá leis teacht ar ais go hÉirinn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fisiceoir - physicist

    comhréalta - co-stars

    comhlacht leiriúcháin - production company

    comhfhreagraí nuachta - news correspondent

    an galar néarón luadrach - motor neurone disease

    luaithreach - ashes

    cruinniú déthaobhach - bilateral meeting

    caidreamh taidhleoireachta - diplomatic relationship

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


    Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-ainmniúchán don bPáirtí Poblachtánach a fháil anois agus mar sin beidh sé ag dul in aghaidh Joe Biden den ndara huair i mí na Samhna. Ní raibh teannas ar bith do Joe Biden ach oiread agus é gan chéile comhraic dáirire sa rás le haghaidh ainmniúchán na
    nDaonlathach.

    Vótáil muintir na hÉireann in dhá reifreann Dé hAoine, ceann amháin faoin dteaghlach agus an ceann eile faoi chúrsaí cúraim. Bhí an leasú i reifreann an teaghlaigh ag iarraidh athrú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ann faoi láthair, go háirithe nach mbeadh an teaghlach bunaithe ar an bpósadh amháin ach ‘ar chóngais bhuanfasacha’ freisin. Bhí an reifreann cúraim ag iarraidh na tagairtí do dhualgais na mban sa bhaile a bhaint den mBunreacht agus aitheantas
    a thabhairt ina n-áit don gcúram sa teaghlach. Bhí gach páirtí mór sa Dáil ar son an dá leasú agus ní raibh ach Aontú agus cúpla Teachta Dála neamhspleách i gcoinne na leasuithe. Dúirt an Taoiseach i rith na seachtaine go raibh na torthaí idir dhá cheann na meá. Bhí an chuma ar an scéal maidin Dé Sathairn go ndiúltófaí an dá reifreann.

    Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an gcéad lá de mhí an Mhárta agus bhí go leor Gaolainne le cloistint sa Dáil le linn na seachtaine. Thug 18 Teachta Dála ráiteas i nGaolainn
    Dé Céadaoin, ach ní raibh ceannaire ar bith ó na páirtí i láthair. Labhair na Teachtaí Dála faoi na géarchéimeanna a bhaineann leis an teanga agus leis na ceantracha Gaeltachta. Ar an lá céanna, fógraíodh go mbeidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste in 2025. Ba é 1997 an uair dheireanach a bhí an tOireachtas cois Lagáin agus ní raibh sé sa Tuaisceart ó 2006. Bhí dea-scéala eile do chúrsaí Gaolainne le linn na seachtaine nuair a cuireadh an t-
    úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad uair riamh a bhí leabhar i nGaolainn ar an liosta don
    aoisghrúpa idir 8-12 bliain d’aois.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réamhthoghcháin - primary elections

    feachtas - campaign

    sainmhíniú - definition

    leasuithe - amendments

    géarchéimeanna - crises

    cois Lagáin - Laganside

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar a laghad céad agus dáréag daoine. Dar le Roinn Sláinte Gaza, tá breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe anois i bhfrith-ionsaí Iosrael tar éis ionsaí Hamas ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair.

    Tharla sochraid Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra i gcoinne Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, i Moscó Dé hAoine. Fuair Navalny bás go tobann i ngéibheann sa tSibéar Artach coicís ó shin. Is iomaí daorbhreith a gearradh ar Navalny nuair a d’fhill sé ar an Rúis, lena n-áirítear calaois, díspeagadh cúirte agus antoisceachas; acht shéan Navalny iad uilig, ag rá nach raibh iontu acht iarracht pholaitiúil chun é a chuir ina thost. D’fhreastail na mílte daoine ag a shochraid, acht dúirt urlabhraí na Creimile Dimitry Peskov go raibh aon chruinniú neamhúdaraithe ar son Navalny neamhdleathach. D’fhill Navalny ar an Rúis ón nGearmáin in 2021, tar éis cóir leighis don nimh néaróige Novichok a fháil, acht gabhadh go díreach é.

    Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé hAoine, agus Éire faoi bhrat sneachta an mhaidin sin. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902, agus leanann an "tSeachtain" go Lá Fhéile Pádraig. Seoladh í le himeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Dúirt Orlaith Nic Gearailt, bainisteoir na féile le Conradh na Gaeilge, gur “féidearthachtaí” an téama atá ann i mbliana, féidearthachtaí chun tuilleadh Gaeilge a usáid sa ghnáthshaol. Beidh imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain i rith na Seachtaine. I Londain, beidh both ag Conradh na Gaeilge ag an bhféile ar Chearnóg Trafalgar ar Lá Fhéile Pádraig.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tionlacan cabhrach - aid escort

    táinrith - stampede

    calaois - fraud

    díspeagadh cúirte - contempt of court

    antoisceachas - extremism

    féidearthachtaí - possibilities

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh

    D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé á choinneáil nár tháinig an mothú ar ais ann tar éis dó titim i ndiaidh siúlóide. Dúirt Yulia Navalny, baintreach Alexei, gur nimhíodh Navalny leis an néaroibreán, Novichok, agus gurb é seo an fáth nach bhfuil a chorp scaoilte go fóill. Díreoidh na smachtbhannaí is déanaí ar raon réimsí, lena n-áirítear bunáiteanna cosanta agus tionsclaíochta na tíre, mar aon le foinsí ioncaim don gheilleagar.

    Bhuaigh an t-aisteoir as Corcaigh, Cillian Murphy, gradam don Aisteoir is Fearr ag na BAFTAs Dé Domhnaigh seo caite as a léiriú sa scannán Oppenheimer. Sa scannán, léirigh Murphy an t-eolaí taobh thiar den bhuama adamhach, agus tá sé anois ina phríomh-iomaitheoir le bheith ar an dara haisteoir Éireannach riamh an gradam don Aisteoir is Fearr a bhuachaint ag na Oscars. D’éirigh chomh maith leis an scannán, Poor Things, a léirigh an comhlacht Éireannach, ‘Element Pictures.’ Bhain an scannán duaiseanna amach as léiriú Emma Stone chomh maith le dearadh agus éifeachtaí amhairc.

    Den tríú huair, chros na Stáít Aontaithe rún na Náisiún Aontaithe chun sos cogaidh daonnúil láithreach a éileamh i gcogadh Iosrael-Hamas. Chuir na Stáit Aontaithe i gcoinne an rúin, a fuair tacaíocht fhorleathan, ag rá go gcuirfeadh an comhaontú isteach ar an gcaibidlíocht chun gialla Iosraelacha a shaoradh. Ba é 13-1 an vóta sa Chomhairle Slándála ina raibh 15 bhall (agus staon an Ríocht Aontaithe). Go dtí seo, maraíodh níos mó na 29,000 Palaistíneach in ionsaithe míleata Iosrael, de réir Aireacht Sláinte Gaza, a deir gur mná agus leanaí a bhí i bhformhór na dtaismeach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.

    Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith gur bhain Trump an bonn de ról NATO trí bhonn a bhaint as creidiúnacht a dhíspreagadh. D’fhreagair Joe Biden freisin agus é ag rá go raibh tuairimí Trump balbh, náireach agus contúirteach. Ag an am céanna, rinne Biden achainí ar Phoblachtánaigh chun bille a thabharfadh cúnamh eachtrach do thíortha lena n-áirítear Iosrael agus an Téaváin a cheadú.

    Tháinig Coiste Meán an Oireachtais le chéile an tseachtain seo caite chun scannal leanúnach RTÉ a phlé. Iarradh ar an Ard-Stiúrthóir, Kevin Bakhurst, pacáiste scoir conspóideach an phríomhoifigigh airgeadais a phlé, rud a bhain léi a bheith íoctha ceithre chéad caoga míle euro. Labhair roinnt polaiteoirí, lena n-áirítear Mary Lou McDonald, a dúirt go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán. Bhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro.

    Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap ag cur an dlí ar Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe, Kemi Badenoch. Cheadaigh painéal neamhspleách deontas arbh fhiú cúig mhíle dhéag punt do Kneecap. Chuir rialtas na Ríochta Aontaithe bac ar an deontas, áfach, agus dúirt nach raibh siad ag iarraidh airgead poiblí a eisiúint do ghrúpa atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe féin. Tá cáineadh déanta faoi Kneecap cheana ar nádúr conspóideach a gcuid amhrán agus físeán. Dúirt siad gur iarracht rialtas na Ríocht Aontaithe iad a chur ina dtost an beart is déanaí seo. Tá an deontas deartha chun ealaíontóirí a chur chun cinn i margaí thar lear.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comhghuaillí - ally

    creidiúnacht - credibility

    Coiste Meán an Oireachtais - Oireachtas Committee on Media

    pacáiste scoir - severance package

    deontas - grant

    cáineadh - condemnation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar cheannaire ar chomhrialtas ilpháirtí, ar a tugadh 'Comhrialtas Bogha Ceatha', in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé. Bhí sé lárnach i mbunú an phróisis síochána sa Tuaisceart. I ráiteas dúirt an Taoiseach reatha Leo Varadkar gur méala mór é bás John Bruton dó féin go pearsanta. Tá comhbhrón déanta ag daoine éagsúla ar fud na tíre agus thar lear.
    D’fhógair Pálás Buckingham go bhfuil ailse ar Rí Séarlas. Thug said le fios cúpla seachtain ó shin go raibh fadhb phróstatach ag an Rí ach nach raibh sí tromchúiseach. I ndiaidh scrúdaithe, áfach, fuarthas go bhfuil ailse air, ach níor fógraíodh go fóill cén cineál. Dúirt Príomhaire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go raibh brón air faoi agus gur “thángthas uirthi go luath”. I ráiteas inné, dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUiginn go bhfuil “an-bhrón agus buairt” air faoi dhiagnóis leighis an Rí a chloisteáil. Tá Séarlas chun sos a ghlacadh óna chuid oibre agus cóir leighis á cur air agus tuariscíodh go raibh a mhac Harry fillte ó Mheiriceá chun am a chaitheamh leis.
    Rinne stoirm mharfach damáiste ollmhór in California agus ar chósta thiar Mheiriceá. Is é seo an dara córas aimsire taobh istigh de sheachtain, a tharla mar gheall ar fhéiniméan ar a dtugtar an “Pineapple Express”. Is abhainn atmaisféarach é an Pineapple Express, frasaíocht a bheirtear tríd an aer ó lár an Aigéin Chiúin. Maraíodh ar a laghad triúr ag crainn ag titim, tuilte agus sciorradh láibe. De bharr na fearthainne ba mheasa a chonacthas riamh sa stát, d’fhógair an gobharnóir staid éigeandála in ocht gcontae. Tá beagnach 40 milliún duine ag maireachtáil le foláireamh tuilte. Thairg Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuidiú ón rialtas feidearálach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Comhrialtas Bogha Ceatha - Rainbow Coalition

    Daonlathas Clé - Democratic Left

    ailse - cancer

    cóir leighis - treatment

    frasaíocht - precipitation

    foláireamh tuilte - flood warning

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


    Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbeadh “áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine”. De réir an mhargaidh nua, beidh níos lú seiceálacha
    custaim ar earraí a sheoltar ón mBreatain agus a choinnítear sa Tuaisceart. Is cosúil go dtiocfaidh feisirí Thionól Stormont le chéile Dé Sathairn agus go mbeidh Michelle O’Neill ó
    Shinn Féin ina Céad-Aire de bharr thorthaí an toghcháin dheireanaigh. Seo an chéad uair a bheidh náisiúnaí ina Chéad-Aire ó bunaíodh Tuaisceart Éireann.


    Tá sé deimhnithe ag an Aontas Eorpach €50 billiún breise a thabhairt don Úcráin tar éis cruinniú éigeandála sa Bhruiséil an tseachtain seo. Bhí Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán, i gcoinne níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Úcráin roimh an Nollaig, ach d’athraigh sé a mheon le linn an chruinnithe. Ba chóir go mbeadh gach cinneadh déanta d’aon ghuth san Aontas Eorpach agus mar sin, bhí fíor-thábhachtacht ag baint le cinneadh Orbán. Beidh an t-airgead seo riachtanach don Úcráin chun a seirbhísí agus a geilleagar a choinneáil slán. Tá géarghá le maoiniú ag an Úcráin tar éis dhá bhliain ag troid in aghaidh
    fhórsaí na Rúise agus an méid díobhála atá déanta sa tír ó thosaigh an cogadh.


    Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde (nó Imbolc) Déardaoin agus beidh lá saoire bainc in Éirinn Dé Luain, an dara huair riamh a bheidh lá saoire ann chun onóir a thabhairt don Naomh agus don mBandia. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil an tseachtain seo, áit ar bhuail sé le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola. Tar éis a gcruinnithe, scríobh Metsola
    teachtaireacht i nGaolainn ar na meáin shóisialta inar ghuigh sí beannachtaí na Féile Bríde ar mhuintir na hÉireann. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine chun ómós a dhéanamh do Bhríd: mar shampla, beidh mórshiúl i gCluain Dolcáin Dé Domhnaigh ina mbeidh daoine gléasta mar chleamairí agus mar Bhríd, an Naomh agus an Bandia págánach. Beidh oilithreacht go dtí Tobar Bhríde, atá suite sa cheantar chomh maith, ar an Luan.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    margadh trádála - trade deal

    Céad-Aire - First Minister

    cruinniú éigeandála - emergency meeting

    geilleagar - economy

    ómós - homage, respect

    cleamairí - strawboys, biddy boys, mummers

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh orthu sa bhreithiúnas idirlinne seo, ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú, rud a shéanann na hIosraelaigh go láidir. Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas, ach cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte. Cumadh an Coinbhinsiún um Chinedhíothú sa bhliain 1948, de dheasca na n-ionsaithe uafásacha a rinneadh ar Ghiúdaigh agus ar ghrúpaí eile le linn an Dara Cogadh Domhanda.

    I gcúirt eile i Nua Eabhrac Dé hAoine, bronnadh $83.3m ar E Jean Carroll ina cás clúmhillte i gcoinne Donald Trump. Tá sí le fáil $18.3m mar chúiteamh as damáistí, chomh maith le $65m mar chúiteamh pionósach. Níor ghlac Trump leis an bhreithiúnas, agus mhaígh sé go raibh feachtas géarleanúna ar siúl. Scríobh Carroll alt don iris New York cúig bliana ó shin inar nocht sí gur éignigh Trump í sa bhliain 1996, agus ghlac giúiré agus breitheamh leis go raibh na líomhaintí seo fíor. Níor chuir sin as do Trump, áfach, agus lean sé ar aghaidh ag clúmhilleadh Carroll go minic.

    Tá an banna ceoil conspóideach Kneecap i ndiaidh gradam an lucht féachana a bhaint ag an fhéile scannán Sundance in Utah. Ba é an chéad scannán Gaeilge a léiríodh ag Sundance, agus rinneadh comparáid leis an scannán Trainspotting i léirmheas amháin i Meiriceá. Cheannaigh Sony Picture Classics na cearta chun an scannán a dháileadh i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Eoraip agus sa Mheánoirthear. Tá an banna conspóideach as na tagairtí a dhéanann siad do dhrugaí agus do chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éirinn, ach ag an am chéanna tá sé áitithe acu nach bhfuil aon teachtaireacht sheicteach ina gcuid ceoil.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    breithiúnas idirlinne - interim judgement

    inchreidte - plausible

    cás clúmhillte - defamation case

    feachtas géarleanúna - witch hunt

    gradam an lucht féachana - the audience award

    teachtaireacht sheicteach - sectarian message

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneach nó reiligiúnach a scriosadh i bpáirt nó san iomlán" faoin gCoinbhinsiún um Chinedhíothú 1948. Dhiúltaigh Iosrael na héileamh go láidir. Is dócha go dtógfaidh sé blianta chun cinneadh ar an gcúiseamh a fháil sa chúirt. Mar sin, d’iarr an Aifric Theas ar an CBI roinnt beart sealadach a thógáil, an chéad cheann chun “stad láithreach a chur ar oibríocht mhíleata Iosrael in agus i gcoinne Gaza”. D’áitigh dlíodóir ar son Iosrael nach raibh aon bhunús dlí ag an mbeart agus go bhfágfadh sé Hamas saor le gníomhú. I gcinneadh conspóideach, dhiúltaigh rialtas na hÉireann tacaíocht a thabhairt don Aifric Theas sa chás ach tá abhcóide Éireannach, Blinne Ní Ghrálaigh, ag déanamh ionadaíocht ar son na hAifrice Theas. Rinne sí cur síos sa chúirt ar an “uafás de chinedhíothú i gcoinne mhuintir na Palaistíne”. In 2021 bhí Blinne Ní Ghrálaigh ina habhchóide nuair a fuair Conradh na Gaeilge i Londain an deis idirghabháil a dhéanamh san achomharc i gcás chlann Margaret Keane, nár bhfuair cead teachtaireacht Ghaeilge ar leac uaighe a máthair. Bhí an bua acu san achomharc.

    Fuair níos mó ná 21,000 saoránach Éireannach Víosa Saoire Oibre na hAstráile idir mí Iúil 2022 agus mí na Bealtaine 2023 de réir figiúirí a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Baile san Astráil. Sin an
    líon is airde a taifeadadh le 16 bliana ar a laghad. Ardú 105% atá i gceist i gcomparáid leis an mbliain roimhe, ach bhí laghdú ar na figiúirí i rith na paindéime. Le haghaidh comparáide, deonaíodh 11,077 víosa i rith na tréimhse céanna idir 2018 agus 2019, roimh na paindéime. Ní fhacthas an méid seo eisimirce ó ard an chúlaithe eacnamaíochta in 2008 agus deir saineolaithe go bhfuil siad ag tnúth le níos mó daoine fós ag lorg víosa i mbliana, agus tuarastail níos airde agus caighdeán maireachtála níos fearr san Astráil ag mealladh daoine óga ó Éirinn.


    In 2023 mheall TG4 an sciar is mó den lucht féachana náisiúnta don chainéal ó bhí 2009 ann. Bhí 2.09% den lucht féachana in Éirinn ag TG4 anuraidh, ardú ó 1.96% an bhliain roimhe agus an céatadán is mó ó 2009, nuair a bhain siad 2.6% den lucht féachana amach. 2023 san áireamh, ba é an ceathrú bliain leanúnach inar tháinig ardú ar chéatadán den lucht féachana a bhí ag an gcainéal. Ba é TG4 an seachtú cainéal is mó sa tír ó thaobh lucht féachana de in 2023 fosta. Maidir leis na figiúirí atá foilsithe ag TG4 d’fhéach 3.67 milliúin daoine ar TG4 i rith na bliana. Bhí mí na Nollag ar an mí is rathúla don chainéal agus mheall an Cluiche Ceannais na Sraithe Peile idir Gaillimh agus Maigh Eo, an líon is mó daoine ag TG4 in 2023. Seoladh cainéal nua do pháistí ‘Cúla4’ anuraidh agus dúirt Ard-Stiúirthóir TG4 Alan Esslemont go raibh an-bhliain acu in 2023.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Coinbhinsiún um Chinedhíothú 1948 - Genocide Convention 1948

    idirghabháil - intervention

    achomharc - appeal

    ard an chúlaithe eacnamaíochta - the height of the recession

    caighdeán maireachtála - quality of life

    lucht féachana - audience

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain 2024. Bhí an bhliain 2023 1.48C ní ba theo ná an meán fadtéarmach agus bhí an mheánteocht in 2023 0.17C ní b'airde ná mar a bhí in 2016, an bhliain ba mheasa ó thaobh an teasa dhomhanda roimhe seo. Tá figiúr na bliana seo caite cóngarach don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint. Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.
    Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de na ceantair Ghaeltachta. Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí an daonáirimh nua, nach bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát. De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail. Idir Daonáireamh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 32 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile. De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Carna agus Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge de ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
    Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar gheall ar chuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht, agus bhí go leor scriosta ó thaobh airgid de. Shínigh níos mó ná milliún duine achainí ag iarraidh go ndéanfaí an CBE a bhaint de Ms Vennells i ndiaidh chlár teilifíse ITV a tháinig amach ag tús na míosa. I ráiteas, dúirt Ms Vennells, a bhí ina príomhfheidhmeannach ar Oifig an Phoist idir 2012 agus 2019, gur "éist sí" leis na fo-mháistrí poist agus le daoine eile ag iarraidh uirthi a CBE a thabhairt ar ais. “Tá fíor-bhrón orm as an léirscrios a rinneadh do na fo-mháistrí poist agus dá dteaghlaigh, a raibh a saol stróicthe as a chéile de bharr iad a bheith cúisithe go mícheart agus iad a ionchúiseamh go mícheart mar thoradh ar chóras Horizon.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réamhthionsclaíoch - pre-industrial

    i ndán dúinn - in store for us

    toghroinn - electoral division

    céatadán - percentage

    fo-mháistrí poist - sub-postmasters

    stróicthe as a chéile - ripped apart

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhaidh go dtarlódh súnámaí. Deineadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus bhí gearradh cumhachta in áiteanna. Tar éis na gcreathanna, tharla tine mhór in Wajima. Toisc go raibh an crith talún 7.5 ar an scála déine sheismeach, cuireadh comhartha rabhaidh faoi shúnámaí amach chomh fada le hOirthear na Rúise. Ach an lá dár gcionn bhaineadar é mar níor dhein an crith talún na tonnta chomh hard is a cheapadar. Tá na gardaí, comhraiceoirí dóiteáin agus fórsaí cosanta ag measúnú an damáiste atá deánta. In aerphort Haneda, bhuail Aerlíne na Seapáine agus eitleán de chuid na ngardaí cósta i gcoinne a chéile. Bhí na gardaí cósta ag tabhairt earraí go dtí an ceantar a bhuail an crith talún. Tháinig 379 duine slán as Aerlíne na Seapáine a chuaigh trí thine ar an rúidbhealach ach fuair cúigear bás ar eitleán na ngardaí costa.

    Ag oráid Oíche Chinn Bliana, d’fhógáir Banríon na Danmhairge Margrethe a dó go mbeidh sí ag tabhairt suas na corónach ar an 14ú lá de mhí Eanáir. Deineadh banríon di 52 bliain ó shin nuair a cailleadh a hathair Rí Frederik IX in 1972. Dúirt sí go mbeidh a mac Prionsa Frederick ag teacht i gcoróin. Ag 83 bliain, is í an bhanríon is sine atá gníomhach san Eoraip faoi láthair. Tar eis obráid a bhí aici ar a droim, bhí sí ag cuimhneamh ar an todhchaí agus ar an gcúram a thabhairt don chéad ghlúin eile. Beidh Frederick ina rí ar an Danmhairg, ar an nGraonlainn agus ar Oileáin Fharó. Beidh a bhean chéile Mary, a rugadh san Astráil, mar bhanríon aige.

    Baineadh éacht amach sna cluichí dairteanna nuair a d’éirigh leis an déagóir Luke Littler áit a bhaint amach i gCluiche Ceannais Chraobh an Domhain i bPálás Alexandra i dtuaisceart Londan. Ba é an chéad uair riamh a bhí duine chomh óg chomh fada ar aghaidh sa chomórtas. Bhí Littler ag imirt i gcoinne Luke Humphries, a bhí sa triú háit i rangú Chorporáid Phroifisiúnta na nDairteanna. Ag an gcluiche ceannais, bhí Littler ceithre sheit go dhá sheit chun tosaigh ach fuair Humphries an lámh in uachtar air nuair a d’éirigh leis 7 seit go 4 sheit a aimsiú agus an comórtas a bhuachtaint. D’ardaigh sé go huimhir a haon sa rangú tar éis an chraobhchomórtais. Fuair Humphries duais £500,000 agus bhuaigh Littler £200,000. Beidh an bheirt imreoirí ag glacadh páirt i bpríomhshraith na ndairteanna i mbliana.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Lá Caille - New Year's Day

    eipealár - epicentre

    coróin - crown

    an todhchaí - the future

    rangú - ranking

    príomhshraith - premier league

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 30 lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
    Maraíodh níos mó ná 200 duine le buillí Iosraelacha le linn 24 uair i lár na seachtaine, de réir na Roinne Sláinte atá faoi riarachán Hamas. Dúirt an Roinn Sláinte go raibh líon na bPalaistíneach maraithe sa chogadh go dtí seo ag níos mó ná 21,000 duine – beagnach 1% de dhaonra na Palaistíne. Tá eagla ann go bhfuil na mílte duine slogtha nó caillte faoi na fothracha go fóill. D’fhógair Iosrael go mairfidh an cogadh in aghaidh Hamas míonna fós, agus é ag leathnú a ionsaí talún go campaí dídeanaithe Palaistíneacha i lár Gaza.
    Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh méadú iontrálacha ospidéil mar gheall ar ardú “an-ghéar” i líon na gcásanna covid agus fliú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag feiceáil méadú na ndaoine a bhfuil tinneas riospráide orthu ag freastal ar rannóga éigeandála. Chonacthas 538 duine le fliú agus 282 duine le covid sna seomraí éigeandála – ardú ó 312 le fliú agus 144 le covid an tseachtain seo caite. Dúirt an Dochtúir Éamonn O’Moore, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Chosaint Sláinte, “Tá an t-athraitheach nua JN.1 ag teacht ina phríomh-thréithchineál gan mhoill.”
    De réir Dhaonáireamh 2022, féadann 1/10 duine an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith, agus féadann 32% í a labhairt go maith. Sa phobal atá thar trí bliana d’aois, féadann beagnach 1.9 milliún daoine an Ghaeilge a labhairt, méadú os cionn 6% nó 112,500 ó tharla an Daonáireamh in 2016. Is iad na ceantracha ina bhfuil an líon is mó cainteoirí laethúla An Bun Beag i nDún na nGall agus An Cheathrú Rua i gConamara. Taispeánann na figiúirí go bhfuil 106,000 daoine ag cur fúibh i gceantracha Gaeltachta in Aibreán 2022, ardú 7% nó 6,600 daoine i gcomparáid le Aibreán 2016.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fothracha - ruins

    campaí dídeanaithe - refugee camps

    iontrálacha ospidéil - hospital admissions

    tinneas riospráide - respiratory illness

    rannóga éigeandála - emergency departments

    Daonáireamh - Census

  • Nuacht Mhall. Príomscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éis na mílte crith talún, agus bhí gach duine de mhuintir Grindavik bogtha amach as an gceantar cheana. Is minic a chuir brúchtaí bolcáin san Íoslainn isteach ar Éirinn san am atá thart, ó thagairtí do “shneachta nimhneach” sna hAnnála, go 2010 nuair a phléasc an bolcán Eyjafjallajökull agus chuir a scamall luatha stop le haerthaisteal ar feadh breis agus seachtain. An babhta seo, toisc nach bhfuil an bolcán nua faoi oighearshruth, níl baol mór ann faoi láthair go nginfidh sé scamall mór luatha.

    Tá an comhlacht Primark tar éis leithscéal a ghabháil as rá le fostaí dá gcuid nár chóir di geansaí Nollag a chaitheamh ar a raibh “Nollaig Shona” scríofa as Gaeilge. Dúirt Primark nach raibh aon pholasaí acu i gcoinne na Gaeilge ar éadaí fostaithe. Bhí an fostaí ag obair i siopa ar an Ascaill Ríoga i mBéal Feirste, agus tuairiscítear gur dúradh léi go raibh seans ann go gcuirfeadh an Ghaeilge olc ar dhaoine éagsúla, agus freisin go mbeadh cead aicí eadaí a raibh ráiteas Spáinnise orthu a chaitheamh, acht go raibh cosc ar an nGaeilge. Dúirt Primark go bhfuil sé i gceist acu ionad oibre ionchuimsitheach a bheith ann.

    Tharla grianstad an gheimhridh an tseachtain seo, Déardaoin. Tháinig slua ar maidin chun éirí na gréine a fheiceáil ag Sí Bhrú na Bóinne. Bhí buíon beag daoine ádhúla taobh istigh den Sí féin, agus iad ag fanacht leis an gcéad gha solais a fheiceáil ag taitneamh trí bhosca dín an tSí isteach sa seomra adhlactha. Faraor, bhí scamaill ísle ar fhíor na spéire, agus níor bhris an ghrian amach go dtí a ceathrú uair a' chloig tar éis a héirí, am a bhí ródhéanach chun an seomra adhlactha a shoilsiú. Mar sin féin, shroich an solas an pasáiste, agus dar le Laura Dillon agus le Juan Farado, beirt de bhuaiteoirí an chrannchuir chun a bheith istigh sa Sí, bhí sé an-draíochtúil.

    *

    GLUAIS

    screamh - crust

    gág - fissure

    oighearshruth - glacier

    ionchuimsitheach - inclusive

    bosca dín - roof box

    seomra adhlactha - burial room

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Saighdiúir F a chur chun trialach, agus dúirt go raibh sé i bhfad ag teacht. Scaoileadh 13 dhuine marbh agus gortaíodh 15 eile ar a laghad nuair a thosaigh baill de Reisimint Pharaisiúit Arm na Breataine ag lámhach ar agóideoirí cearta sibhialta ar Thaobh an Bhogaigh breis is 51 bliain ó shin. Foilsíodh tuarascáil Saville, a chruthaigh go raibh an locht ar na saighdiúirí Briotanacha, sa bhliain 2010, ach níor cuireadh duine ar bith chun trialach chuige seo. Níl dáta don triail socraithe fós.
    Den chéad uair riamh, d’aontaigh na Náisiún Aontaithe glao ar aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide. De réir an chomhaontaithe, geallann an 200 tír a ghlacann leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile nó éirí as breoslaí iontaise de réir a chéile. Dúirt Aire Comhshaoil na hÉireann, Eamon Ryan, gur léirigh an comhaontú gur féidir le náisiúin “aontú fós” agus oibriú le chéile i ndomhan atá roinnte agus ag cogadh. Cháin ionadaithe eile an margadh mar rud atá ró-lag, agus dúirt Uachtarán COP 28, atá ina phríomhfheidhmiúchán i gcomhlacht náisiúnta ola agus gáis Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, go leanfaidh an comhlacht sin ar aghaidh le hinfheistíocht i mbreoslaí iontaise.
    Táthar ag súil go dtabharfar borradh mór airgid do chluichí Gaelacha tar éis an tsíntiús is déanaí ón mbilliúnaí Luimnigh JP McManus. Tháinig sé chun solais maidin Déardaoin go bhfuil McManus, atá ag tacú le CLG le fada an lá, le €1 milliún a bhronnadh ar gach contae in Éirinn, le dáileadh go cothrom ar eagraíochtaí CLG, LGFA agus Camógaíochta. Dúirt cathaoirleach CLG Luimnigh Séamus McNamara gur “deontas thar a bheith flaithiúil” a bhí ann. Tá daoine eile, áfach, tar éis labhairt amach faoi chás cánach McManus, a ritheann a ghnó ón Eilvéis. “Tríd an daonchairdeas is féidir leat na tionscadail is fearr leat a mhaoiniú,” a dúirt Jennifer Whitmore TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, “Ach is é an cuspóir a bhaineann le cáin a íoc ná íoc as bunseirbhísí poiblí, rudaí amhail séarachas, seirbhísí uisce, oideachas agus sláinte, b’fhéidir nach bhfuil siad chomh mealltach mar bheart caidreamh poiblí ach a bhfuil an tír á rith orthu.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    dúnmharú - murder

    agóideoirí cearta sibhialta - civil rights protestors

    roinnte - divided

    príomhfheidhmiúchán - chief executive officer

    daonchairdeas - philanthropy

    séarachas - sewerage

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey.

    Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifig tar éis na dianghlasála. Dhiúltaigh sé freisin d’éilimh go raibh fadhb ag baint leis an gcultúr ag Downing Street, agus dúirt go raibh fadhbanna ann ó am go chéile ach nach raibh aon olc ann. Dúirt sé nach féidir leis a mhíniú cén fáth a ndeachaigh roinnt teachtaireachtaí WhatsApp ar iarraidh óna sheanfhón, ach deir sé nár scrios seisean iad. Tháinig gártha magaidh ón lucht agóide agus é ag fágáil an fhiosrúcháin.

    Tháinig roinnt gnólachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear Google, TikTok agus Meta, os comhair an Oireachtais Dé Céadaoin chun ceisteanna a fhreagairt faoina bhfreagairt ar chíréibeacha Bhaile Átha Cliath. Dúirt ionadaí ó TikTok, mar shampla, gur ghníomhaigh sé a phrótacail um bainistiú géarchéime chun scaipeadh na mífhaisnéise a chosc. Mar sin féin theip ar X, ar a dtugadh Twitter roimhe seo agus atá faoi úinéireacht Elon Musk anois, a bheith i láthair. Bhain na ceisteanna le héilimh gur scaipeadh faisnéis bhréagach agus glaonna foréigin go tapa ar an ardán roimh na círéibeacha agus lena linn. Tharla sé seo in ainneoin iarratais ó na Gardaí. Mar fhreagra air sin, mhaígh X nach ndearna na Gardaí teagmháil fhoirmiúil leis go dtí laethanta i ndiaidh na gcíréibeacha agus thairg sé freagra a thabhairt trí litir nó le linn seisiún príobháideach ina ionad sin.

    D'fhreastail ionadaithe ó bheagnach dhá chéad tír ar COP 28 an tseachtain seo in Dubai. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil ag éirí leo i gcomparáid leis na spriocanna a bhí acu roimhe seo, agus pleananna don todhchaí. D’iarr Mary Robinson, iarUachtarán na hÉireann, go gcuirfí deireadh le breoslaí iontaise de réir a chéile, tar éis d’uachtarán COP 28 a rá léi nach raibh aon eolas ar fáil ina ndeirtear go mbainfeadh sé aon phonc a cúig chéim celsius amach. Chomh maith le bheith ina uachtarán ar an gcruinniú mullaigh, tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha freisin. Tá an Líonra um Ghníomhaíocht Aeráide, an comhrialtas is mó ar domhan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha aeráide, tar éis aird a tharraingt ar an líon brústocairí breosla iontaise a d’fhreastail ar an gcruinniú mullaigh i mbliana.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fiosrúchán - inquiry

    gártha magaidh - jeers

    bainistiú géarchéime - crisis management

    faisnéis bhréagach - false information

    ionadaithe - representatives

    brústocairí breosla iontaise - fossil fuel lobbyists